Nach deas é? Bhí neart glafaireachta aici…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí neart glafaireachta aici…

Níos minice ná a chéile, is é an faisean atá inniu ann, faraor, aistriú díreach go Gaeilge a dhéanamh ar chuid de na nathanna atá réasúnta nua-aimseartha sa mBéarla. “Cac an Tairbh”, agus a leithéidí atá i gceist agam.

Ach oiread le formhór a glúine, ba bheag eascaine ná droch-chaint a bhíodh le cloisteáil ó bhéal mo mháthar, ach níorbh shin le rá nach raibh focail acu ar fad a bhí i bhfad níos saibhre ná cinn an lae inniu.

Thug cara scoile de chuid mo mháthar aghaidh ar Mheiriceá fadó agus í ina cailín an-óg. Ní raibh mórán bliain dá bhfillfeadh sí nach dtugadh sí cuairt ar an teach s’againne agus chaitheadh an bheirt uaireanta an chloig ag caint ar laethanta a n-óige.

Bhíodh fíorchaoin fáilte ag mo mháthair roimpi i gcónaí, ach bhíodh aon rud amháin a chuireadh droim chantail i gcónaí ar an mbean sin againne – an drochmheas a bhíodh ag an imirceach ar an tír a d’fhág sí ina diaidh agus an moladh as cuimse a bhíodh aici ar na Státaí.

Tráthnóna amháin ní raibh an cuairteoir ach tar éis dul an doras amach nuair a tháinig mise isteach.

“Níl ann ach go bhfuil an Poncánach imithe,” a deir mo mháthair.

“Céard a bhí le rá aici sin?,” a deirimse.

“Bhí…..neart glafaireachta,” an freagra a fuair mé.

Glafaireacht – bladar, gaisce, ag déanamh mórtais.

Nach deas é?