Nach deas é? Ag válcaeireacht…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Ryans daughter nach deas e!

Bhaineas an-súp as an tsraith Cuimhní ón mBlascaod a craoladh ar TG4 le déanaí. Bhí draíocht ag baint le Gaelainn mhilis bhlasta na rannpháirtithe.

I gcaitheamh an chláir agus duine acu ag cur síos ar chaitheamh aimsire, tagraíodh do válcaeireacht, focal nach bhfuil cloiste agam le tamall maith.

An chéad rud a rith chugam ná na línte as an amhrán Raghadsa is mo Cheaití a chantar go minic in Iarthar Dhuibhneach.

‘Ó, raghadsa is mo Cheaití, ’válcaeireacht amach ar na sléibhte ó thuaidh.’

Ina theannta sin tá sé le feiscint sa scéal ‘An Gadaí Dubh’ ó Bhailiúchán na Scol atá ar dúchas.ie.

Scéal é a bhailigh Eibhlín Nic Gearailt ó Mhárthain ó Ghearaltach eile.

‘Chuadar lá ‘on choill ag siubhal dóibh féin ag bhálcaeireacht.’

Cé go gcítear é litrithe le ‘bh’, go minic is leis an ‘v’ allúrach atá sé litrithe. Mar sin atá ar teanglann.ie agus is é an míniú thíos atá ag dul leis:

válcaeireacht, f. (gs. ~a). (Act of) walking, strolling.

Ag fánaíocht, ag fálróid agus ag spaisteoireacht an míniú atá leis agus is minic go mbíonn baint ag an gcúirtéireacht leis an gcúram, rud is léir ón amhrán, ón scéal agus ó chaint an oileánaigh sa chlár a luaitear thuas.

Ag válcaeireacht. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ag válcaeireacht…'

  • padraig

    Bhí sé sa Bhéarla fén tuath againn agus ‘walking out’ a bhíodh acu nuair is cúirtéireacht a bhí i gceist. Maidir le cúirtéireacht de deirtí i nDúnchaoin agus i Márthain leis ní foláir ‘ag dul ‘on raithnigh’ …..ach bhí dálgas ag roinnt leis an gcúram sin! Is minic a chin ‘páiste gréine’ ón gcúram céanna, im briathar féin. Ach féach nárbh aon phaiste orthu an páiste céanna ach glacadh agus fáilte iomlán áthastúil acu leis, murab ionann agus an focal gránna ón mBéarla atá imithe faoin nGaoluinn anois, leis, faraoir. Dála an scéil is ‘raithneach’ an focal atá ag óige Chonamara agus Mhúscraí ar ‘grass’ an Bhéarla! ‘Bhfuil deargadh agat? ‘
    Nach deas é!

  • Niall Ó Flatharta

    Déarfainn gur minic a bhí sé in a raithneach sna tithe go dtugtaí an ‘páiste raithní’ isteach ann mar thoradh ar shaothar na beirte a bheadh t’réis “dul ‘on raithnigh”. Ní raibh an sean-shaol leath chomh simplí nó chomh tuisceanach is a shamhlaítear ar uairibh.