Na leabhair Ghaeilge is mó a d’éiligh aird in 2016

Claontuairimíocht shuibíochtúil neamhleithscéalach rogha na leabhar seo a foilsíodh le bliain anuas. D’fhéadfaí teidil go leor eile a lua ach seo iad na leabhair is mó a neadaigh ar an tseilf chaol cois leapa, a d’éiligh aird agus a thug taitneamh dár léirmheastóir

Na leabhair Ghaeilge is mó a d’éiligh aird in 2016

SCOTHLEABHAIR NA BLIANA

Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Tithe an Oireachtais, €10

Ní bréag ná magadh é seo a léitheoir chóir ach feictear dom gurb é an saothar tagartha seo an leabhar Gaeilge is fearr agus is fóintí a foilsíodh i mbliana. Go fiú mura n-aithníonn tú cúirt an Chaighdeáin in aon chor tá ómós ag dul do Rannóg an Aistriúcháin as treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge a chur ar fáil ar shlí shnasta, sholéite atá breac le samplaí. Feabhas suntasach é ar na leaganacha sealadacha agus leanúnacha a eisíodh le tamall de bhlianta. Más beach chealgtha nó beach cealgtha féin thú, beidh brabach agat ar an nuachóiriú seo ar throscán na teanga scríofa.

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, Comhar, €40

Ar shála an Chaighdeáin atá Portráidí ag teacht. Grianghraif Mháire Uí Mhaicín, nach maireann, de 107 scríbhneoir Gaeilge atá sa bhailiúchán lán-daite seo ar togha an fhoilseacháin é i dtaca le hábhar agus caighdeán táirgeachta. Tógadh na grianghraif idir 2009-13 agus tá bunfhaisnéis faoi scríbhneoirí comhaimseartha den uile chineál sa saothar. Gné dhigiteach ag baint leis an togra freisin (portraidi.ie) agus gaisce eagarthóireachta a léiríonn fís agus luachanna Comhar mar shárardán foilsithe.


FILÍOCHT

Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession, Eag. Louis de Paor, Bloodaxe/Cló Iar-Chonnacht, €20

Athshealbhú ar thraidisiún atá i gceist leis an duanaire seo de scoth na filíochta a cumadh idir blianta na hathbheochana agus blianta an bhorrtha. Cinnteoidh réamhaiste Louis de Paor, nótaí maithe léirmhínithe agus aistriúcháin chruthanta ar chuid mhór de chanóin an fichiú haois go mbeidh éileamh ar an díolaim seo. Lorg láimhe Bhiddy Jenkinson le sonrú go láidir sa chnuasach, san fhilíocht bhunaidh, sna haistriúcháin agus sna leaganacha Béarla dá cuid dánta féin. Leabhar téagartha tagartha.

Rún na mBradán: Rogha Dánta Gaeilge 2005-2015, Diarmuid Johnson, Coiscéim, €8

‘Scéalach téadach’ atá an file ilteangach seo. Cumadóireacht ar an gcoigríoch, barr an bhainne agus ‘biorú aigne’ atá sa díolaim a shiúlann ‘uaigneas móra na mara’ agus críocha Gaelacha an chroí ón gCruithreang ar an Eilean Sgìtheanach go tigh Khitt, Doire an Fhéich, Casla. ‘Clocha beaga scartha’ a bhíodh mar theideal ar cholúin an scríbhneora ar Cuisle ach moghlaeirí móra machnaimh iad na píosaí seo.

Beatha Dhónaill Dhuibh, Séamas Barra Ó Súilleabháin, Cló Iar-Chonnacht, €10

Má chonaic tú beocheiliúradh TG4 ar Oíche Shamhna, mór an seans gur thug tú suntas do theacht i láthair friochanta Shéamais Barra Uí Shúilleabháin. Ní liricí deasa neamhurchóideacha a thagann uaidh ach cnuasach cruachainte ar an gcéad iarraidh. Fógraíonn sé gur ‘mairg an cruatan a theagasc d’aon chleas/a chuireann rompu comhréir/na todhchaí.’ Miotal agus damhna dorcha sna dánta agus mianach sa charachtar Dónall Dubh.


