Na Saami – pobal dúchais i ngleic leis an iarann agus leis an aimsir

Ní léir céard atá i ndán do chultúr cian-ársa na Saami, pobal céad míle duine atá a bhfuil cónaí orthu sa limistéar a dtugtar Sápmi air idir An Iorua, An tSualainn, An Fhionlainn, agus an Rúis

Na Saami – pobal dúchais i ngleic leis an iarann agus leis an aimsir

I dtuaisceart Lochlann, le beagnach deich míle bliain, tá pobal na Saami ag baint slí bheatha as an réinfhia. An bainne agus an tsaill, an fheoil agus an fionnadh: ba leor sin dóibh le maireachtáil in áit nach mbíonn solas na gréine ann ach leath na bliana.

Pobal céad míle duine atá sna Saami agus cónaí orthu sa limistéar a dtugtar Sápmi air idir An Iorua, An tSualainn, An Fhionlainn, agus an Rúis. Ach ní léir céard atá i ndán don chultúr cian-ársa seo feasta: tá comhlacht mianadóireachta Beowulf ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar bhaint an iarainn i mbaile Kallac dhá chéad ciliméadar ó dheas de Kiruna.

Is ceantar mór mianadóireachta atá i dtuaisceart na Sualainne le fada an lá. Is le hiarann na Sualainne a rinneadh airm agus urchair d’arm na Gearmáine sa dara cogadh domhanda. Tá iarnród ann ó shin i leith ó cheartlár na tíre go Narvik na hIorualeis an miotal a easpórtáil.  90% den iarann a úsáidtear in Aontas na hEorpa, is i mianaigh na Sualainne a bhaintear é. Agus tá sé de sprioc ag an rialtas líon na mianach a mhéadú ó 16 go 50 faoin mbliain 2030.

Lundberg Tuorda is ainm do dhuine de lucht cúise na Saami. A bhuíochas dósan, i measc daoine eile, d’éirigh leis an bpobal agóid a chur ar bun in aghaidh na forbartha móire. I samhradh na bliana 2013 más ea, tháinig toscaireacht go Kallac as Poblacht na Sile i Meiriceá Theas thar ceann chine na Mapuches, mar aon le cairde na timpeallachta ón mBreatain agus ón nGearmáin, cuir i gcás. Tharraing sin aird na meán ar an scéal go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá an díospóireacht maidir le saibhreas na dtraidisiún agus na riachtanais eacnamaíochta i mbéal na ndaoine ó shin. Ach níl an pobal Saami ar aon fhocal lena chéile. Más glórach atá an freasúra, tá cogar ann ar son na forbartha freisin. Tagann na turasóirí ina sluaite i rith an tsamhraidh. Bíonn freastal mór ar an aonach ceardaíochta atá á thionól i Jokkmokk le ceithre chéad bliain anuas. Ach bíonn sé chomh ciúin leis an reilig ann sa ngeimhreadh. Má osclaítear an mianach nua, beidh 250 post ann láithreach, agus oiread eile ina dhiaidh sin go háitiúil.

Ní hí forbairt na mianadóireachta an t-aon ní atá ag cur chultúr na Saami i mbaol. Tá an t-athrú aeráide ag cur a ladair sa scéal chomh maith. Bíodh is gur ó thuaidh den chiorcal Artach atá críocha na Saami, ní bhíonn sé chomh fuar ann le tíortha eile is faide soir. Sin de bharr a bheith i gcóngar Mhuir na hIorua, agus mar gheall ar na feachtaí teo a thagann aneas thar Éirinn agus Albain. Le blianta beaga anuas, fágann an t-athrú san aimsir go mbíonn an sneachta ag leá agus ag reo gach ré seal i Sápmi. Ní féidir leis an réinfhia an leac oighir a bhriseadh leis an bhféar glas a thabhairt leis, rud a fhágann go bhfuil na seanphatrúin fosaíochta á gcur as a riocht.

Is iad na Saami an pobal bundúchasach deiridh san Eoraip. Tá a dteanga féin acu, teanga Uráilise a bhfuil gaol aici leis an bhFionlainnis agus leis an Eastóinis, cuir i gcás. Agus tar éis faillí na mblianta, tá meas ar an teanga dhúchais arís. Tá baint nach beag ag Parlaimint na Saami leis an scéal sin. An Sametinget a tugtar ar an bParlaimint, agus is i Kiruna atá sí suite. Bíonn vóta ag duine i dtoghchán na Parlaiminte sin ach a chruthú go bhfuil an teanga ar a thoil aige féin, sin nó ag duine dá mhuintir. Tá naoi míle duine ar liosta na vótóirí. Sin tuairim agus an ceathrú cuid de dhaonra iomlán na Saami sa tSualainn. 

Is díol suntais an méid a dúirt an staraí Rómhánach Tacitus faoi theanga na Saami sa saothar Germania sa mbliain 98 AD. Níl an focal ‘cogadh’ acu. Mura bhfuil féin, tá comhrac á thuar má tá cultúr na Saami le tabhairt slán.

Fág freagra ar 'Na Saami – pobal dúchais i ngleic leis an iarann agus leis an aimsir'