Na maidí ligthe le sruth ag Cúige Chonnacht

Tá curaidh na bliana seo caite sáinnithe ag bun an tábla agus ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu níl tada éasca ag baint le dúshlán na hoíche anocht agus iad ag tabhairt faoi Dhún Éideann

Na maidí ligthe le sruth ag Cúige Chonnacht

Níor éirigh le Cúige Chonnacht an meath a mhaolú an deireadh seachtaine seo caite agus chaill siad arís, an tríú huair as a chéile. Ná dearmad ach oiread go raibh ar an réiteoir an cluiche i gcoinne Zebre a chur ar ceal de bharr na drochaimsire.

Anois tá an fhoireann sáinnithe ar íochtar an tábla (12ú háit) agus ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu níl tada éasca ag baint le dúshlán na hoíche anocht agus iad ag tabhairt faoi Dhún Éideann (9ú háit).

Cé gur chaill Dún Éideann i gcoinne na Mumhan ag deireadh na seachtaine seo caite, ní raibh an oiread sin eatarthu agus beidh siad lánmhuiníneach nach mbeidh mórán stró orthu an lámh in uachtar a fháil ar na curaidh agus iadsan in ísle bhrí agus na maidí imithe le sruth uathu ó thús an tséasúir. Nach mór an t-athrú atá ar chúrsaí?

Más ag caint ar bhuachtáil gan stró atá muid, seans gurb é sin an scéal a bheas ag na Muimhnigh (5ú háit) agus iad ag imirt ar Pháirc Thuamhan arís an Satharn seo.

Is i gcoinne Zebre (11ú háit) a bheas siad an babhta seo. Ní bheidh glacadh ná súil le haon toradh eile seachas bua do na Muimhnigh. Beidh neart cúis chainte ann mura n-éiríonn le fir an bhaile ceithre úd agus pointe bónais a aimsiú agus iad i gcoinne ceann na foirne is laige sa gcomórtas faoi láthair,seachas foireann Chonnachtb’fhéidir.

Sílim gurb é an cluiche a bheas ar siúl i mBéal Feirste idir na hUltaigh (barr an tábla) agus na hOspreys (3ú háit) rogha na gcluichí an deireadh seachtaine seo. Comórtas bharr an tábla nó gar dó a bheas ann ach cheapfainn gur cheart go mbeadh buntáiste ar leith ag foireann an bhaile go háirithe agus iad ag iarraidh tógáil ar an mbua iontach sin a bhí acu agus iad as baile i gcoinne Ghlaschú i mBabhta 4 an deireadh seachtaine seo caite.

Feicfidh muid linn ach bí ag súil le sárchoimhlint go háirithe agus na hOspreys ag iarraidh an léasadh a fuair siad ó Chúige Laighean seachtain ó shin a chur as a gcuimhne.

Ar Caerdydd a bheas triall na Laighneach (4ú háit) an Satharn seo. Beidh an choimhlint seo an-suimiúil ar fad. Ar an gcéad luí súl, is iad na hiarchuraidh rogha na coitiantachta ach is fiú a mheabhrú gur éirigh le Caerdydd (2ú háit) Glaschú a chloí i gCaerdydd coicís ó shin, bua a thabharfaidh misneach iontach dóibh agus iad ag tabhairt faoi iarchuraidh an Pro 12.

Fág freagra ar 'Na maidí ligthe le sruth ag Cúige Chonnacht'