Ná stadadh san iad ó bheith ag taibhreamh ar laethanta geala an tsamhraidh…

Is mór a deir gur beag seans ar Sam atá ag roinnt mhaith contaetha ach ní lú díocas ná dílseacht a lucht leanúna dá bharr

The Dublin team celebrate 20/9/2015

Tá ceo brothaill luite anuas anseo i gCorca Dhuibhne orainn le roinnt laethanta. Do lucht déanta scannán is fearr é, ní foláir, mar pé airgead atá caite ag Disney Lucasfilm ar Star Wars ag coimeád lucht na bradaíola agus na gliúcaíola amach, deinim amach gur airgead amú é. Níl aon ní le feiscint den mBaile Uachtarach ná de Cheann Sibéal de bharr an cheo brothaill agus níl aon sásamh le fáil ag fiosracht na muintire dá bharr.

B’fhéidir, ainneoin an caitheamh anuas a deineadh ar an bhfear, go raibh an ceart ag Danny Healy Rae faoi chúrsaí aimsire agus aeráide. Tabhartas ó Dhia é an ceo brothaill nuair atá trí mhilliún euro le caitheamh ar obair agat agus tú ag iarraidh an obair sin a cheilt. 

Ag Dia féin atá fios is dócha.

Tugann an brothall céanna le fios dúinn chomh maith go bhfuil an samhradh buailte linn, an chraobh caide ar lic an dorais againn agus cé nach mbeidh na boic mhóra ag cur chun páirce an deireadh seachtaine seo, beidh an chraobh tosnaithe i dtrí cinn de na cheithre chúige faoi thráthnóna Dé Domhnaigh.

Cloistear mórán cainte san aer agus scéalta thairis an tráth seo den bhliain agus de dheasca a bhforlámhais iomlán le bliain anuas, baineann cuid mhaith den chaint an uair seo le foireann peile Átha Cliath.

Más aon slat tomhais praghsanna na ngeallghlacadóirí agus más cruinn an luach atá á chur ag daoine áirithe ar Shraith Náisiúnta Allianz, b’fhéidir nár mhiste a rá le foireann na hardchathrach gan Corn Sam Mhic Uidhir a chur thar n-ais i lámha na n-údaráis i bPáirc an Chrócaigh in aon chor faoi sprioc an tsamhraidh. Ba dhóigh leat ó bheith ag léamh na tuairimíochta agus ag éisteacht leis na húdair ó dheireadh an Aibreáin, nach gá d’Áth Cliath aon chluiche in aon chor a imirt ach a ngreim a choimeád ar an gcorn a bhuadar chomh neafaiseach anuraidh.

Tá a fhios ag na híochtaráin a chuirfidh tús lena bhfeachtais i gcraobh Laighean an deireadh seachtaine seo – An Lú, Ceatharlach, Laois, Cill Mhantáin, Uíbh Fhailí agus Longfort- nach bhfuil aon dul fén spéir go n-éireoidh leo barrthuisle a bhaint as Átha Cliath.

Ach ní chuige sin a chuireann siad chun páirce sa chraobh.

Pé aicíd atá orainn le blianta beaga anuas, is dóigh linn, nach bhfuil sa chraobh peile ach comórtas don chúlchearrbhach agus nach bhfuil sa rás do chorn Sam Mac Uidhir ach geamaireacht de shórt éigin chun an cíoná nó an mámh mór a nochtadh i ndeireadh na hiomaíochta.

Más mar sin atá, bheadh sé chomh maith ag na sé chontae atá luaite agam, chomh maith le Fear Manach agus Aontroim, atá ag cur chun páirce lena gcois an deireadh seachtaine seo, fanacht ag baile toisc nach bhfuil aon seans acu ar Sam a bhuachan.

Abair le daoine áirithe i dTearmann Feichín nó i dTigh an Réileáin inniu, áfach, nach bhfuil aon tábhacht leis an gcluiche idir Contae Lú agus Ceatharlach agus féach cén freagra a gheobhair.

Is é an dála céanna é maidir leis an gcluiche i bPáirc Uí Mhórdha tráthnóna amárach in áiteanna ar nós Bhaile na Coille, i gContae Laoise agus i mBealach Conglais Chill Mhantáin agus beidh siad ag baint na gcosa dá chéile i gClóirtheach Uíbh Fhailí agus i gCluain Geise Longfoirt Dé Domhnaigh nuair a bheidh an dá chontae sin ag dul sa ghleo.

Cé go raibh dhá roinn iomlán sraithe eatarthu san earrach, creideann lucht leanta na peile i gContae Aontroma go bhfuil sé i ndán dóibh Fear Manach a chloí i Inis Ceithleann Dé Domhnaigh agus, dar ndóigh, ní raibh aon easpa iomaíochta riamh i gcraobh Uladh.

