Na heachtraí agus na scóranna is fearr ó chluichí Chorcaí agus Phort Láirge le 20 bliain anuas

Agus na foirne ag casadh ar a chéile arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann amárach, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na heachtraí i gcluichí idir Corcaigh agus Port Láirge le scór bliain anuas

Na heachtraí agus na scóranna is fearr ó chluichí Chorcaí agus Phort Láirge le 20 bliain anuas

John Mullane agus Wayne Sherlock in 2003. INPHO/Lorraine O'Sullivan

Amárach, tabharfaidh iománaithe Chorcaí agus Phort Láirge aghaidh ar a chéile don 18ú huair ó 1999. Is beag seans gur chas aon dá fhoireann eile ar a chéile chomh minic céanna sa tréimhse sin agus cé nach aon rud ró-nua é cluiche idir na foirne seo faoin am seo, bítear ag súil le ruaille buaille éigin i gcónaí nuair a thugann na Reibiliúnaithe agus na Déisigh faoina chéile. Is idir na contaetha seo a bhí cuid de na cluichí iomána is crua agus is iontaí ó chasadh na mílaoise.

Idir 2002 agus 2010, d’imir siad a chéile aon uair déag sa chraobh. Ba ag Port Láirge a bhí an bua i gcúig cinn de na cluichí agus ceithre bhua a bhí ag Corcaigh. Nuair a chuirtear na scóranna uile a aimsíodh sna cluichí sin le chéile, aon phointe amháin atá eatarthu – 239 pointe ag Corcaigh agus 238 ag Port Láirge. I measc na gcéadta scór sin, cuimhneofar go ceann i bhfad ar chuid acu…

Trí chúl John Mullane in 2003

Is annamh a mbeadh díomá ar imreoir tar éis dó trí chúl a aimsiú ach b’amhlaidh an scéal ag John Mullane i gcluiche ceannais na Mumhan 2003. D’aimsigh Mullane a chéad chúl sa chéad leath nuair a bhí Port Láirge in uachtar agus nuair a tháinig Corcaigh ar ais sa choimhlint sa dara leath, ba é Mullane is mó a spreag na Déise.

D’aimsigh sé cúl eile i lár an dara leath agus, gan ach ceathrú uaire fágtha sa chluiche, scaoil sé le hurchar eile a d’fhág Port Láirge chun cinn. Thug sé an dá mhéar don slua taobh thiar den chúl i ndiaidh dó an scór sin a fháil, ach is iad na Corcaígh a bhí ag ceiliúradh sa deireadh, agus bua 3-16 in aghaidh 3-12 acu.

Raspar Paul Flynn in 2004

Áirítear cluiche ceannais na Mumhan 2004 i measc na gcluichí ab fhearr a imríodh riamh ach bhí ar Phort Láirge an beart a dhéanamh an geábh seo d’uireasa Mullane, a cuireadh den pháirc go luath sa dara leath. Bhí Corcaigh chun tosaigh ar feadh cuid mhaith den chluiche ach tháinig athrú ar chúrsaí agus 50 nóiméad imeartha.

Bhí Corcaigh dhá phointe chun cinn nuair a rinneadh feall ar Dan Shanahan 35 slat amach ón gcúl. Ní raibh súil ag duine ar bith lenar tharla ansin, go háirithe Dónal Óg Cusack, cúl báire Chorcaí agus a chuid cosantóirí a bhí seasta ar an líne. Thug Paul Flynn faoi chúl agus bhuail sé raspar díreach isteach san eangach. Agus am breise anois ann, bhí Port Láirge fós pointe chun cinn agus Corcaigh ar an ionsaí. Rinne Ken McGrath an-ghabháil san aer chun an bua a chinntiú do na Déisigh.

Cúl Brian Corcaran in 2005

Mar a tharla i mbliana, in 2005 bhuail Corcaigh Port Láirge sa chluiche leathcheannais sular bhuaigh siad Craobh na Mumhan. Murab ionann agus 2017, bhí ar churaidh na Mumhan imirt i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in 2005 agus is sa bhabhta sin a chas Port Láirge orthu arís.

Ní raibh tada idir na foirne go dtí gur aimsigh laoch Chorcaí Brian Corcoran cúl iontach. D’fhan sé ar phreabadh na liathróide sular bhuail sé isteach thar Clinton Hennessy sa chúl í. Chuir an scór sin Corcaigh chun cinn, agus mar sin a bhí ag deireadh an chluiche.

Iarracht Shane Murphy in 2007

Chas na foirne ar a chéile faoi thrí i gcraobh 2007. Fuair Port Láirge an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais na Mumhan ach chas siad ar a chéile arís i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Chríochnaigh an chéad chluiche ar comhscór agus san athimirt, ní raibh ach cúl amháin idir na foirne agus am gortuithe á imirt. Port Láirge a bhí chun tosaigh.

Ní raibh ach cúpla soicind fágtha agus cúl ag teastáil ó Chorcaigh nuair a bronnadh poc saor orthu. Buaileadh an sliotar isteach i mbéal an chúil agus bhris sé chomh fada le Shane Murphy. Thug Murphy faoin gcúl ach bhí a iarracht orlach ró-ard agus bhuail an sliotar an trasnán. Thug na Déisigh na cosa leo.

Ruathar Austin Gleeson in 2014

Cé nach raibh na foirne chomh láidir agus a bhí siad thart ar deich mbliana roimhe seo, fós ní raibh aon easpa scil orthu. Agus é ag imirt ina chéad chluiche i ngrád na sinsear, agus gan é ach ocht mbliana déag d’aois, thug Austin Gleeson léiriú iontach dúinn ar a mhianach. Chuaigh Gleeson ar ruathar fada ar an gcliathán sular aimsigh sé cúl slachtmhar.

Pointe Austin Gleeson in 2017

Bhí draíocht Gleeson le feiceáil arís sa chluiche idir na foirne níos luaithe i mbliana. Cé nárbh é seo an taispeántas is fearr riamh aige i ngeansaí na nDéise, léirigh Gleeson scil dhochreidte chun an cúilín seo a fháil sa chéad leath. Agus an sliotar ag dul i dtreo an chosantóra, shleamhnaigh Gleeson isteach, smachtaigh sé an liathróid de phreab sé an liathróid agus bhuail í thar an trasnán. Scór den scoth agus beidh lucht tacaíochta Phort Láirge ag súil go bhfeicfidh siad ceann nó péire eile uaidh amárach.

Fág freagra ar 'Na heachtraí agus na scóranna is fearr ó chluichí Chorcaí agus Phort Láirge le 20 bliain anuas'