‘Ná héirímis róghafa le hacht don Ghaeilge amháin – má tá sé sách láidir is cuma an Ultais a bheith ann’ — Ó Cuív

Tá éirithe idir Éamon Ó Cuív agus Peadar Tóibín faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh agus deir Ó Cuív gur phléigh sé an cheist le Sinn Féin agus go dtuigeann siad go maith nach é cineál na reachtaíochta ach a ‘substaint’ is tábhachtaí don Ghaeilge

‘Ná héirímis róghafa le hacht don Ghaeilge amháin – má tá sé sách láidir is cuma an Ultais a bheith ann’ — Ó Cuív

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nár cheart a bheith róbhuartha faoi acht teanga don Ghaeilge amháin agus gur chuma aitheantas a bheith ag an Ultais i reachtaíocht teanga fad is a bheadh an chuid den dlí a bhainfeadh leis an nGaeilge sách láidir.

Thug Ó Cuív le fios do Tuairisc.ie nach é polasaí Fhianna Fáil gan glacadh ach le hacht don Ghaeilge amháin ó thuaidh, agus dúirt an Teachta Dála gur chuir sé an tuairim chéanna in iúl do lucht ceannais Shinn Féin nuair a d’iarr siad a chomhairle le déanaí.

Dúirt sé gur phléigh sé ceist an Achta le daoine sinsearacha i Sinn Féin agus mhaígh sé go “dtuigeann siad go maith” nach ndéanfadh sé an oiread sin difir don Ghaeilge dá bhfaighfí acht láidir a mbeadh teangacha eile luaite ann chomh maith.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta an méid sin le Tuairisc.ie i ndiaidh d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, a rá go raibh “a hobbyist’s approach to the Irish language” ag Ó Cuív agus Fianna Fáil.

Dúirt Tóibín gur léiriú ar an gcur chuige liom leat sin go ndúirt Ó Cuív gur cheart do Shinn Féin “géilleadh” maidir leis an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh atá á phlé mar chuid de chainteanna Stormont.

Dúirt Ó Cuív go meabhraíonn an díospóireacht faoin reachtaíocht “spiorad Fhorógra na Cásca” dó nuair a chuimhníonn sé ar an nGaeilge agus ar an Ultais a bheith luaite in aon phíosa reachtaíochta amháin.

“Agus mé ag cuimhneamh ar an gceist seo, cuimhním ar an líne atá i bhForógra 1916 ‘gan beann aici ar an easaontas a chothaigh rialtas eachtrannach d’aon toisc agus a dheighil mionlach ón móramh san am atá thart’.

“Ní raibh mé riamh dall ar mhianta an phobail aontachtaigh, thug mé tacaíocht agus ugach dóibh, agus níor bhain siad tada de mo Gaelachais. Chuir siad le hiolrachas na tíre. Má tá Tóibín ar mhalairt tuairime, cheapfainnse nach bhfuil sé ag teacht le spiorad Fhorógra na Cásca,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur “raiméis” a bhí sa mhéid a bhí le rá ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin. Dúirt Ó Cuív nach raibh bun ná barr leis an áitiú gur mhol sé “géilleadh” maidir le ceist an Achta Gaeilge.

Dúirt sé gurbh é a dúirt sé gur thrua nach ndearna Sinn Féin tuilleadh machnaimh ar thairiscint Cheannaire an DUP Arlene Foster go dtabharfaí aghaidh ar cheist na reachtaíochta ach Stormont a bheith ag feidhmiú arís.

Dúirt Ó Cuív go raibh loighic ag baint leis an gcur chuige sin.

“Ní féidir le hacht teanga a theacht roimh an bhfeidhmeannas, níl sé indéanta,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Dúirt sé nár cheart a bheith róghafa leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin.

