Ná tabhair amadán ná óinseach ar do dheirfiúr!

Is beag nár thacht sí ar an bpíosa ispín a bhí á chogaint aici nuair a chuala ár gcolúnaí an bhéicíl aisteach gan choinne

Bridget idea2

‘Mamaí!’ a bhéic an Cailín Mór Beag amach go tobann mar a bheadh sí buailte ag lasair thintrí is go raibh an leictreachas ag iarraidh éalú amach trína géaga. Shílfeá go mbeadh cleachtadh agam ar bhéicíl aisteach gan choinne faoin am seo. Is beag nár thacht mé ar an bpíosa ispín a bhí á chogaint agam lenar bhain sí de gheit asam.

“Chiceáil an duine buí an liathróid!” a scréach sí ansin agus a corp ar fad righin leis an bhfuadar a bhí uirthi.

Seo’d é anois é, a chuimhnigh mé, tá sí imithe as a meabhair ar fad.  “Cén duine buí atá i gceist agat, a leainín?” a d’fhiafraigh mé di nuair a d’éirigh liom an cnap ispín a chur aníos as mo phíobán.

“An duine buí atá ar an teilí,” a bhéic sí. Níor bhreathnaigh mé siar thar mo ghualainn ar an teilifís. Le faitíos, is dócha, go bhfeicfinn sprid éicint ag damhsa liathróide ar a bharr is go mbeadh orm aghaidh a thabhairt air sula mbeadh an dinnéar ite againn.

Níor chuimhnigh mé go raibh an teilifís fágtha air sa gcoirnéal againn agus tost buailte uirthi an fhad is a bhí an dinnéar á ithe againn. Labhair Beainín na Naíonáin Bheaga agus tuirse ina glór. “Ní hin duine buí,” a dúirt sí, “nach hin ‘weden’, a amadáin,” a dúirt sí.

“Amadán a thabharfá ar bhuachaill,” a dúirt mé go húdarásach, “agus óinseach ar chailín.” Ansin chuimhnigh mé nach hin é an chéad rud ba cheart a bheith ráite agam ar chor ar bith. “Agus ná tabhair amadán ná óinseach ar do dheirfiúr. Agus An tSualainn an Ghaeilge atá ar Sweden.”

Bhreathnaigh sí trasna an bhoird orm agus ba léir gur mheas sí go ndeachaigh an pointe a bhí á dhéanamh aici tharam. “Tá’s a’m!” a dúirt sí, is níor bhain a súile den teiliífs agus í ag caint liom.

Go tobann, bhuail tintreach í féin. ‘Cúl!’ a bhéic sí agus léim sí aníos as a cathaoir. Chaithfeadh gur buaileadh muid uilig leis an tintreach chéanna. Dhírigh muid ar an gcluiche de thoirneach.

“Tá cúl faighte ag Éirinn,” a bhéic sí agus las loinnir áthais ina héadan. Chas sí timpeall ag an gCailín Mór Beag ansin agus chuir lámh timpeall ar a guaillí agus chrom isteach lena cluas. “Sin muide,” a mhínigh sí go cabhrach di, “na daoine glasa.”

Fág freagra ar 'Ná tabhair amadán ná óinseach ar do dheirfiúr!'