Canathaobh, mar sin, gur dóigh le daoine go bhfuil sé oiriúnach agus cuí go dtabharfaí lascáil mhaith eile dos na contaetha agus na foirne atá i dtús aistir an deireadh seachtaine seo?

Conas go mbraitheann saineolaithe áirithe gur fiú tosú ag caint arís is arís eile i dtús na Bealtaine ar leagan amach na craoibhe, ar an easpa cothromaíochta atá sa leagan amach céanna agus ar an ‘éagóir’ atá á déanamh bliain i ndiaidh bliana ar chontaetha atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh?

Bí siúráilte go nglacann lucht leanta na caide i scata contaetha leis nach bhfuil aon seans acu an chraobh a bhuachan ach níor cheart go stadfadh san iad ó bheith ag taibhreamh ar laethanta geala an tsamhraidh, ó bheith ag dul chun spairne agus ó bheith ag súil leis an mhíorúilt ná tiocfaidh ach go fánach.

Gach éinne de réir a acmhainne, a deirimse.

Ós ag caint ar acmhainn é, tabhair faoi deara gurb iad contae Chill Mhantáin ba lú a chaith airgead (€277,000) ar a bhfoirne contae anuraidh. Chaith an Lú beagán fé bhun €283,000 agus as na ocht bhfoirne ba laige sa sparán anuraidh, tá sé cinn acu ag cur chun páirce an deireadh seachtaine seo. Gach seans gurb iad na foirne seo, leis, is túisce a bheidh ag fágáil slán leis an gcraobh. Go deimhin, is léir le fada go bhfuil comhréir ghlé idir an t-airgead a chaitear ar chúl an stáitse agus an rath a bhíonn ar fhoirne ar uair an taispeántais.

As na forbairtí ar fad atá tagtha le tamall anuas ar an gcluiche idirchontae, is í seo an ceann is mó a chásaímse- an tuiscint seo gur féidir Sam Mac Uidhir a cheannach.

Bhí tamall ann nuair a bhí íocaíochtaí claonbheartacha do bhainisteoirí caide ag déanamh an-tinneas do Chumann Lúthchleas Gael agus cé go bhfuil san fós gan leigheas, tá formhór na gceann feadhna mór le rá ag tabhairt a gcuid seirbhíse go deonach dá gcontae anois.

Mar sin féin, tá tionscal ollmhór fásta timpeall ar lucht an chúlbhinse agus níl aon cheilt ar na híocaíochtaí sa chás seo. Is cúram dlisteanach é gan dabht, go mbeadh daoine oilte, gairmiúla ag soláthar seirbhíse dos na foirne go léir ach dá mhéid seirbhís a chuirtear ar fáil, is ea is mó a thiocfaidh éileamh uirthi agus fásann an margadh dá réir.

Tá borradh as cuimse tagtha chomh maith ar an stocaireacht agus ar an mbolscaireacht a ghabhann leis an gcúram toisc go bhfeictear dos na háibhirseoirí go bhfuil an ithir oiriúnach chun curadóireachta agus chun fómhar a bhaint.

Ansin, táid siúd ann a chaithfidh aithris a dhéanamh ar an té go bhfuil ag éirí leis. Má tá meitheal mhór ag Jim Gavin, ag Éamonn Fitzmaurice nó ag Stephen Rochford, bhuel ní fhéadfaidh scata foirne eile dul chun cinn a dhéanamh ceal foirne tacaíochta den toirt chéanna, dar leo.

B’fhéidir go ndéanfadh leathmhilliún euro difríocht ollmhór nuair atá foirne á bprapáil féin chun craoibhe ach i ndeireadh ná dála, ní fhéadfaidh ach aon bhuaiteoir amháin bheith ann agus ní féidir liom cuimhneamh ar oiread is bliain amháin peile nár bhuaigh an contae leis an bpainéal is láidre imreoirí.

Tá an gaisce atá déanta ar bheagán airgid, áfach, ag Leicester City thar toinn i Sasana ag tabhairt léasanna beaga dóchais do mhórán dá macasamhail sa pheil Ghaelach.

Ach ní chímse cad as a thiocfaidh Leicester na craoibhe abhus.

Deirtear gur beagán le cois 54 milliún punt a chosain painéal Leicester a dhein an gaisce i mbliana. Airgead mór é sin domsa agus duitse ach pinginí pitseála is ea é i gcomparáid leis an méid a chosain painéil Man City, Man Utd agus Arsenal.

Ní fiú comparáid a dhéanamh idir chás Leicester agus cás na bhfoirne atá ag tosú amach i gcraobh caide na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Ní bheadh an t-airgead céanna i gCumann Lúthchleas Gael ach is é an t-airgead a thachtfaidh ár gcluichí sa deireadh. Scéal eile é sin ná fuil a dheireadh cloiste go fóill. 

Ach cad ab áil dom bheith ag caint?

Déarfaí gur ag rith le brothall a bhíos.