FAISNÉIS, STAIR & 1916

Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923, Cormac Ó Comhraí, Cló Iar-Chonnacht, €20

Bliain bhisigh don scoláireacht staire a bhí in 2016 agus monagraf mórshuntais faoi thréimhse chorraitheach deich mbliana é seo. Cuidíonn stíl bheo scríbhneoireachta agus scrupall scolártha leis an údar cuntas fíormheáite a chur i láthair. Mionsamhail scéal an náisiúin in aon chontae amháin ach cruthaítear léargas nua náisiúnta dá bharr. Tá áitimh an leabhair bunaithe ar ransú cúramach i measc fhoinsí cartlainne, cuntais bhéil agus staireagrafaíocht an ábhair. Comaoin curtha ag Cormac Ó Comhraí ar phobal an chontae agus pobal an léinn araon.

Athrú ag Teacht: Conradh na Gaeilge, ardfheis 1915 agus éirí amach na Cásca, Aindrias Ó Cathasaigh, Coiscéim, €10

An bás gan trua a bhí i ndán don seandomhan a bhí á shaothrú ag Conradh na Gaeilge in 1915? Fiosraíonn Aindrias Ó Cathasaigh an t-athrú a chuir Bráithreachas na Poblachta i gcrích ar Chonradh na Gaeilge agus na bealaí inar féachadh leis an athrú sin a chur i gcrích roimh agus le linn Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan i 1915. Staidéar spéisiúil bunaithe ar fhoinsí iomadúla cartlainne. Déantar anailís ar leith ar leagan amach Dhubhghlas de hÍde a d’éirigh as Uachtaránacht an Chonartha i ndiaidh na hArd-fheise.

Seachtain na Cásca i nGaillimh: Macallaí na Cásca 15, Ailbhe Ó Monacháin, Eag. Aindrias Ó Cathasaigh, Coiscéim, €7.50

D’fhéadfaí leabhráin go leor sa tsraith thairbheach seo ó Choiscéim a liostáil ach ghoin léacht Ailbhe Uí Mhonacháin m’aire go mór i mbliana. Tugadh an píosa cainte tráth comórtha leathchéad bliain an Éirí Amach i 1966. Meabhrú é nár bhain imeachtaí na seachtaine móire leis an bpríomhchathair amháin agus cuireann Aindrias Ó Cathasaigh eagar agus nótaí comhthéacsaithe leis an téacs a foilsíodh ar Ar Aghaidh den chéad uair.


FICSEAN/IRISEOIREACHT

An tIriseoir, Michelle Nic Pháidín, Cois Life, €10

Maitear dom an lipéad liopasta thuas. Úrscéal gairid é seo, ficsean comhaimseartha atá scríofa ag iriseoir faoi phríomhcharachtar ar iriseoir í, Bríd Nic Aoidh. Coiriúlacht, drugaí, a saol pearsanta ina chadás, tarraingt uirthi chaon taobh i dtéarmaí teaghlaigh, sin iad na cnámha ar a gcrochann Michelle Nic Pháidín feoil na scéalaíochta ar Bhríd, ar carachtar cothrom inchreidte í. Cuireann insint bheoga leis an teannas san eachtraíocht ach bhí an scéal féin rud beag gearr, shíl mé féin. Dea-chomhartha, dea-charachtracht, dea-scríbhneoireacht.

Cinnlínte: Saol an Iriseora, Deaglán de Bréadún, Cois Life, €12

Ní seanchas ná cuimhní cinn go díreach an foilseachán seo ach léargas machnamhach ar cheird na hiriseoireachta. Tá cuntais mhaithe ar Yasser Arafat, Albert Reynolds agus tuairisc chumhachtach ar champa Cukurca ar an teorainn idir an Tuirc agus an Iaráic a bhí plódaithe le teifigh Choirdíneacha i 1991. Ríomhtar cúlra an mhasla cháiliúil ‘G’way ye wife-swapping sodomites’ le linn an dara reifreann faoin gcolscaradh i 1995. Ní ghéilltear don tsoiniciúlacht is dual do sheancheardaithe ach léirítear scríbhneoir íogair nach carghas leis an daonnacht a shaothrú ina chuid próis.


