Ná géilltear don éadóchas aeráide!

Tá droim láimhe tugtha ag Donald Trump do chonradh aeráide Pháras, ach ní hé sin le rá gur cheart don chuid eile againn géilleadh don éadóchas agus éirí as ár gcuid iarrachtaí an pláinéad a shábháil, a scríobhann ár gcolúnaí

Ná géilltear don éadóchas aeráide!

Fuair mé féin agus na daoine eile sa bhloc árasán ina bhfuil cónaí orm drochscéal an tseachtain seo caite. Tháinig bille uisce an fhoirgnimh: R$2,700 in airgead na Brasaíle, nó tuairim is 730 euro. Go hiondúil ní bhíonn sa bhille míosúil ach tuairim is 90 euro. Ba é an chaoi gur bhris snámhlasc chóras uisce an fhoirgnimh, gur choinnigh an caidéal air ag pumpáil gan stad, agus go ndeachaigh an t-uisce nár úsáid muid síos an draein, é seo ar fad i ngan fhios dúinn.

Beidh orainn an bille a íoc. Murab ionann agus tíortha áirithe eile, glactar leis go forleathan sa Bhrasaíl gur earra luachmhar é an t-uisce agus go gcaithfear íoc as. Ach sin scéal eile.

Is ea, earra luachmhar é an t-uisce. Ba é sin an fáth go raibh oiread dua á chur orm féin agam á chaomhnú. I mbuicéad mór a ním mo chuid éadaí (níl inneall níocháin agam a thuilleadh) agus úsáidim an t-uisce salach chun an leithreas a shruthlú (is féidir é a dhoirteadh isteach i sistéal an leithris go héasca.)

I ndiaidh na trioblóide ar fad a bhí á cur orm féin agam, ba ormsa a bhí an cantal nuair a fuair muid amach go raibh muid tar éis na mílte lítir uisce a chur amú i ngan fhios dúinn. Tháinig fonn orm mo chuid iarrachtaí uisce a chaomhnú a chaitheamh i dtraipisí. Má bhí orm mo chuid de bhille uisce millteanach ard a íoc, shruthlóinn an leithreas ar an ngnáthbhealach, ar a laghad! Lena chois sin, bhí an dochar déanta cheana féin ó thaobh an uisce de.

Ach ansin, chuimhnigh mé orm féin.

An lá céanna agus a tháinig an bille uisce ard, d’fhógair Donald Trump go mbeidh na Stáit Aontaithe ag tarraingt siar as conradh aeráide Pháras. Drochscéal amach is amach a bhí i bhfógra Trump, ach ardú croí a bhí sa chaoi ar tharraing an Eoraip, an tSín agus go deimhin údaráis áitiúla sna Stáit Aontaithe le chéile, ag rá go dtabharfaidh siad dúshlán Trump agus go gcoinneoidh siad féin orthu lena gcuid iarrachtaí srianta a chur le téamh na cruinne.

Ceacht a bhí ansin.

Bíodh is go ndeachaigh na mílte lítir uisce síos an draein agus bíodh gur cuma sa tsioc le mo chomharsana faoi chaomhnú uisce – níl baol ar bith go gcuirfidís an stró orthu féin dramhuisce a úsáid chun an leithreas a shruthlú, fiú i ndiaidh an bhille aird sin – ní hé sin le rá nach fiú agus nach mithid domsa coinneáil orm le mo chuid iarrachtaí beaga féin.

Ba bheag nár shleamhnaigh an focal ‘fánacha’ isteach san abairt thuas, ach níl aon iarracht fánach nuair atá caomhnú na timpeallachta i gceist. Má phiocann duine suas buidéal plaisteach ar an trá agus má chaitheann sé sa bhruscar é, ciallaíonn sé sin nach rachaidh an buidéal plaisteach áirithe sin, ar a laghad, isteach san fharraige. Fiú má tá míle buidéal plaisteach á gcaitheamh san fharraige áit éigin síos an bóthar.

Ní ar pholaiteoirí amháin atá todhchaí an phláinéid ag brath. Táimid ar fad freagrach as an timpeallacht. Tá sé éasca géilleadh don éadóchas, agus tá sé éasca tabhairt amach faoi Donald Trump. Ach ina ionad sin, b’fhearr dúinn ár gcuid féin a dhéanamh, mar dhaoine aonair agus mar shochaí. Bailíonn brobh beart.

Fág freagra ar 'Ná géilltear don éadóchas aeráide!'

  • frainc

    ‘b’fhearr dúinn ár gcuid féin a dhéanamh, mar dhaoine aonair agus mar shochaí. Bailíonn brobh beart’.
    Caith uaim mo charr gleoite VW díosail (nach ndéanann aon truailliú puinn d’réir gach tuairisc oifigiúil)?
    Tá cónaí orm ar an gcúlráid faoin tuath……..in Éirinn…. ffs!