Na Rúin is tábhachtaí ó Chomhdháil CLG an deireadh seachtaine seo

Reáchtálfar Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine seo i gCeatharlach. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na rúin is suimiúla agus is tábhachtaí a phléifear ann

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Andrew Paton
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Andrew Paton

Reáchtálfar Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael Dé hAoine agus Dé Satharn seo in Óstán Mount Wolseley i gCeatharlach.

Cuirfear breis agus trí scór rún os comhair na dtoscairí ach, mar is gnáth, cúpla rún ar leith atá ag tarraingt airde an phobail.

Is iad na rúin a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar struchtúr an Chraobhchomórtais sa Pheil eile is mó a tharraing caint le cúpla mí anuas. Glactar leis go bhfuil athrú éigin ag teastáil sa chomórtas ach cé gur cuireadh 18 rún maidir leis an gCraobhchomórtas sa Pheil faoi bhráid Ard Chomhairle CLG, diúltaíodh don chuid is mó acu, ceann an GPA ina measc.

Sa deireadh, ní bheidh ach trí rún maidir le struchtúr na craoibhe ar an gclár, ceann ón Ard Chomhairle a mholann Craobhchomórtas ‘B’ do na foirne i Roinn 4 den tsraith, agus cinn eile ó Choiste Chontae Cheatharlach agus ó chumann Chill Mhór i Ros Comáin.

Is beag seans go n-éireoidh le haon cheann de na rúin seo. Tá ráite cheanna féin ag an GPA nach n-imreodh na himreoirí i Roinn 4 i gCraobhchomórtas ‘B’ agus mar sin cuirfear moltaí na hArd Comhairle agus Ros Comáin as an áireamh. Cé nach bhfuil Craobhchomórtas ‘B’ i gceist le moladh Cheatharlach, is beag seans go mbeidh dóthain tacaíochta aige.


Rún 2: Seo é an rún atá curtha chun cinn ag an Ard Chomhairle maidir le Craobhchomórtas ‘B’ a thabhairt isteach sa pheil. Nuair a thiocfadh deireadh leis an tSraith Náisiúnta Peile, chuirfí na hocht bhfoireann a bheadh i Roinn 4 don chéad bhliain eile (na sé fhoireann is measa i Roinn 4 agus an dá fhoireann a díbríodh ó Roinn 3) isteach sa Chraobhchomórtas ‘B’.

Bheadh eisceacht ann dá mbainfeadh ceann de na foirne sin áit amach i gcluiche ceannais chraobhchomórtas an chúige, nach mbeadh aon athrú air. Sa chás sin, bheadh an fhoireann a bhain áit amach i gcluiche ceannais an chúige i gCraobhchomórtas ‘A’ na bliana sin agus chuirfí foireann bhreise ó Roinn 4 sa Chraobhchomórtas ‘B’.

Má éiríonn leis an rún seo, ní phléifear na rúin eile a bhaineann le struchtúr na craoibhe peile.

Rún 56: Seo rún ó Ros Comáin a chuireann struchtúr eile don Chraobhchomórtas sa Pheil chun cinn. Moltar anseo go gcríochnófaí na craobhchomórtais idirchúige roimh thús mhí Iúil agus go mbrisfí an craobhchomórtas isteach ina dhá chuid, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, ina dhiaidh sin.

D’imreodh 16 foireann ag Leibhéal 1, an ocht bhfoireann a shroich cluichí ceannais na gcúigí chomh maith leis an ocht bhfoireann eile is fearr ón tsraith. D’imreodh an 16 foireann eile ag Leibhéal 2. Ón dara bliain ar aghaidh, bhainfeadh buaiteoir chraobhchomórtas Leibhéil 2 áit amach i gcraobhchomórtas Leibhéil 1 don chéad bhliain eile, i dteannta na bhfoirne a bhain cluichí ceannais na gcúigí amach agus an seacht bhfoireann is fearr sa tsraith.

Rún 57: Rún eile maidir le struchtúr na craoibhe. Cosúil leis an dá rún eile, de réir an rúin seo, d’imreofaí na Craobhchomórtais idirchúige mar is gnáth ach dhéanfaí an tarraingt do Chraobhchomórtas na hÉireann bunaithe ar thorthaí na Craobhchomórtais idirchúige ón mbliain roimhe.

Chuirfí na foirne a shroich cluichí ceannais na gcúigí i bPota 1, na foirne a chaill cluichí leathcheannais na gcúigí i bPota 2 agus shocrófaí cé a bheadh i bPotaí 3 agus i bPota 4 bunaithe ar staid na bhfoirne sa tsraith náisiúnta.

D’imreodh na foirne ó Photaí 3 agus 4 a chéile i mBabhta 1 agus d’imreodh buaiteoirí na gcluichí sin na foirne ó Phota 2 i mBabhta 2. D’imreodh buaiteoirí na gcluichí sin i mBabhta 2 na foirne ó Phota 1 i mBabhta 3. Ina dhiaidh sin uile, ní bheadh fágtha ach ocht bhfoireann agus bheadh tarraingt oscailte an do bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann.


INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Tá roinnt rún eile le plé an deireadh seachtaine seo a bhaineann leis na comórtais faoi aois. Tá sé ráite ag Ard Stiúrthóir CLG, Paraic Duffy, go bhfuil sé ag iarraidh déileáil le fadhb an tnáithidh i measc imreoirí óga. Mar sin, tá roinnt rún curtha chun cinn ag an Ard Comhairle agus ag coistí éagsúla.


Rún 4: Cé nach rachadh sé i bhfeidhm go dtí 2018, de réir an rúin seo dhéanfaí athrú ag an ngrád mionúr ag an leibhéal idirchontae ó Faoi-18 go dtí Faoi-17. Ní bheadh cead ach ag imreoirí idir 15 agus 17 bliain cluichí mionúr idirchontae a imirt agus ní bheadh cead ach imreoirí idir 14 agus 18 bliain cluichí mionúr na gclub a imirt.

Rún 5: Gheobhadh an rún seo réidh le Craobhchomórtas Peile Faoi-21 na hÉireann agus thabharfaí comórtas Faoi-20 isteach ina háit. Sa chomórtas nua seo, ní bheadh cead imeartha ach ag imreoirí os cionn 18 bliain d’aois agus ní bheadh cead ag imreoir imirt sa Chraobhchomórtas Faoi-20 sa chás go mbeadh cluiche craoibhe sinsear imeartha aige le linn an tséasúir chéanna.

Rún 50 Baineann an ceann seo le himreoirí faoi aois a bheith ag imirt d’fhoirne sinsear. De réir an rúin seo ní bheadh cead ag imreoir faoi bhun 16 bliain d’aois cluiche sinsear a imirt, ní bheadh cead ag imreoir faoi bhun 17 bliain cluiche craoibhe sinsear a imirt agus ní bheadh cead ag imreoir faoi bhun 18 bliain d’aois cluiche sinsear idirchontae a imirt.


INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Murab ionann is comhdháil na bliana seo caite, níl mórán rún curtha chun cinn maidir le rialacha na gcluichí a athrú. Is é an ceann is suntasaí den bheagán rún a bhaineann le rialacha na gcluichí ná Rún 41 a thabharfadh an ‘marc’ isteach sa pheil.


Rún 41: Moltar sa rún seo an marc a thabhairt isteach sa pheil. D’oibreoidh an ‘marc’ mar a oibríonn sé sna cluichí i imrítear i gcoinne na hAstráile faoi na Rialacha Idirnáisiúnta. Faoi na rialacha sin, má théann an cic amach níos faide ná an líne 45m agus má bheireann imreoir uirthi sula mbuaileann sí an talamh, bíonn cead aige ‘marc’ a fhógairt agus cic saor a bhualadh ón áit a ndéantar an fógra. An rogha eile atá ag an té a fhógraíonn ‘marc’ ná leanúint ar aghaidh leis an imirt.


INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

I measc na rún suimiúil eile atá le plé ag an gcomhdháil, tá na rúin seo a leanas:


Rún 7: Tá féilire na gcluichí go mór i mbéal an phobail le tamall anuas agus is í is aidhm an  rúin seo ná an séasúr idirchontae a dhéanamh níos giorra. Molann an rún seo go n-imreofaí cluiche ceannais peile na hÉireann ar an gcéad Domhnach de mhí Mheán Fómhair, seachas ag deireadh na míosa sin, agus moltar chomh maith go n-imreofaí cluiche ceannais iomána na hÉireann coicís roimhe sin. Ní rachadh sé i bhfeidhm go dtí 2017.

Rún 8: Is rún eile é seo atá ag iarraidh am a chur ar fáil do chomórtais na gclub. Leagann sé amach go n-imreofaí am breise i gcluichí i ngach comórtas idirchontae, seachas i gcluichí ceannais na hÉireann agus na cluichí ceannais idirchúige.

Rún 43: Cumann Naomh Seosamh/Buachaillí Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath a chuir an rún seo faoi bhráid na comhdhála. Tá siad ag moladh go gcraolfaí saor in aisce gach cluiche craoibhe idirchontae atá le bheith ar an teilifís. Dar ndóigh, bheadh tionchar ollmhór aige seo ar an socrú teilifíse atá ag CLG le Sky.

Rún 47: De réir an rúin seo cheadófaí do lucht spórt eile úsáid a bhaint as páirceanna eile CLG chomh maith le Páirc an Chrócaigh. Cuireadh an rún céanna os comhair na comhdhála anuraidh ach níor vótáil ach 38% de dhaoine ar a shon.


Fág freagra ar 'Na Rúin is tábhachtaí ó Chomhdháil CLG an deireadh seachtaine seo'