Na himreoirí a chleacht an sacar agus an leagan Gaelach den pheil…

Téann an ceangal idir an pheil Ghaelach agus an sacar chomh fada siar agus atá ann

Na himreoirí a chleacht an sacar agus an leagan Gaelach den pheil…

Rinneadh athmhúscailt arís an tseachtain seo ar na scéalta a bhaineann leis na himreoirí a chleacht an sacar agus an leagan Gaelach den pheil – tá sin tarlaithe mar go bhfuair John Egan an glaoch ó Martin O’Neill a bheith ina measc siúd a bhí ag ullmhú don réamhbhabhta i gCorn an Domhain in aghaidh na Breataine Bige ar an Aoine seo caite agus don chluiche dúshláin in aghaidh na hÍoslainne tráthnóna Dé Máirt seo ag teacht. Bhí athair Egan, den ainm céanna, ar fhoirne móra Chiarraí sna 1970idí agus ‘80idí, dar ndóigh.

Gan amhras is le Kevin Moran a bhaineann an ceangal is cáiliúla. I mí Feabhra 1978 agus bainisteoir Manchester United ag an am, Dave Sexton, lena ais. shínigh an Móránach conradh trí bliana leis an gclub agus measadh gurbh in deireadh lena chuid imeartha ar fhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Craobh na hÉireann buaite acu an dá bhlian roimhe sin.

Ach ar chúis éicint ag deireadh mhí an Mheithimh cheadaigh Sexton don imreoir a dhul chun páirce i gCluiche Leathcheannais Laighean in aghaidh Uíbh Fhailí. D’imir sé freisin sa mbua ar Chill Dara i gcluiche ceannais an chúige, i mbua na Dubs ar an Dún i gCluiche Leathcheannais na hÉireann agus sa gcliseadh in aghaidh Chiarraí sa mbabhta ceannais. Faoin am ar imir na foirne a chéile arís i gcluiche ceannais na bliana dár gcionn bhí áit bhuan ag Moran in Old Trafford agus a chuid imeartha sa gcluiche ina raibh cead láimhseála na liathróide ag chuile dhuine tagtha chun deiridh.

De na himreoirí reatha atá faoi chúram Martin O’Neill, d’imir Shane Long do Thiobraid Árann faoi dhó mar mhionúir i gCluichí Ceannais na hÉireann, bhí David Myler ag imirt sa ngrád sin do Chorcaigh nuair a fuair sé an glaoch ó Sunderland, d’imir Séamus Coleman peil d’fhoirne faoi aois Dhún na nGall, mar a rinne a bhainisteoir go deimhin, a bhí ar an bpáirc chéanna le hathair John Egan nuair a d’imir Doire agus Ciarraí a chéile i gCluiche Leathcheannais na Mionúr i 1970.

Ba sa mbliain a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael (1884) a saolaíodh Val Harris sa Rinn, i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath. D’imir sé peil le club a raibh Oileán na Mara mar ainm air agus i 1903 bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann, tráth arbh iad seaimpíní na gclubanna a sheasadh an fód dá gcontae – craobh 1901 a bhí i gceist, ach moill dhá bhliain a bheith curtha ar an imirt.

An bhliain chéanna sin thosaigh sé ag imirt sacair le Shelbourne agus go gairid ina dhiaidh sin, dhíoladar san le Everton é ar tháille £350, an tsuim ba mhó a bhí ceadaithe a thabhairt ar imreoir ag an am. D’imir Val Harris d’fhoireann idirnáisiúnta na tíre freisin.

Scéal níos iontaí fós a bhaineann le Jack Kirwin. I nDún Luáin i gCo. Chill Mhantáin a rugadh eisean sa mbliain 1878 agus ní raibh sé ach 16 bliain d’aois agus é ag imirt do na hÉireannigh Óga a bhuaigh Craobh Átha Cliath agus Craobh na hÉireann ina dhiaidh sin in 1894.

Ba thar lear áfach agus leis an sacar a bhain sé an cháil ba mhó amach – mar imreoir le Everton, Tottenham Hotspur agus Chelsea agus faoi dheireadh mar bhainisteoir ar Ajax Amsterdam, nuair a bhaineadar sin Príomhroinn na hÍsiltíre amach den chéad uair i 1911.

Chaith Kirwin cúig bliana ina bhainisteoir ar Ajax – an chéad bhainisteoir riamh a íocadh sa gclub sin agus nuair a bhí a chion déanta ansiúd aige agus an Cogadh Mór ar leic na tairsí, chuaigh sé ag plé leis an gcúram céanna i Livorno na hIodáile, tar éis dó tamall a chaitheamh sa mbaile mar bhainisteoir ar Shelbourne.

Níos gaire de láthair, chaith Con Martin deich mbliana ag imirt ar fhoireann sacair na hÉireann ó lár na 1940idí i leith, rud a rinne a mhac, Mick, ar feadh dhá bhliain lena chois sin, idir 1971 agus 1983.

Ba é an t-athair an peileadóir Gaelach. Bhí Con Martin i lár na páirce ar fhoireann Átha Cliath a bhuaigh ar Cheatharlach i gCluiche Ceannais Laighean i 1941 agus Joe Mac Gearailt as Corca Dhuibhne mar chomrádaí aige. Faoin am ar tháinig cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh chontae dhúchais an Ghearaltaigh, bhí Martin ar fionraí siocair a bheith ag imirt an chluiche Ghallda le Droim Conrach.

Bliain dár gcionn bhuaigh an Gearaltach agus formhór na n-imreoirí eile Craobh na hÉireann.

Ba é a chumas mar chosantóir an bua ba láidre a bhí ag Con Martin sa dá chluiche, ach nuair a chuaigh sé ó thuaidh ag imirt le Glentoran i Sraith an IFA, sheas sé idir na cuaillí i gcúpla cluiche agus ba ghearr gur chuir Manchester United, a bhí ar thóir báireora, a thuairisc.

B’fhearr le Martin a bheith amuigh faoin bpáirc agus ar an gcúis sin dhiúltaigh sé de thairiscint a chuir Matt Busby ina bhealach agus shínigh conradh imeartha le Leeds United. As sin chuaigh sé go Aston Villa lenar imir sé 213 cluiche idir 1948 agus 1956 – ceann amháin acu mar chúl báire.

Nuair a tháinig deireadh leis an riail a chuir cosc ar imirt na gcluichí coimhthíocha i 1971, bronnadh bonn Laighean faoi dheireadh ar Con Martin, deich mbliana fichead tar éis dó é a bhuachan.

Fág freagra ar 'Na himreoirí a chleacht an sacar agus an leagan Gaelach den pheil…'