Nach Deas É – Canathaobh ná múnann an chearc?

Ó tháinig leanaí don tigh chugam, tugaim mé féin fé ndeara agus nathanna a chualas féin nuair a bhíos im imeachtaí beag linbh á spalpadh agam leo. Thabharfá an leabhar agus tú id’ leanbh nach mbeadh aon dealramh fén spéir agat led’ thuismitheoirí nuair a bheifeá féin i mbun tí agus teaghlaigh, ach féach gur […]

Nach deas e? travolta

Ó tháinig leanaí don tigh chugam, tugaim mé féin fé ndeara agus nathanna a chualas féin nuair a bhíos im imeachtaí beag linbh á spalpadh agam leo. Thabharfá an leabhar agus tú id’ leanbh nach mbeadh aon dealramh fén spéir agat led’ thuismitheoirí nuair a bheifeá féin i mbun tí agus teaghlaigh, ach féach gur fé mar a shiúlann an portán críonna is ea shiúlann an portán óg.

Bheifeá bunchiaptha ag na ceisteanna ós na leanaí ar uairibh, ón gcéad uair atá siad in ann aon ní a thuiscint. Canathaobh é seo agus cad fáth é siúd. “Canathaobh go bhfuil uisce fliuch?” agus “canathaobh nach bhfuil cead agam mo lámh a chur isteach sa tine?” agus “canathaobh nach dtiteann an faoileán anuas ón spéir?” De ghnáth bheadh seacht gcúraimí an tsléibhe ort agus tú damanta ag na ceisteanna seo, agus gan aon fhonn ort rudaí a mhíniú dóibh. B’amhlaidh a bhí inár dtigh-ne an lá eile agus deireadh m’fhoighne caite. Chuala nath ag teacht amach as mo bhéal ná raibh cloiste agam ó bhíos féin beag: “Canathaobh ná múnann an chearc?”

Ana-cheist chun stad a bhaint as an leanbh, mar ní bheadh de fhreagra acu ach “n’fheadar”, agus ní dócha go dtuigfidís an cheist chuige. Tá deireadh curtha agat leis an gcomhrá led’ cheist.

Canathaobh ná múnann an chearc? Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach Deas É – Canathaobh ná múnann an chearc?'

  • Niall Ó Flatharta

    nótáltha ar fad!