‘Ná tabhair faoi chomórtas stánaidh mura bhfhaigheann tú cuireadh sonrach chuige’

Ba é an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a chuir fáilte isteach ar Island Ferries roimh ár gcolúnaí agus a clann agus ba shuimiúil an fógra sábhailteachta aige…

Sean O Cuir
Bréagíomhá le CÓS/Tuairisc.ie

‘Fáilte romhaibh isteach ar Island Ferries, bheimis buíoch díobh ach aird a thabhairt ar an bhfógra gairid sábháilteachta seo,’ a d’fhógair glór réidh ciallmhar réamhthaifeadtha amach thar córas fuaime an bháid. Ba é glór réidh ciallmhar an iarchoimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin a bhí ann. Thug sé sólás dom cuimhniú go mbeadh treoracha soiléire ciallmhara Uí Chuirreáin dár dtreorú chun tarrthála i gcás éigeandála:

‘Ar mhaithe le do chuid sábháilteachta féin agus sábháilteacht na bpaisinéirí eile, iarrtar ar gach duine ar an mbád aird a thabhairt ar na rialacha slándála. Ní cheadaítear éinne ar bord atá faoi thionchar an iomarca alcóil. Cé nach bhfuil miwadi agus ribena luaite go sonrach sna treoracha, is féidir glacadh leis nach gceadaítear mí-iompar faoi thionchar na ndeochanna sin ach an oiread. Ní cheadaítear daoine atá faoi thionchar drugaí mídhleathacha ná cola bottles ná milseáin phingine eile.

Iarrtar ar gach duine meas a bheith acu ar na paisinéirí eile agus gan cur isteach ar éinne eile atá ar an mbád. Tá daoine ann a cheapann go bhfuil sé mímhúinte a bheith ag stánadh siar idir na suíocháin orthu. Ní chuile dhuine ar maith leo comórtaisí stánaidh. Go háirithe má tá siad ag iarraidh mála milseán a ithe ar a suaimhneas. Moltar gan tabhairt faoi chomórtaisí stánaidh ach amháin sa gcás is go bhfaigheann tú cuireadh sonrach chuige.

Má tá duine ag taisteal le hainmhí, le gadhar mar shampla, gach seans go bhfuil a fhios acu go bhfuil gadhar in éineacht leo is ní gá é sin a mheabhrú dóibh go rialta ar feadh an aistir. Tá daoine ann nach miste leo duine éigin a bheith ag cnagadh ar a ngualainn go rialta ag rá ‘gadhar’ agus ag pointeáil ar an ngadhar. Tá daoine eile ann nach maith leo é. Tugtar morán an chomhairle chéanna i gcás faoileáin, éanacha mara eile, rónta, maighdeanacha mara agus ollphéisteanna. Moltar gan cnagadh ar ghualainn na bpaisinéirí eile, ach amháin má tá rud éigin fíorthábhachtach le rá agat leo.

Ní cheadaítear uirlísí troda d’aon chineál a bheith ar iompar ag éinne atá ag taisteal ar an mbád farantóireachta. Áirítear sa liosta seo píosaí de mhaide a aimsíodh ar thaobh an bhóthair, clocha beaga, My Little Ponies, crústaí crua de cháca baile, Lego agus aon ábhar eile a d’fhéadfaí a úsáid mar uirlís cogaíochta.

Iarrtar ar phaisinéirí a bheith ar a n-airdeall agus má tá amhras orthu faoi iompar éinne atá ar bord, é a chur in iúl do chaptaen an bháid, nó don Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.’

Fág freagra ar '‘Ná tabhair faoi chomórtas stánaidh mura bhfhaigheann tú cuireadh sonrach chuige’'