Nach deas é? Bhí sé ina chaonaí…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí sé ina chaonaí…

Bheadh trua agat do Bhrendan Griffin bocht. Nocht sé a thuairim i dtaobh an Taoisigh le déanaí agus má cheap sé go raibh duine nó daonnaí eile ina pháirtí a thacódh leis agus a sheasfadh an fód fairis, bhí dearúd air. Bhí sé fé mar a bheadh meisceoir Sasanach ag comórtas sacair a déarfadh lena chairde ‘seo, tabharfaimid téipeáil agus crústáil don nduine seo thall’. Ach nuair a iompaíonn sé timpeall tar éis dó an chéad slais a tharrac bíonn a chairde ar fad bailithe leo uaidh.

Bhí sé ina chaonaí aonair.

Aonarán nó aonarach, is ea an caonaí. D’úsáid mórlaoch Chorca Dhuibhne, Piaras Feiritéar, an focal úd ‘caonaí’ sa rann a cheap sé nuair a bhí na Sasanaigh ar a thóir agus é dulta i bhfolach sa phluaisín san Oileán Tiar ar a dtugtar Scairt Phiarais:

‘A Dhia atá thuas an trua leat mise mar táim,

Im’ chaonaí uaigneach nach mór go mothaím an lá,

An braon atá thuas ar uachtar leice go hard,

Ag titim im’ chluais is fuaim na toinne lem’ sháil.’

Ach fág Piaras tamall agus ragham ag trácht ar chaid is ar chamáin. Tá ana-thrácht sa dá spórt ar an gcosantóir breise a bhíonn ag imirt thiar ina aonar, an fear deiridh idir an líne lánchúil agus an báideoir. Tugtar ‘an scuabadóir’ ar an bhfear sin, agus cuireann an t-abláil útamálach de phraistriúchán Béarlachais an phip agus saidhleam orm. Go deimhin dhuit, cuireann sé soir mé. Ach cloisim go bhfuil téarma ag duine d’iarthráchtairí spóirt RnaG atá seacht mbabhta déag is trí fichid níos deise mar ainm ar an gcosantóir aonair úd.  Cad é? An Caonaí.

Anois a thráchtairí na linne seo – caithigí uaibh an liobar de ‘scuabadóir’ agus déanaigí ‘Caonaí’ a chraobhscaoileadh!

An caonaí. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí sé ina chaonaí…'

  • x

    is maith liom fein ‘scuabadoir’ mar sceach i mbeal bearna sa chas seo. is chuige an scuabadoir an sliotar (ni thractaim ar an lupadail lapadail eile sin) a scineann tris na mogaill ag a chomhimreoiri eile no a ghluaiseann da ndroim tharstu siar a ghlanadh de mhaoil an bhaige amach go beo. a phaiste fein a chosaint ar ais no ar eigin.
    gan dabht d’fheadafai duine a scuabadh leis, rud a d’fhagfadh scuabtha go maith e. an fear a dheanfadh amhlaidh nach ‘scuabadoir’ a thabharfai air?

  • x

    a ghluaiseann da ndroim siar, a ghlandh…………………agus ‘ar ais no ar eigean’ ….is mairg don te a scriobhann nota mar sin agus e fe thionchar an oil….thiar i mbundun dearg na hoiche

  • x

    Cad is bun leis an bpiothal sin a bheith sa phictiur anuasana?