Nach deas é? Ag rith le brothall…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é?

Roinnt bhlianta siar, in aimsir olltoghcháin, chroch buíon leámhaircí i bParóiste Mórdhach in Iarthar Duibhneach póstaeir shnasta a thug le fios go raibh beirt charachtar ón bparóiste san iomaíocht san olltoghchán. Cúis gháirí chughainn le linn ré an tíogair. Bhí an-chuileachta ag baint leis ag an am agus cad é bús fé.

Faoi dheireadh, fuair na meáin boladh an scéil agus bhí alt in Foinse fé, mar aon le mír ar nuacht an deiscirt ar RnaG. Mar chuid de thuairisc RnaG, cuireadh glaoch ar dhuine díobh siúd a bhí, mar dhea, san iomaíocht sa toghchán, le ráiteas a fháil uaidh. ‘Sé a dúirt sé ná go rabhadar siúd a chroch na póstaeir ‘ag rith le brothall’. Ba dheisbhéalach an leibhéal é agus is fuirist a aithint gur tháinig sé ó bhéal an chainteora dúchais.

Ní fhéadfainn teacht ar ‘rith le brothall’ sna foclóirí, ach seo míniú Uí Dhónaill ar an bhfocal ‘brothall’.

brothall, m. (gs. -aill). 1. Heat, sultriness. I m~ an lae, in the heat of the day. Tá ~ ar an lá, it is going to be an oppressively hot day. 2. Exuberance. Nach ort atá an ~! Aren’t you rather exuberant! (Var: ~án m, brothaíl f)

Tá tuiscint fhorleathan ar an gcéad mhíniú a bhaineann le cúrsaí aimsire. Measaim go bhfuil an nath cainte thuas fréamhaithe go pointe sa dara míniú a bhaineann le teaspach agus spleodar. 

Baineann an nath le cúrsaí aimsire agus talmhaíochta chomh maith, áfach.

In aimsir bhrothaill bhíodh na ba ag teitheadh leo ó na meacha/cuileanna agus iad damanta acu. I dtreo an uisce a théidís dá mb’fhéidir é, le faoiseamh éigin a thabhairt dóibh féin. B’ait an feic é agus deirtí go raibh “na ba ag rith le brothall.” Is as san a d’eascair an nath fé dhaoine a bheith ag rith le brothall.

Mar sin, bíonn teaspach ar dhaoine a bhíonn ag rith le brothall agus rudaí á ndéanamh acu le neamh-mheabhair, iad drochghnóthach de bharr an díomhaointis.

Le barr lúbaireachta a dúradh é le lucht RnaG an lá úd agus ba dheas an sleais é ar lucht crochta na bpóstaer.

Tá sé ag rith le brothall. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ag rith le brothall…'