Nach deas é? Cad a dhéanfadh mac na halfraitse ach beart truaigh?

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Cad a dhéanfadh mac na halfraitse ach beart truaigh?

Ceann de na focail is deise liom sa teanga seo againne ná ‘alfraits’. Téarma is ea é a bhíodh ar bharra gach teanga i gCorca Dhuibhne tamall, ach ní minic a chloistear a thuilleadh é.

Cladhaire, leathamadán, drochdhuine nó duine neamhiontaobhach is ea an alfraits, duine ina mbeadh meascán den tsimplíocht agus den ndíobháil. D’fhéadfá é a úsáid i dtaobh ainmhí chomh maith – alfraits as a chúl is ea an capall, nó an tarbh as a adharca agus an madra as a bhéal –  nó i dtaobh ruda – b’fhéidir go mbuailfeadh bladhm tú ó alfraits tine ná beadh aon smacht air, nó go mbéarfadh alfraits gaoithe do dhrárs leis ód’ líne suas go barra an mháma.

Ach is leis an duine is mó a úsáidtear é mar théarma. Seachain tú féin ar an alfraits, mar ní féidir aon iontaoibh bheith agat aisti. Is cosúil go leanann tréithe na halfraitsíochta ó ghlúin go glúin; “cad a dhéanfadh mac na halfraitse,” adeirtear, “ach beart truaigh.”

N’fheadar cad as a thagann sé, ach deir an Duinníneach linn go mb’fhéidir gur ón seanfhocal Béarla ‘fratch’, nó duine teasaí, a thagann sé.

N’fheadar an ritheann aon alfraits libh?

Cad a dhéanfadh mac na halfraitse ach beart truaigh?

Nach deas é?