Na Secret Gaeilgeoirí eile atá ag sceitheadh eolais ar Twitter…

AR SON NA CÚISE: Tá raidhse eile de chuntais rúnda na nGael ar Twitter againn daoibh an tseachtain seo

Na Secret Gaeilgeoirí eile atá ag sceitheadh eolais ar Twitter…

Tá raidhse eile cuntas rúnda atá bunaithe ag Gaeil ar Twitter agus éachtaint á tabhairt ag na Secret Gaeilgeoirí seo ar nósanna rúndiamhracha shaol na teanga.

I measc na gcuntas nua, tá cuntas duine anaithnid a thugann ‘An Secret Feidhmeannach Údaráis’ air féin agus a nochtann rúin Údarás na Gaeltachta don saol mór.

Is cosúil go bhfuil duine de chomharsana lucht an Údaráis sna Forbacha i mbun tvuíteála go rúnda chomh maith agus cuntas an ‘Secret Státseirbhíseach’ tagtha ar an bhfód.

Níl Foras na Gaeilge slán ó fheiniméan nua na Secret Gaeilgeoirí ach oiread, agus léargas á thabhairt ag an ‘Forasóir Faoi Cheilt’ ar ghnó na heagraíochta trasteorann.

Ar iontais agus neamhiontais shaol an aistritheora Gaeilge a dhíríonn cuntas ‘An tAistritheoir Anaithnid’.

Béarla is mó a bhíonn á úsáid ar chuntas ‘The Secret TG4 Star’.

Fág freagra ar 'Na Secret Gaeilgeoirí eile atá ag sceitheadh eolais ar Twitter…'