Na painéil is láidre sa tír ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís

I dtuairim na ngeallghlacadóirí tá an Clár agus Port Láirge cothrom, agus cad ina thaobh nach mbeadh, agus gan eatarthu ach cúilín amháin i ndiaidh beagnach céad is a seachtó nóiméad

Clare-waterford

Beimid ag triall ar Dhurlas arís amárach don tríú cluiche sa ‘mhionsraith’ cluichí idir an Clár agus Port Láirge agus gan eatarthu ach aon phoc amháin den sliotar i ndiaidh dhá chluiche go leith. Mar sin táimid ag súil le sárchluiche eile le cosantóirí le cois, teaicticí, tréanobair suas síos an pháirc agus scóranna den scoth.

Nó an mbeidh sé mar a bhí an chéad leath den chéad cluiche, lán de theannas agus de bhotúin. Dar ndóigh, beidh an dara seans ag an dá fhoireann ach is cinnte go mbeidh siad beirt ag iarraidh dul an bealach is giorra chuig an chéad Domhnach de Mheán Fómhair.

Go dtí seo i mbliana, tá comharthaí ann go mbeidh an dá fhoireann gar go leor do phríomhdhuais na hiomána. Ach beidh ar fhoireann amháin dul trí na cluichí cáilithe.

An bhfuil buntáiste ag an gClár de bharr a mbua sraithe? Caithfidh go bhfuil buntáiste éigin i gceist, ach ní dóigh liom go bhfuil siad ag brath air sin chun an coimhlint seo a bhuachan.

Mar atá ráite go mion minic is ar an lá féin ar pháirc na himeartha féin a bhuaitear nó a chailltear na cluichí. 

Tá imreoirí tábhachtacha le teacht ar ais don dá chontae. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh suas le fiche imreoir ar ardchaighdeán ag gach aon chontae, má tá siad dáiríre faoin gcraobh a thabhairt leo. Tá sé ráite go minic freisin gur mó tábhacht atá leis an gcúigear déag a bhíonn ar an bpáirc ag deireadh na himeartha ná mar atá leis an bhfoireann a thosaíonn an cluiche. 

Is dóigh go bhfuil na painéil is láidre sa tír i láthair na huaire ag an dá chontae seo. Ní fhacamar mórán de Paudie O’Mahony nó Maurice Shanahan fós, ná ní fhacamar mórán de David McInerney agus John Conlon sna cluichí deiridh den tSraith Allianz. Caithfidh ról lárnach a bheith acusan roimh dheireadh an tsamhraidh. Cheana féin tá an Clár ag fógairt go orthu déanamh d’uireasa dornán imreoirí tábhachtacha atá fós gortaithe. Dar ndóigh, níl na himreoirí seo ag teastáil go géar uathu fós. Ach beidh, nuair nach mbeidh an dara seans ann agus tiocfaidh an lá sin go luath don fhoireann a chaillfidh amárach.

Tá sé thar a bheith deacair tuar a dhéanamh maidir le cé a bhuafaidh an cluiche seo. I dtuairim na ngeallghlacadóirí tá an dá fhoireann cothrom. Agus cad ina thaobh nach mbeadh, agus, gan ach cúilín amháin eatarthu i ndiaidh beagnach céad is a seachtó nóiméad.

Tá gá le hardchluiche iomána an deireadh seachtaine seo toisc gur cuireadh drochthús leis an gcraobh coicís ó shin. Seans nach amhlaidh a bheidh, áfach. Tharlódh go mbeidh teannas ann agus faitíos ar imreoirí botúin a dhéanamh. Mar sin a bhí sa chéad chluiche eatarthu go dtí an cheathrú dheireanach den 70 nóiméad. Ba ansin a tuigeadh do na himreoirí ar an dá thaobh go gcaithfidís dul sa seans má bhíodar chun an bua a fháil. Seans gur amhlaidh a bheidh an scéal arís amárach.

Nó d’fhéadfadh sé a bheith mar a bhí an dara cluiche agus imirt oscailte agus ualach scóranna  a bheith ann.

Mura mbíonn comhscór ann, beidh an dá fhoireann fós ar an aistear craoibhe céanna ach iad ar bhóithre difriúla.

Fág freagra ar 'Na painéil is láidre sa tír ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís'

  • padraig

    Ag suil le cluiche iontach agus reiteoir stuama an babhta seo! An la leis na Deisigh, mo dhochas ach ta mianach agus iarrann thar mean sna Clairinigh seo. Mar a deir an t-amhran:

    nuair a shileann siad daoine me a bheith luath ina gcas
    o o o ni Laighneach mise ach Muimhneach as Contae an Chlair….op…