“Abair go mbeadh reachtaíocht ann agus gach rud a theastaíonn ó Chonradh na Gaeilge istigh ann ach rudaí faoi theangacha eile ann chomh maith, cén bealach a ngortódh sé sin mise mar chainteoir Gaeilge? Níl ‘stand alone’ Acht Gaeilge againn ó dheas, Acht na dTeangacha atá againn, agus ní raibh aon fhadhb agamsa aitheantas a thabhairt do chultúr na n-aontachtóirí.

“Nach é an rud atá uainn acht láidir don Ghaeilge? Agus mar sin, má éiríonn linn reachtaíocht a fháil dírímis ar an gcuid den reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge. Tuigeann Sinn Féin é sin agus mura dtuigeann Peadar Tóibín é, tá sé as tiúin le daoine atá níos sinsearaí ná é ina pháirtí féin, mar phléigh mise an cheist leo,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt sé gurbh í an “tslat tomhais” ba cheart a bheith ann maidir le ceist na reachtaíochta teanga don Tuaisceart ná “céard a fhaigheann  an Ghaeilge, ní céard a fhaigheann daoine eile”.

“Is í ceist an achta céard a bheadh ann ó thaobh na Gaeilge de, ní céard a bheidh ag dream eile. Tá teimpléad maith ag Conradh na Gaeilge, agus dá gcuirfí é sin i bhfeidhm mar dhlí, ba ríchuma liomsa faoi rudaí eile. Diabhal mórán cosanta atá ag teastáil ón mBéarla, ach tá cosaint áirithe san acht ó dheas do lucht an Bhéarla. Mar a chéile do lucht na hUltaise, cé nach dóigh liomsa go bhfuil mórán éilimh ag lucht na hUltaise ar a leithéid,” a dúirt sé.

Chosain an t-iar-aire Gaeltachta a dhintiúir féin i leith na Gaeilge i bhfianaise líomhaintí Thóibín.

“Tá mo shaol caite agamsa le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhog mé chun na Gaeltachta le dul ag obair le comharchumann Gaeltachta. Thóg mé mo chlann le Gaeilge,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Ná héirímis róghafa le hacht don Ghaeilge amháin – má tá sé sách láidir is cuma an Ultais a bheith ann’ — Ó Cuív'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfinn aontú le Éamon Ó Cuív. Braithim go bhfuil an Ghaeilge á usáid ag Sinn Féin, mar leithscéal mar nach mian leo ag an bpoinnte seo a bheith in aon rialtas leis an DUP i dTuaisceart Éireann. Tá sé in am dóibh géilleadh faoin Ultais.

  • Mánus

    Ní bhaineann an Ultais leis an cultúr Aontachtach amhâin. Tá Ultais á labhairt sa Deisceart. Is fearr acht a thugann aitheantas don Ultais freisin. Níl comhréiteach ó SF toisc nach bhfuil siad ag iarraidh go noibreodh an Comhthionól ní mar gheall ar cearta teanga.
    Tá acht teanga sa Deisceart ach níl cearta teanga ar fáil ó rialtas FFFG ag Gaeilgeoirí sa Deisceart agus iad ag plé leis an Státchóras.

  • Seán Mór

    Tá na heagraíochtaí Gaeilge agus na pobail Ghaeilge ar aon ghuth lena chéile maidir le hAcht Gaeilge a bheith ann leis féin, go leor daoine mar bhaill iontu nach n-aontaíonn le SF ar a lán ceisteanna. Níl pobal na Gaeilge sna Sé Chontae i gcoinne na hUltaise per se, ach i ndiaidh 20 bliain de thaithí crua tá feicthe againn nach bhfuil i gceist ag go leor daoine agus páirtithe ach an Ultais a úsáid mar choscán chun moill agus castacht agus dodhéantachas a cheangal le gach iarratas ar aitheantas don Ghaeilge. Deirim sin mar dhuine a bhfuil tréithe láidre den Ultais beo i measc mo mhuintire féin. Má cheanglaítear an Ultais mar leathchúpla Siamese leis an Ghaeilge, is í an Ghaeilge is mó a bheas thíos leis. Tchíonn an dall sin ó thuaidh.