Na scéalta Gaeilge is mó agus is conspóidí ó 2015 (13-7)

Cérbh iad na scéalta is mó a tharraing aird agus conspóid i 2015?

aerarann15-0063

13. Tástálacha Anála agus cúrsaí teanga

Bhí sé ina raic nuair a cinneadh san Ard-Chúirt i mí Mheán Fómhair nach raibh torthaí tástáil anála a tugadh i mBéarla amháin bailí mar fhianaise dlí.

Ag tagairt do chás Mihai Avadenei a bhí an Breitheamh Séamus Noonan, a thug an breithiúnas seo.  

Beireadh ar Mihai Avadenei agus é ag tiomáint faoi thionchar an óil. I mBéarla amháin a eisíodh torthaí na tástála anála a rinneadh air i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath, rud a sháraíonn an tAcht Tráchta, 2015, áit a n-éilítear go gcaithfidh na foirmeacha le haghaidh tástálacha anála a bheith i mBéarla agus i nGaeilge.

Ag éirí as an méid sin, d’áitigh abhcóidí Avadenei nárbh fhéidir glacadh leis na torthaí agus caitheadh amach an cás. Faoi mar a bheifí ag súil leis, chuir na meáin Bhéarla in Éirinn an milleán ar fad ar an nGaeilge, seachas ar fhaillí na nGardaí.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an tAire Iompair, Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach a fhágann gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Ní raibh an Garda Síochána sásta a rá le Tuairisc.ie cad iad téarmaí tagartha na tuarascála sin nó cathain a chuirfí faoi bhráid an phobail í, ach thug urlabhraí thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt le fios do Tuairisc.ie gur ‘go luath’ a bheadh fáil uirthi. Bímis ag faire amach don tuarascáil chéanna in 2016.

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

12. Aersheirbhís Árann

Ba ar an 26 Lúnasa i mbliana a d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh gurb é an comhlacht Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann.

Níor thúisce an fógra sin a bheith déanta aige ná chuaigh muintir Árann i mbun feachtais chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an tseirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Chinn an comhlacht Aer Arann, a bhfuil seirbhís á soláthar acu do mhuintir Árann agus Chonamara as Aerfort na Minne in Indreabhán le breis agus scór blianta, dúshlán dlí a thabhairt faoin gcinneadh. Lena chois sin, tháinig sé chun solais nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil do Executive Helicopters sa bhliain 2016.

Ba é críoch agus deireadh na mbeart gur cuireadh deireadh leis an bpróiseas tairisceana ar an 25 Meán Fómhair – isteach is amach le mí tar éis bhunfhógra an Aire Stáit McHugh – agus gur bronnadh dhá conradh nua ar Aer Arann, ar fiú €3.48 milliún iad san iomlán.

Gheall an tAire ó shin go bhfuil ceachtanna foghlamtha aige ón scéal ar fad agus go rachfar i mbun comhairle le muintir Árann as seo go ceann bliana.

 Jan O'Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

11. Scrúdú béil i mbaol

Tháinig ceisteanna móra faoi scrúdú béil an Teastais Shóisearaigh chun cinn i mí Bhealtaine mar gheall ar na socruithe a rinne an Roinn Oideachais le ceardchumainn na múinteoirí faoi mheasúnú scrúduithe. Faoin socrú a chuir deireadh leis an gconspóid faoi mharcáil an Teastais Shóisearaigh, ní bheidh mar chuid den mheasúnú stáit a dhéanfar ar dhaltaí feasta ach scrúdú scríofa dhá uair an chloig.

Ba léir ó ráiteas a chuir an Roinn ar fáil do Tuairisc.ie nach raibh sé i gceist an t-am sin scrúdú béil foirmeálta a chur ar bun don Teastas Sóisearach.

Fógraíodh cúig mhí ina dhiaidh sin gur sa seomra ranga amháin a dhéanfaí tástáil ar chumas labhartha scoláirí feasta. Ní bheidh aon scrúdú béil oifigiúil ann ar shiollabas nua an Teastais a thabharfar isteach sa bhliain 2017. Ní bheidh mar chuid den mheasúnú stáit a dhéanfar ar dhaltaí ach scrúdú scríofa dhá uair a chloig.

Beidh dhá thasc eile le déanamh ag na daltaí sa seomra ranga ach ní dhéanfar measúnú Stáit ar an dá thasc sin. Beidh an measúnú ar scileanna béil ina chuid den mheasúnú rangbhunaithe. Is faoi na múinteoirí féin a bheidh sé na tascanna seo a mharcáil.

Dúirt múinteoir Gaeilge amhain le Tuairisc.ie inniu gur ‘ísliú stádais’ a bhí sa socrú nua agus dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) gur impigh a pháirtí ar an Aire Jan O’Sullivan ‘droim ar ais’ a dhéanamh ar chinneadh a Roinne maidir leis an scrúdú.

fás leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaigh an scrúdú béil, go háirithe ó tháinig méadú ar an gcéatadán a fhaightear don scrúdú san Ardteist – 40% anois le hais 25%.

Ní raibh an tAire Oideachais in ann a rá i mí Dheireadh Fómhair an mbeadh aon athrú poirt ann maidir leis an socrú nua. Agus í ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála, Seán Kyne uirthi faoi na hathruithe atá i ndán don Ghaeilge mar ábhar sa Teastas Sóisearach, dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go bhfuil “anailís dhomhain” déanta ag painéal comhairliúcháin de chuid an NCCA ar an gceist seo agus gur pléadh torthaí na hanailíse sin ag cruinniú a bhí ar siúl Dé Céadaoin seo caite.

Dúirt an tAire O’Sullivan ina freagra ar an Teachta Dála Seán Kyne gurb ionann 40% de mharcanna a bheith curtha ar leataobh don bhéaltriail san Ardteist agus ‘áit lárnach’ a bheith ag forbairt scileanna labhartha sa churaclam nua.

Léiriú eile ar an mbéim atá á leagan ar an bhfocal labhartha sa Ghaeilge sa chóras oideachais is ea an t-ardú le roinnt blianta anuas atá tagtha ar líon na ndaltaí a rinne scrúdú béil Stáit an Teastais Shóisearaigh, a dúirt an tAire O’Sullivan.

10. Staidéar teanga an ESRI

Choimisiúnaigh Foras na Gaeilge staidéar ar fhoilsigh an ESRI tuarascáil faoi i mí Lúnasa ar ‘Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge’. De réir na tuarascála sin, bhí dearcadh dearfach ag 67% den phobal ó dheas i leith na Gaeilge agus ag 45% den phobal ó thuaidh. Ba mhéadú é sin ar an gcéatadán a thug le fios go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge ón uair dheiridh a rinneadh a leithéid de shuirbhé sa bhliain 2001.

Frítheadh amach freisin go raibh ‘líofacht éigin sa Ghaeilge’ ag 57% de lucht na bhfreagraí ó dheas agus 17% de lucht na bhfreagraí ó thuaidh agus go chreid 64% ó dheas agus 33% ó thuaidh go gcuirfí féiniúlacht na hÉireann ar ceal in éagmais na Gaeilge.

Nochtadh staitisticí sa staidéar a bhain le tuairim an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile agus an Ghaelscolaíocht; an tacaíocht a thugann an stát don teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di; coincheap an stáit dhátheangaigh agus téamaí eile nach iad.

Ba ‘chun pas a fháil sna scrúduithe’ a rinneadh an Ghaeilge a fhoghlaim agus creideadh stádas níos ísle a bheith aici ná ábhair scoile eile. Léirigh an suirbhé go measann 68% de dhaoine fásta ó dheas ‘go bhfuil stádas na Gaeilge níos ísle ná ábhair eile’ agus go bhfuil ábhair eolaíochta níos tábhachtaí dá gcuid páistí ná foghlaim na Gaeilge. Tháinig sé chun solais sa tuarascáil nua chomh maith gur fearr leis na daltaí an léitheoireacht i mBéarla ná i nGaeilge.

Lena chois sin, léirigh an staidéar go raibh méadú mór ar fud na hÉireann a mheas nach raibh dóthain á déanamh ag a rialtais don Ghaeilge. Chreid 37% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh nach ndéanann an Rialtas “go leor” ar son na Gaeilge, de réir na tuarascála.

Tháinig eolas de chineál eile chun cinn sa tuarascáil a bhain le hiompar teanga na gcainteoirí Gaeilge. Fuarthas go mbíonn drogall ar chainteoirí Gaeilge comhrá a thosú i nGaeilge nó í a labhairt i láthair daoine nach bhfuil an teanga acu. Léirigh an taighde freisin go mbíonn cainteoirí Gaeilge amhrasach maidir le tús a chur le comhrá ina dteanga féin. Dúirt 50% de dhaoine le bunlíofacht agus 43% le hardlíofacht nár mhaith leo ‘comhrá a thosú’ sa teanga sin. Labhair Tuairisc.ie le grúpa Gaeilgeoirí aitheanta a thug meascán de thuairimí ar an gceist áirithe seo.

Ar deireadh, fuarthas sa staidéar nach ndéanann 85% de dhaoine fásta ó dheas ná 89% de dhaoine fásta ó thuaidh aon iarracht bhreise feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge i ndiaidh dóibh an scoil a fhágail.

Céatadán beag (5% ó dheas agus 4% ó thuaidh) a rinne iarracht ‘uair amháin’ feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge mar dhaoine fásta agus timpeall a dhá oiread sin (10% ó dheas agus 9% ó thuaidh) a rinne ‘cúpla iarracht’.

Foclóir-cropped3

9. Foclóirí agus conspóid

Is iomaí scéal a bhí ag Tuairisc.ie i gcaitheamh na bliana 2015 faoi fhoclóirí agus faoi chúrsaí foclóireachta, ina measc an seanfhoclóir a aimsíodh i gCeanada le deireanas, aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge; an foclóir Gáidhlig-Gaeilge a chuir Kevin Scannell le chéile, chomh maith leis na focail a cuireadh leis an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge i lár an tsamhraidh agus i lár an gheimhridh.

Ach ba mhó cainte a tharraing an scéal go raibh plean ag Foras na Gaeilge €12.6m a chaitheamh ar fhorbairt foclóirí Gaeilge agus corpas na teanga a mhéadú ó 30m focal go dtí 250m focal thar seacht mbliana. Dúradh go gcruthódh an togra 30 post nua mar thoradh ar an tionscadal. Bheadh na fostaithe sin ag obair ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge idir na blianta 2016-23.

Scríobh Jake Mac Siacais, ó Fhorbairt Feirste, litir oscailte chuig Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Bhord an Fhorais ag impí orthu gan dul ar aghaidh leis an tionscadal foclóireachta atá beartaithe. Níor cheart, dar leis, acmhainní a úsáid ar an gcaoi sin fad is atá ciorruithe á ndéanamh ar an Scéim Pobal Gaeilge.

Scríobh 19 eagras Gaeilge ar fud fad na hÉireann litir oscailte eile chuig baill Bhord an Fhorais faoin Scéim Pobal Gaeilge agus na ciorruithe seachtain i ndiaidh na conspóide faoin bplean foclóireachta ach níor luadh sa litir an chonspóid chéanna.

Labhair Tuairisc.ie le roinnt daoine a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga ar bhonn laethúil faoin raic a tarraingíodh. Ní ar aon fhocal le Mac Siacais, iarchomhalta ar Bhord an Fhorais, a bhí gach duine. Dúirt idir aistritheoir agus dlíodóir gur “argóint fhabhtach” é nasc a dhéanamh idir scéal na foclóireachta agus scéal na gciorruithe.

Dúirt Antain Mac Lochlainn gur beag difear a bhí idir a leithéid d’argóint agus argóint an duine a deireadh gur cur amú airgid a bhí i mbunú Theilifís na Gaeilge fad is a bhí othair in ospidéil le leigheas. Dúirt an t-abhcóide Dáithí Mac Carthaigh gur “neamhargóint” é tograí eile atá le maoiniú a thabhairt isteach sa scéal agus gurbh amhlaidh a dhéanadh tráchtairí an Bhéarla go minic i gcás na Gaeilge san am atá caite. Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Ailigh, nach bhfuil aon nasc idir an dá scéal – an maoiniú do Scéim Pobal Gaeilge agus an plean foclóireachta.

Tuigtear gur pléadh an chonspóid ag cruinniú de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste i mí na Nollag agus an t-amhras a bhí ann gur ó bhall den bhord féin a tháinig an scéal. Níl aon chinneadh déanta i dtaobh an phlean fós agus dá nglacfaí leis, chaithfí é a aontú leis an dá Roinn a chuireann maoiniú ar fáil don Fhoras.

File Pics Abbey Theatre to move to Eden Quay. 15/10/2007. Abbey Theatre. The Abbey Theatre will be moved to the IFSC in Dublin and away from Abbey Street. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

8. Amharclann na Mainistreach agus #WakingTheGael

Bhí díomá ar scríbhneoirí Gaeilge i mí na Samhna nach raibh oiread is dráma amháin Gaeilge ar chlár Amharclann na Mainistreach do Chomóradh an Chéid 1916.

Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh an cuntas Twitter @AnCraoibhin feachtas #WakingTheGael ar líne, ar mhúnla an fheachtais #WakingTheFeminist. Labhair Tuairisc.ie le riarthóir an chuntais @AnCraoibhin a dúirt gur feachtas a bhí ar bun aige “chun a mheabhrú do lucht ceannais na hamharclainne cé a bhunaigh Amharclann na Mainistreach agus cén fáth ar bunaíodh é”.

Ní raibh dráma Gaeilge ar stáitse na hamharclainne le 25 bliain anuas. Dúirt Fiach Mac Conghail, stiúrthóir na hamharclainne, le Tuairisc.ie nach raibh “tacaíocht mar is cóir curtha ar fáil [aige] do dhrámaíocht na Gaeilge” le linn a thréimhse deich mbliana ar an stiúir.

Ag tagairt dó do chlár 2016, dúirt sé gurb é an rud a theastódh ó thaobh na Gaeilge de ná dráma comhaimseartha a dhéanfadh iniúchadh ar Éirinn an lae inniu seachas dráma stairiúil. Ba bhreá leis, a dúirt sé, dráma maith a fháil ó scríbhneoir Gaeltachta a chuirfeadh téamaí comhaimseartha faoi bhráid lucht amharclainne na hardchathrach. Thug sé le fios freisin go raibh cruinniú le bheith aige le Conradh na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar cheist na heaspa dráma Gaeilge ar an gclár.

Dúirt Mac Conghail gurb é an mhian is mó atá aige ó thaobh na Gaeilge de ná sraith drámaí Gaeilge a léiriú san amharclann sula dtiocfaidh deireadh lena sheal mar stiúrthóir ag deireadh na bliana seo chugainn.

7. An dara siollabas don ‘chainteoir dúchais’ á scrúdú ag an Roinn Oideachais

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá plé á dhéanamh ar dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach ó Mheán Fómhair 2017 – ceann acu a bheadh dírithe ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Tuairiscíodh go raibh an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (an NCCA) i mbun scagadh a dhéanamh ar an scéal agus meastar go ndéanfar cinneadh go luath faoin moladh le go mbeifí réidh chun an dá shiollabas nua a thabhairt isteach i Meán Fómhair na bliana 2017.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn go gcuirfeadh an eagraíocht fáilte roimh an moladh i dtaobh an dá shiollabas don Teastas Sóisearach, ach go gcaithfí an rud céanna a dhéanamh i gcás na hArdteiste.

Fág freagra ar 'Na scéalta Gaeilge is mó agus is conspóidí ó 2015 (13-7)'