Na scéalta is mó léamh ar Tuairisc.ie in 2016

Seo iad na 20 scéal is mó léamh ar Tuairisc.ie le linn na bliana 2016

Na scéalta is mó léamh ar Tuairisc.ie in 2016

1. ‘This is an English-speaking business’ – oibrí beáir éirithe as a phost i gCorcaigh tar éis rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt

Dúirt úinéir na bialainne The Flying Enterprise, ina fhreagra ar an scéal gur fhág Cormac Ó Bruic a phost sa toisc nach raibh cead aige Gaeilge a labhairt ann, go raibh ‘language code’ i bhfeidhm ann ‘because it is a hospitality business’

2. Teidil Ghaeilge curtha ar scannáin phornagrafacha ar YouTube

Tuairiscíodh i mí Feabhra 2015 go raibh físeáin ina dtaispeántar gníomhaíochtaí éagsúla gnéis á gcrochadh faoi theidil Ghaeilge ag roinnt cainéal ar YouTube. Cé gur scríobhadh an scéal seo beagnach dhá bhliain ó shin, níl ach scéal amháin eile tar éis níos mó daoine a tharraingt go Tuairisc.ie i mbliana…

3. ‘An Chéad iris phornaghrafaíochta i nGaeilge’ foilsithe ar líne

Foilsíodh “An Chéad Phornó as Gaeilge”, FLIUCH, i mí Aibreáin. Ar Tuairisc.ie a bhí an scéal ar dtús, a scaip go forleathan i measc na meán Béarla. Tá muintir na hÉireann ag fanacht go fóill ar an dara heagrán…

4. Inneall dóiteáin imithe den bhóthar i gConamara le linn cúrsa traenála

D’imigh inneall dóiteáin, a raibh a chriú i mbun cúrsa traenála, den bhóthar i gConamara i mí na Nollag. Níor gortaíodh duine ar bith san timpiste ach mheall pictiúr den inneall agus é sáite sa chriathrach na mílte duine.

5. ‘Speak English or go home foreigners’ – masla ó dhuine sa slua d’imreoirí Na Gaeil Óga

Bhí idir olc agus iontas ar dhaoine nuair a rinne duine d’imreoirí Na Gaeil Óga, cumann CLG lán-Ghaeilge na hardchathrach, cur síos ar na meáin shóisialta ar chaint mhaslach a chualathas ón slua le linn cluiche peile i mí an Mheithimh.

6. ‘Imagine telling a Silicon Valley company to display signs as Gaeilge in Ireland’ – an tAire Post

Cheistigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Mary Mitchell O’Connor luach na Gaeilge san ionad oibre agus bille a thabharfadh cosaint d’oibrithe ar uaireanta oibre neamhshocraithe  á phlé sa Dáil.

7. Seo an duine is sine in Éirinn – Sarah Treasa Clancy, bean Ghaeltachta as an gCeathrú Rua

Rugadh Sarah Clancy, a bhásaigh inné, ar an 2 Bealtaine 1908 ar an gCeathrú Rua. Tharraing scéal a saoil fhada go leor airde agus dea-ghuí ó léitheoirí Tuairisc.ie nuair a foilsíodh an t-alt seo faoin mbean is sine in Éirinn i mí na Nollag.

8. ‘Luí fada gan faoilte air!’ Deich gcinn de na mallachtaí agus maslaí is fearr ó ‘Cré na Cille’

Foilsíodh aistriúchán nua ar Cré na Cille san earrach agus bhailigh Tuairisc.ie deich gcinn de na mallachtaí agus maslaí is fearr ó mhórshaothar Uí Chadhain, mar aon leis na leaganacha Béarla ag aistritheoirí an leabhair.

9. Tuin chainte ‘Nazi’ curtha ag Paul Williams air féin agus ‘fundamentalism’ na Gaeilge á phlé aige ar Newstalk

Chuir an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta Paul Williams air an tuin chainte a shamhlaítear le scannáin Bhéarla faoi na Naitsithe agus é ag labhairt faoin “fundamentalism”, dar leis, a bhaineann le ceist na Gaeilge le linn a chláir i mí Mheán Fómhair.

10. Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na hÉireann, imithe ar shlí na fírinne

Bhásaigh Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus na hÉireann, ar an 15 Iúil. B’fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é a rugadh i mBaile Móir gar do Bhaile an Daingin i 1927.

11. Na hainmneacha Gaeilge is coitianta? ‘Seán’ agus ‘Aoife’ fós chun tosaigh, ach ‘Niamh’, ‘Fionn’ agus ‘Fiadh’ sna sála orthu

Ba iad ‘Seán’ agus ‘Aoife’, arís eile, an dá ainm Gaeilge ba choitianta ar ghasúr na hÉireann. Rinne ‘Fionn’, ‘Tadhg’ agus ‘Eoin’ dul chun cinn i measc buachaillí agus bhain ‘Niamh’ agus ‘Fiadh’ áit amach ar liosta na gcailíní den chéad uair.

12. Máire Ní Thuathail, ceann feadhna ‘Ros na Rún’, tar éis bháis

D’éag an bhean gnó agus teilifíse aitheanta, Máire Ní Thuathail, i mí Mheán Fómhair. Bhí Máire Ní Thuathail, a bhí tinn le tamall, ar dhuine de cheannródaithe theilifís na Gaeilge agus bhí baint mhór aici le forbairt na hearnála teilifíse Gaeltachta.

14. Na 10 mbronntanas ‘Gaeilge’ is fearr don Nollaig…

Mhol eagraíochtaí Gaeilge i mí na Samhna an ‘Euro Gaelach’ a chaitheamh’ faoi Nollaig. Chuardaigh Tuairisc.ie na bronntanais Ghaelacha is fearr in Éirinn agus is léir gur bhain go leor léitheoirí leas an liosta sin.

15. ‘A Thaoisigh, bean 26 bliain mé atá ag dul ar imirce inniu mar nach liomsa an tír seo níos mó…’

D’imigh Bee Ní Choitir, as Contae an Chláir, ar imirce i mí na Samhna. Sular thug sí aghaidh ar an mBád Bán scríobh sí litir oscailte, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar léitheoirí Tuairisc.ie, chuig an Taoiseach Enda Kenny.

16. Ceist Joe Brolly ar Gregory Campbell: ‘Why on earth would anyone have any hostility to the Irish language?’

Ag díospóireacht ag Féile an Phobail i mBéal Feirste i mí Lúnasa, dúirt Brolly gur cosúil le ‘bligeaird sráide’ na baill den DUP a bhíonn ‘ag fonóid’ faoi ‘Fenians’ agus faoin nGaeilge

17. €10,000 le híoc ag fear a lig air féin gur fuadaíodh é i Siopa an Phobail, Indreabhán

Níor gearradh aon phianbhreith choimeádta sa Chúirt Achomhairc, i mí Aibreáin, ar Gordon O’Rourke, 34 bliain d’aois as Conamara, a lig air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45,000 a ghoid ó Shiopa an Phobail in Indreabhán, ollmhargadh ar lena uncail é.

 

18. Láithreoir RnaG iompaithe ar an mBéarla ‘le teann frustrachais’ agus é ag iarraidh Heather Humphreys a mhealladh

D’iompaigh an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra ar an mBéarla ar a chlár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair agus é ag impí ar an Aire Gaeltachta Heather Humphreys glacadh lena chuireadh chun agallaimh. Ní raibh Humphreys faoi agallamh aige ó shin.

19. ‘Chas muid timpeall ar an M50 nuair a chonaic muid go raibh an duais mhór buaite againn!’ – Blag na Bliana ag Gaeilge le Glam

Bhí mná Ghaeilge le Glam, an blag faisin, áilleachta agus stíle beatha, ar an mbealach abhaile ó ócáid bhronnta na Irish Blog Awards, nuair a fuair siad an scéala go raibh gradam mór na hoíche buaite acu

20. Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, ar shlí na fírinne

D’éag Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, i mí Mheán Fómhair. Bhí Proinsias Ó Mianáin ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa teanga Cearta Gael a d’éiligh oideachas iomlán Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le Gaeilge amháin ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht.