Nach Deas É? ‘Bhí na’ haon raid agaibh’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Withnail

Tamall de bhlianta ó shin bhíos thiar i gCom Dhíneoil maidin, agus ana-thrua agam dom féin tréis spraoi óil na hoíche aréir – oíche shúgach agus eadra brónach. Má bhí, ní raibh aon trua ag éinne eile dhom. Ghabh fear a’ tí chugam-  fear a bhí chomh deisbhéalach chomh líofa de dhuine is a tharraig péire drárs aníos ar fhéinig riamh- thug sé aon fhéachaint amháin orm agus dúirt:

“Bhí gleo i dTigh Khrúgair aréir agaibh. Bhíomhair ‘mithe mírialta.”

“Bhí a chroí”, arsa mise.

“Bhí go deimhin. Bhí na’ haon raid agaibh.”

Focal is ea ‘raid’ a shamhlófá le hainmnithe, le capaill, asail agus miúileacha go háirithe, ó is é sin an gníomh a dheinid nuair a chiceálann siad a gcosa deiridh uathu. ‘caitheamh, ciceáil nó buaileadh’ atá ag an nDuinníneach air, agus ‘speachta, buailte leis na crúbaibh deiridh: éirighthe chun stailce is tuaisceartachta’ atá ag Seán a’ Chóta ar ‘raidte’.

Ba dhiail an tsamhail í – go raibh oiread san cuileachtan, craice, gleo agus anama ionainn sa phub go rabhamar ag hapadaíl agus ag raideadh ar nós scata bromach nó capall róidió.

Tamall maith de bhlianta ó shin d’éiríos amach as an leaba, mé go doimhin sna hearasaí agus chuas don chistin. Bhí an seana-warrior ansiúd romhainn. D’aithin sé ar mo chuma is ar mo chuntanós go raibh ana-speatar de spraoi déanta agam le cúpla lá.

“Raidis a’ chairt ar fad an tseachtain seo” ar sé sin.

“Dhera níor dhein,” arsa mise go truamhéalach.

“Dhein is é. Tá na cláracha curtha tríthi amach ar fad agat.”

An chéad oíche eile a bheidh na’ haon raid agaibh le barr cuileachtan, ná dein an tarna agus an tríú oíche dho nó beidh an chairt raidte ar fad agaibh.

Bhí na’ haon raid agaibh. Nach Deas É?