Na seolta íslithe ar chuan na hAirde do Josie Sheáin Jeaic

Bhailigh na céadta isteach i dTeach Pobail Charna i gConamara inniu do shochraid duine d’fhonnadóirí móra na hÉireann Josie Sheáin Jeaic

Na seolta íslithe ar chuan na hAirde do Josie Sheáin Jeaic

An leathbhád 'Bláth na hÓige' amuigh ar an gcuan in ómós do Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha agus an t-amhránaí clúiteach á chur i Maíros, Carna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Na sloinnte atá fite i dtalamh righin Iorras Aithneach leis na cianta – Mac Donnchadha, Maoilchiaráin, Ceoinín, Cualáin; iad ag sluaisteáil créafóg chlochach Mhaírois go stuama síos leis an gcónra.  Cloigne dubha agus cloigne rua; a gcuid gruaige slíoctha ag an tsíorbháisteach aneas.

Óige agus dorchadas in éineacht.  Is ait an mac é an saol.

Nach inné a bhí Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha mar iad.  Colainn fháiscthe; snaidhmeanna agus téadracha ina ghéaga – iad múnlaithe agus neartaithe ag rópaí agus snaidhmeanna na hiascaireachta ar chuan na hAirde agus siar i dtreo charraigeacha na Sceirde.

Anois, bhí a chlann mhac, Dónal agus Ciarán, agus fir óga an cheantair dá leagan síos i reilig Mhaírois.  “Oíche mhaith agat anois, a Dheaide, agus codladh sámh”. Mar sin a scar a iníon Gráinne leis agus í ag críochnú a cuid cainte i dTeach an Phobail i gCarna inné.  Leagadh na bláthanna ar an uaigh.  Íslíodh an seol ar ‘Bhláth na hÓige’ amuigh ar an gcuan. Ómós. Bhí sé in am suain.

Bhailigh na céadta isteach i dTeach Pobail Charna níos túisce. Anoir an bóthar ó dheas as deisceart Chonamara agus isteach an bóthar ó thuaidh as tuaisceart Chonamara. Tá Carna ar an teorainn idir thuaidh agus theas.  Bhí aithne mhór ar Josie ar chaon taobh.  Bhíodar ann as áiteacha ar fud na tíre freisin agus tháinig roinnt daoine in aon turas thar sáile.

Bhí an tAthair Seán Ó Coinn i gcuideachta an Chanónaigh Pádraig Standún, Sagart Pobail Charna, ar an altóir agus Eoin Ó Coirbín as an Aird Thiar, col cúigear do Josie, ag friotháil an Aifrinn.   Trí scór blianta ó shin a thosaigh an tAthair Ó Coinn ag teacht anuas as lár tíre ina dhéagóir go dtí Tí Sheáin Jeaic i dtosach.

Craoladh Aifreann na Sochraide ar Raidió na Gaeltachta. Labhair an Canónach Standún ar an gcumarsáid agus an teicneolaíocht ina sheanmóir. Nach deas anois,a deir sé, go bhfuil scannáin againn de dhaoine ina mbeo a mhairfidh linn nuair atá na daoine sin imithe leo sa tsíoraíocht. San aimsir a caitheadh, ní raibh agat den dream a bhí ann romhat ach an pictiúr agus ba mhinic é feosaithe, tréigthe má bhí an méid sin féin agat.

“Bhí mé féin ag breathnú ar Josie Sheáin Jeaic ag casadh amhráin ar YouTube aréir,” a deir an Canónach.

Dúirt sé go mba iontach go mbeidh an pictiúr, an sean-nós agus an oidhreacht a bhain le Josie ann mar sin i gcónaí.

Ar an áiléar chas Cór Charna, agus comhluadar fonnadóirí eile leo, na hiomainn agus chas  Seosamh Ó Flatharta, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, agus seanchara Josie Johnny Mháirtín Learaí ina n-aonar freisin.  Tugadh an chónra ón altóir go doras Theach Pobail Charna le tionlacan ceoil ‘Mo Ghiolla Mear’ le Peadar Ó Riada, abhus as Cúil Aodha.  Sheas chuile dhuine agus thug bualadh bos.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tugadh Josie Sheáin Jeaic amach as Teach Pobail Charna ar a bhealach chun na huaighe.

Le taobh bhinn an tseanteampaill i reilig Mhaírois a réitíodh áit do Josie.  Ba thráthúil mar a tharla.  Thug an bhinn chloiche scáth ón stealladh báistí dá theaghlach agus dá mhuintir – a pháirtí, Caitlín, a iníon Gráinne, a chlann mhac Ciarán agus Dónal; a gharmhac, Jack; a dheartháir, Colm; a iarbhean chéile, Nóirín, agus a ghaolta.

Dúradh go minic gur beag rud is lú buaine ná an duine.  Tá an teampall atá i reilig Mhaírois ansin leis na céadta bliain agus  gan bhuíochas d’fhiántas ghaoth an Atlantaigh seasann sé go daingean fós.  Tugann an bhinn foscadh anois d’uaigh Josie, a athair agus a mháthair, Seán Jeaic agus Máire (Ní Uaithnín), atá lena thaobh agus lena dtaobh siúd aríst, Johnny Sheáin Jeaic a bádh ar Chuan na Gaillimhe ocht mbliana ó shin an mhí seo.

Tháinig Josie slán as an tubaiste sin inar bádh a  dheartháir ach bhí gábhanna móra eile roimhe a threoraigh a chompás sa deireadh go reilig Mhaírois inné.

An sloinne Mac Donnchadha atá thart ar bhallaí an teampaill sa reilig.  Cúpla scór slat siar uathu atá Joe Éinniú agus muintir Éinniú.  Dá scríobhfaí scéal faoi ‘Cheol na Cille’ níl áit sa saol a mbeadh sé chomh cóir an scéal sin a lonnú ann.

Suaimhneas síoraí do Josie Sheán Jeaic Mac Donnchadha i gcuideachta a mhuintire agus a chomharsana ag binn a teampaill i Maíros.