Nach deas é? ‘An bhfuil pachanna Pharóiste Múrach imithe abhaile fós?’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? little rascals

Is ón leabhar iomráiteach le Maidhc Dainín Ó Sé, A Thig ná Tit Orm, a tógadh an líne thuas. Tá sé sa chaibidil iontach sin faoi shuirí na gcoláistí Samhraidh.

Sé an focal ‘pachanna’ atá idir chamáin agam agus ní haon chomhtharlúint é gur údar ó Pharóiste Múrach a scrígh an líne sin,  agus gur le muintir an pharóiste céanna (mo pharóiste féin) a caitheadh é go maslach. Nach ait é go mbeadh nath sa cholún seo ó théacs iarbhunscoile; focal a d’fhéadfadh a bheith ar bharr a ghoib ag scoláire óg agus nach bhfuil in aon fhoclóir.

Níl aon radharc air in aon cheann de na foclóirí agus deir na saoistí in Iarthar Duibhneach liom gur sna tríochaidí a tosnaíodh á úsáid go réasúnta forleathan le cur síos a dhéanamh ar mhuintir Pharóiste Múrach. An uair úd, agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh, bhíodh drochtheist na bruíne agus an toirmisc ar mhuintir an pharóiste is iad ar tionól nó ar chomhthalán. Cleas a bhíodh ag liúrach, ag béiceach is amadántaíocht lena chois sin. Níor bhithiúnaigh amach is amach iad ach ní rabhadar i bhfad as ag an am céanna.

Bhí an bean tí i gcuntas Mhaidhc clipthe ag buíon ógánach a bhí ag alfraitsíocht agus ag liúrach fad is a bhíodar ag faire ar a seans le cailíní an tí. Masla paróistiúil, pointeáilte ba ea é ó bhean Pharóiste na Cille do rógairí an pharóiste in aice láimhe. Ach mar is dual don ‘pach’ tugadh an chluas bhodhar don bhean bhocht.

Féach gurb é an uimhir iolra a úsáidtear de ghnáth óir nach dual don phach a bheith leis féin.

Maireann an focal i gcónaí. Is cuimhin liom féin bheith ar scoil agus múinteoir ón nGaeltacht ag díriú orm tar éis babhta alfraitsíochta á rá go seanbhlastúil; ‘Bhí sé de nós ag muintir Pharóiste Múrach riamh a bheith ag liúrach agus ag béiceach gach aon áit a théann siad.’

Pach a bhí i gceist, cé nach pach a dúradh.

Pachanna mar sin, ní deas iad ach nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘An bhfuil pachanna Pharóiste Múrach imithe abhaile fós?’'

  • padraig

    ‘foch/poch’ an Ghaolainn a d’fhoghlaimiosa ar ‘wasp’ (foiche/foichi in FGB) agus is docha gurb ionann e agus pach’?
    Rud granna cealgach teanntasach aighneastuil a raghadh ceangailte ionat (chuaigh ceann acu isteach im beal nuair a bhios im ghlas-stocach, rud ana-chontuirteach).
    Is ag dordan timpeall ort a bhionn an foch agus i ag iarraidh a gha a chur ionat le teann buile.
    N’fheadar an b’in e an bhri a bhain bean an ti sin as na pachanna sin a bhi ag pilleail (peilteail) timpeall ar na gearrchailli!?
    Bhiodar fe dhair gan dabht.