GAELTACHT

Scéal Duine: Scéal Pobail, Máire Mhic Niallais, €20

Saothar eisceachtúil arna scríobh agus chur in eagar ag Máire Mhic Niallais. Tugtar léargas luachmhar ar chorradh is 100 pearsa ar fud Ghaeltacht Dhún na nGall, glúin iomlán gníomhairí pobail agus mórcharachtair a rinne agus a dhéanann a gcion ar son an chultúir sa chontae mhaorga, leithéidí Tony Mhic Aodha i nGaoth Dobhair, Bríd Anna Ní Bhaoill i Rann na Feirste agus Patsaí Dan Mac Ruaidhrí i dToraigh. Taifead suntasach sóisialta iad na grianghraif agus na míreanna beathaisnéise orthu siúd atá anois ar lár fearacht Shéamuis Mhic Géidigh as Gort an Choirce, trócaire air. Cuimsítear na hOileáin, Gleann Cholm Cille, Teileann, An Ghaeltacht Láir, Fánaid, na Dúnaibh, Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair féin sna cuntais.

Labhrann Fungie – Fungie Speaks, Dairena Ní Chinnéide, Ponc Press, €50/€12.50

Aithriseoireacht dhátheangach atá san ochtú leabhar filíochta ó Dhairena Ní Chinnéide. Tarraingíonn an file as deilf an Daingin mar dhamhna fileata agus is í Áine Ní Chíobháin a rinne na léaráidí. Le fáil mar shaineagrán ardchaighdeáin sínithe ag an bhfile ón litirphreas, Ponc Press (€50) nó i bhformáid ghnáthfhoilseacháin (€12.50) le dlúthdhioscaí d’aithriseoireacht Dhairena féin chomh maith le ceol ó Eoin Duignan.

Scoil Chuimsitheach Chiaráin: 50 Bliain ag Fás, Eag. Cormac Ó Comhraí, Cló Iar-Chonnacht, €12

Is le deireanas a bhain an téarma ‘scoilphobal’ cúrsaíocht amach i measc na ndaoine agus dá dteastódh sainmhíniú riamh uait níor chall ach an leabhar seo a tharraingt chugat féin. Seanchas daonna, scéalaíocht ghrinn, gaiscí spóirt, cuimhní cinn agus stair shóisialta an iar-bhunoideachais ar an gCeathrú Rua/Ceantar na nOileán atá ann. Eagar snasta ar na míreanna scríofa agus togha ábhair sna céadta pictiúr don taighdeoir bearrthaí gruaige agus faisin. Á dhíol go tréan i gConamara faoi láthair agus á chur ar fud an tsaoil mhóir.  


AISTRIÚCHÁIN

Cluiche na Corónach, George RR Martin, Aistritheoir: Oisín Ó Muirthile, Leabhar Breac, €15

Shocraigh mac léinn sa dara bliain i gColáiste na Tríonóide gur mhaith leis aghaidh a thabhairt ar an scéalaíocht chasta sa bhunleabhar a thionscain an tsraith cháiliúil teilifíse. Amach roimhe bhí friotal aduain, ainmneacha spéisiúla agus comhrá sách achrannach. Tá an geimhreadh chugainn cheana féin agus coinneoidh an leagan seo ag imeacht idir dhá Nollaig thú.

Luascadán Foucault, Umberto Eco, Aistritheoir: Matt Hussey, Coiscéim, €15

Úrscéal dúshlánach toirtiúil (breis is 600 leathanach) le mórscríbhneoir a bhásaigh i mí Feabhra na bliana seo. Tiontaithe go Gaeilge ag Matt Hussey, a bhfuil dhá leabhar eile aistrithe ón Iodáilís i mbliana aige, is don té ar spéis leis litríocht dhomhanda an iar-nua-aoiseachais an saothar seo.


ACADÚIL

An Chaora Ghlas agus Scéalta eile as Seanadh Farracháin, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Leabhar Breac, €15

Is ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol i gCnuasach Bhéaloideas Éireann a bunaíodh an t-eagrán seo de shé scéal ó chúigear scéalaithe as Seanadh Farracháin in iarthuaisceart Chontae na Gaillimhe. Tá eagarthóireacht chríochnúil déanta ar na téacsanna a roghnaíodh ó chorpas 44 scéal ar fad, scéalta a tógadh ó mhná is fir. Sméar mhullaigh an leabhair an aiste léannta a shaothraíonn ceisteanna laochais agus inscne in éineacht agus pléitear tábhacht na scéalaíochta mar mhodh smaointeachais pobail go tomhaiste tuisceanach.

Múinídh dom glao: éifeacht mhothálach an ghairmigh ag filí na Gaeilge, Michelle O Riordan, Leabhar Breac, €15

An t-ainm dílis, a thábhacht agus mar a shaothraítear an téama seo ó liricí na meánaoiseanna anall is ábhar don staidéar gairid géarchúiseach seo. Patrún na húsáide agus ealaín mhothálach an tróip a chíorann O Riordan agus rianann sí an tanaíochan feidhme a thagann ar chiúta reitrice an ghairmigh go cumasach comair. Tráchtaireacht thorthúil ar ghné agus ar ré den traidisiún liteartha nach saothraítear ach go ró-annamh trí mheán na Gaeilge.


LEANAÍ

Is maith an oidhe ar litearthacht na n-óg é gur liosta le háireamh iad na teidil do léitheoirí óga atá ar fáil an Nollaig seo. Níl sna teidil seo ach sampla an-teoranta:

Hata Zú Mhamó, Áine Ní Ghlinn, Cois Life, €7

Bhain an scéal seo Gradam Réics Carló ag Oireachtas 2016 agus is furasta a thuiscint cén fáth. Scéal ógánaigh agus í ar cuairt chuig Mamó i dteach altranais é seo ach níl ansin ach a thús. Roinntear siosmaid agus spraoi orainn sa scéalaíocht. Feiliúnach do pháistí idir 9-11 bliain.

Orla Uan ar Scoil, Eibhlín Uí Iarlaithe, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, €10

Maisithe ag Dómhnal Ó Bric, insítear scéal Orla Uan agus í ag fhoghlaim rince is amhrán ar scoil i gcuideachta a caraid, Ruairí as Cruach Mhárthain in iarthar Dhuibhneach. Chuir Liam Ó Beaglaoich ceol leis an dlúthdhiosca, cloistear an t-údar i mbun aithrise agus amhráin ó Chian Ó hIarlaithe. Oiriúnach do leanaí óga.

Dialann Dúradáin: Rodrick Abú, Jeff Kinney, Futa Fata, €9.95

Aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, seo scéal a fheileann gasúir den aoisghrúpa 9-12 bliain faoin scorach óg, Greg Heffley, atá ag dul in árach le saol nua na meánscoile.

Dónall Dána, Francesca Simon, Cló Iar-Chonnacht, €5

Seo leagan den mhórshraith Horrid Henry le maisiúcháin Tony Ross agus eagráin éagsúla tiontaithe go Gaeilge ag Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní Shúilleabháin, Caitlín Ní Chualáin agus Gormfhlaith Ní Thuairisg. Gaeilge nádúrtha bhlasta curtha ar na bunleaganacha agus cuirtear aithne ar Dhónall, ar a dheartháir Learaí-gan-Locht, Róisín Raicleach, an Máistreas Rince, Pádraicín Pleancadh, Liadan Leisciúil, Peigín Pusach, Máirtín Mímhúinte, Caitríona Cliste agus Síle Searbh i measc carachtar go leor eile. Aoisghrúpa 7-10 bliain.

Fág freagra ar 'Na leabhair Ghaeilge is mó a d’éiligh aird in 2016'