Na Gleannta, Ard an Rátha agus Gleann Cholm Cille uile ar bhealach Rás An Post tráthnóna

Cruthóidh cnoic Dhún na nGall deacrachtaí do na rothaithe tráthnóna agus Staid 6 de Rás An Post 2017 ag filleadh tríd cheantair Ghaeltachta

Na Gleannta, Ard an Rátha agus Gleann Cholm Cille uile ar bhealach Rás An Post tráthnóna

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tabharfaidh Rás An Post cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall arís inniu agus an séú staid den rás rothaíochta ag dul ón gClochán Liath chomh fada le Baile Dhún na nGall.

Tar éis do na rothaithe dul tríd Dhún Fionnachaidh agus an Fál Carrach inné, tabharfaidh siad cuairt ar cheantair Ghaeltachta ar nós na Gleannta, Ard an Rátha agus Gleann Cholm Cille tráthnóna mar chuid den staid 132km.

Is cinnte go gcruthóidh an staid dúshláin do na hiomaitheoirí chomh maith agus bealach an rása ag dul thar chnoic Dhún na nGall. Beidh seacht n-ardú rangaithe ar an mbealach san iomlán, an chéad cheann acu 17km i ndiaidh thús an staid nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Loch na mBradán. Is í Malaidh Ghleann Gheis, ardú catagóir 1, idir Ard an Rátha agus Ailt Chloch an chuid is deacra den staid.

Cuirfear tús leis an staid ar an gClochán Liath ag 11.00r.n.. Baileoidh na rothaithe le chéile i gcarrchlós The Stepping Stone Bar & Restaurant ag 10.45r.n. sula gcuirfear tús leis an staid ar phríomhshráid an bhaile.

Ba é fear na Nua-Shéalainne, Regan Gough a bhuaigh Staid 5 inné. Is é an Sasanach James Gullen, atá ar fhoireann JLT Condor, atá ag caitheamh an gheansaí buí faoi láthair, agus é nóiméad agus cúig soicind chun cinn ar Ike Groen ó fhoireann Netherlands Delta Cyling. Is é Damien Shaw na hIarmhí an tÉireannach is airde sa rangú agus é sa chúigiú háit, ceithre nóiméad agus 32 soicind taobh thiar de Gullen.

Níl ach dhá staid fágtha i ndiaidh cheann an lae inniu. Beidh na rothaithe ag  ó Bhaile Dhún na nGall chuig Baile Átha Fhirdhia ar an Satharn agus ag críochnú sna Sceirí Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Na Gleannta, Ard an Rátha agus Gleann Cholm Cille uile ar bhealach Rás An Post tráthnóna'