Nach deas é – Boidín Bardail

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e?

Faraor is rómhinic a bhíodh fir flaithiúil faoina gcuid síl agus gan iad chomh gnaíúil céanna faoi chúram ná costas a bpáiste. Ar ndóigh níor lean pobal, eaglais ná stát na haithreacha bradacha seo agus níor cuireadh dualgas ná milleán orthu go poiblí agus an mháthair bhocht a bhí curtha ‘ó chrích’ a d’íoc an téiléireacht. Is léir ó na hainmneacha a thugtaí ar na páistí sin, leanbh fraoigh/tuí/soip/suirí nach in aon áras róshómasach a ghintí iad. Féach ina dhiaidh sin go raibh a leithéid d’athair baiste go beacht ag an bpobal – boidín bardail. Ní hé sin an ball is mian le haon fhear a laghdú leis an ‘ín’ sin a bhfuil suarach chomh coitianta mar chiall leis agus atá geanúil agus tá a fhios ag Dia nach tamall fada a bhíonn ón mbardal lena chuid a dhéanamh.

Nach deas é – boidín bardail