Na trí ‘S’ ar intinn an rialtais

Tá trí ‘S’ ar intinn an rialtais agus Michael Noonan agus Brendan Howlin ag prapáil chun an Buiséad a fhoisliú an tseachtain seo chugainn

Michael Noonan agus Brendan Howlin; beidh said ag iarraidh an dá thrá a fhreastal ar lá an Bhuiséid
Michael Noonan agus Brendan Howlin; beidh said ag iarraidh an dá thrá a fhreastal ar lá an Bhuiséid

Beidh Michael Noonan agus Brendan Howlin ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus an buiséad á fhógairt acu ar 15 Deireadh Fómhair. Fearacht gach aire airgeadais, ní foláir don bheirt a saothar a bhunú ar stuaim, ar shásamh, agus ar shuíocháin Dála.

Stuaim

Faoi dheireadh na bliana, beidh teacht isteach an rialtais thart ar €6bn níos lú ná a gcaiteachas. Tá laghdú €2bn ar an mbearna molta ag Coimisiún na hEorpa, ag an gComhairle Chomhairleach Bhuiséadach, agus ag forais údarásacha eile. Ní gá cáin a ardú ná caiteachas a ísliú leis an gcuid is mó den laghdú seo a bhaint amach, mar gheall ar neartú an gheilleagair. Ach is léir an rogha lánstuama: beartais a choinneodh an státchiste slán, fiú má athraíonn an léargas. Gheall Michael Noonan nach bhfillfeadh an rialtas ar an gcineál cur chuige a spreag bláthú as cuimse agus cliseadh as cuimse i ndiaidh a chéile. Ach ní foláir a ndúirt sé a chur sa mheá le dhá ‘s’ eile.

Sásamh

Tá ciorraithe agus cánacha breise á síorfhógairt le sé bliana. Táimid go léir tinn tuirseach den ghéire, ach beidh na billí uisce á seoladh chugainn i mí Eanáir. Teastaíonn faoiseamh cánach ó chách, má fhágtar daoine atá dífhostaithe as an áireamh. Ba chóir cuimhneamh mar sin féin ar na freagraí a thug vótóirí i bpobalbhreith Millward Brown a foilsíodh sa Sunday Independent an mhí seo caite. Dúirt 32 faoin gcéad díobh gur cheart don rialtas tús áite a thabhairt don tseirbhís sláinte. Ach theastaigh laghdú ar cháin nó ar an olltáille shóisialta ó 56 faoin gcéad. Agus dúirt gach cúlbhinseoir as Fine Gael a ceistíodh faoin gcáinaisnéis le RTÉ gur airgead breise i bpócaí an phobail an príomhriachtanas.

Suíocháin

Thug vótóirí cic sa tóin do pháirtithe an rialtais, agus don Lucht Oibre go háirithe, sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Beidh deis eile acu a dtuairimí a nochtadh sna fothoghcháin i Ros Comáin/Liatroim Theas agus i mBaile Átha Cliath Thiar-Theas an tseachtain seo, agus i gCeatharlach/Cill Chainnigh go luath. Níl Teachta Dála i dTeach Laighean nach mbíonn ag síorchuimhneamh ar an olltoghchán a reachtálfar in Aibreán 2016 ar a dhéanaí. Ó chuaigh Fine Gael agus an Lucht Oibre i mbun rialtais, bhí géire agus srianta an troika i réim. Thug Fianna Fáil agus Sinn Féin tacaíocht dá chur chuige, fiú agus mionghearáin á ndéanamh acu faoin gcur i bhfeidhm. Anois glactar leis go bhfuil ré an rachmais romhainn, agus vótóirí le mealladh.

Is léir an chontúirt. Mar shampla, vótáil ionadaithe áitiúla na bpáirtithe ar fad i mBaile Átha Cliath i bhfabhar laghdú ar an gcáin ar mhaoin le gairid, ainneoin an fholáirimh a thug bainisteoir na cathrach go gcuirfeadh laghdú 15 faoin gcéad isteach ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean. “Auction politics at its worst” a thug an comhairleoir Ciarán Cuffe ar an gcinneadh. Eisean amháin a vótáil ina choinne. I bhfianaise ar tharla sa tír, oireann ‘s’ eile do scéal ar bith a bhaineann le caiteachas, polaiteoirí agus toghchán: seachain!