Nach deas é? An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Karate

Is beag tuar dóchais is aoibhne liom san earrach ná na nóiníní bána agus méileach agus pramsáil mheidhreach na n-uan. Bhogfaidís croí cloiche. Bíonn na máithreacha sáraithe ag na huain ag iarraidh a dhul ag spraoi agus iadsan amplach ag féar glas. Tá nath deas againn  a déarfá le hainbhiosán nó gnaithí gan iarraidh éigin a ghabhfadh ag inseacht do ghnó duit nuair an fhearr do scil féin sa scéal ná aigesean – an t-uan ag múineadh méilí dá mháthair. Bhainfeá leas as freisin dá bhfeicfeá duine ag cur comhairle ar dhuine eile faoi sheiftiúlacht éigin a bhfuil sé ina mháistir uirthi cheana agus fonn ort a rá ‘cé leis a mbeifeá ag caint!’.

Nach deas é? An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair

Fág freagra ar 'Nach deas é? An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair'