Scaireanna mháthairchomhlacht cheann de mhórfhostóirí na Gaeltachta tite go tubaisteach

Tá conspóid mhór faoi Mylan Pharmaceuticals i Meiriceá faoi láthair mar gheall ar an gcostas mór atá á ghearradh ar dhruga a théann i ngleic le hailléirgí marfacha

Scaireanna mháthairchomhlacht cheann de mhórfhostóirí na Gaeltachta tite go tubaisteach

Tá scaireanna mháthairchomhlacht cheann de na fostóirí is mó sa Ghaeltacht tite go tubaisteach agus é sáite i gconspóid mhór i Meiriceá.

Tá scaireanna an chomhlachta cógaisíochta Mylan, atá ar cheann de na fostóirí is mó i nGaeltacht na Gaillimhe, tar éis titim 12.4% ó tháinig sé chun solais go bhfuil costas an táirge EpiPen méadaithe 400% ó bhí 2008 ann.

Tá praghas stocmhalartáin Mylan Pharmaceuticals, a bhfuil monarcha mhór dá chuid lonnaithe ar an gCoill Rua in Indreabhán, tite ó $49.20 an scair Dé hAoine seo caite go $43.11 an scair inné. Tá na céadta duine fostaithe ag Mylan i gcathair na Gaillimhe agus i mBaile Átha Cliath chomh maith.

Tá laghdú as éadan ar luach na scaireanna le beagnach seachtain anuas agus titim tuairim is $3 billiún i gceist ón Aoine seo caite. Tagann an titim thubaisteach seo sna sála ar an gcáineadh forleathan a rinneadh ar an gcomhlacht mar gheall ar an ardú costais ar an EpiPen a úsáidtear le dul i ngleic le hailléirgí marfacha.

Tá polaiteoirí Chomhdháil na Stát Aontaithe agus Mylan in adharca a chéile faoin ardú costais sin agus Seanadóir amháin, Amy Klobuchar ó Minnesota, ag éileamh go gcuirfí fiosrúchán oifigiúil ar bun chun scagadh a dhéanamh ar chleachtas an chomhlachta.

Úsáidtear an EpiPen le dul i ngleic le hailléirgí marfacha agus is minic a bhíonn sé acu sin a bhíonn i mbaol an anaifiolacsais. Sa chás go n-íosfadh duine bia a spreagann frithghníomhú ailléirgeach, cnónna nó sliogiasc mar shampla, úsáidtear an EpiPen le eipineifrín a chur i bhfuil an duine sin leis an anaifiolacsas a laghdú.

Chruthaigh Sheldon Kaplan an EpiPen do Roinn Cosanta na Stát Aontaithe le frithnimh ar néarghás a sheachadadh. Dhíol an comhlacht lena raibh Kaplan ag obair an EpiPen le comhlachtaí san earnáil phoiblí roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Cheannaigh Mylan cearta an EpiPen in 2007 agus ardaíodh an praghas láithreach. Tá an praghas á ardú ag an gcomhlacht ó shin. Ó bhí 2013 ann tá ardú 10% nó níos mó tagtha ar phraghas an EpiPen gach dara ráithe.

Chuaigh Príomhfheidhmeannach Mylan, Heather Bresch, i mbun stocaireachta agus d’éirigh léi reachtaíocht a chur tríd an gComhdháil a chuir iallach ar gach scoil phoiblí sna Stáit Aontaithe EpiPen a bheith ar an láthair do ghasúir a bhfuil ailléirgí ag dul dóibh.

Tá tuairim is 90% den mhargadh Meiriceánach ag EpiPen i láthair na huaire agus is beag táirge eile atá san iomaíocht leis i ndáiríre.

Scríobh Seanadóir Klobuchar chuig Coimisiún na Cónaidhme um Thrádáil ag iarraidh go ndéanfaí imscrúdú ar chleachtas Mylan Pharmaceuticals féachaint ar sháraigh an comhlacht na dlíthe in aghaidh trustaí.

Tá éilimh eile dá leithéid déanta ag tuairim is fiche Seanadóir eile ó shin, an t-iar-iarrthóir uachtaránachta Bernie Sanders ina measc.

Níl aon fhreagra tugtha ag Heather Bresch ar na héilimh go mbeadh éisteacht ann roimh Choiste Breithiúna an tSeanaid go fóill ach d’eisigh Mylan preasráiteas Dé Luain inar mhaígh siad gur athruithe atá tar éis teacht i bhfeidhm in earnáil an árachais phoiblí i Meiriceá ba chúis leis an ardú praghais.

““With the current changes in the healthcare insurance landscape, an increasing number of people and families have enrolled in high deductible health plans, and deductible amounts continue to rise.

“This current and ongoing shift has presented new challenges for consumers, and now they are bearing more of the cost,” a dúradh sa ráiteas.

Fág freagra ar 'Scaireanna mháthairchomhlacht cheann de mhórfhostóirí na Gaeltachta tite go tubaisteach'