Ná géillimis do tháblaí na scoileanna ‘is fearr’, do léig an fhiúntais bhréige sa bhfómhar

Is iomaí bua atá ag daltaí iarbhunscoile agus bíonn dúshláin níos mó le sárú acu seachas a chéile. Is é misean gach scoile gach bua acu sin a fhorbairt agus cuidiú leo na dúshláin sin a chur díobh

Ná géillimis do tháblaí na scoileanna ‘is fearr’, do léig an fhiúntais bhréige sa bhfómhar

Tagann troigh cantail orm le déistin an tráth seo bliana nuair a bhíonn nuachtáin is tráchtairí ag plé liostaí ‘fiúntais is barr feabhais’ iarbhunscoileanna, bunaithe ar an líon daltaí as scoil a théann ag coláistí áirithe tríú leibhéal. Mí-úsáid ar an ngnaíúlacht agus an tairbhe a thuigimse leis an bhfocal fiúntas atá sa gcaint ar fad agus bronntar luaíocht nach bhfuil tuillte aige ar oideachas in institiúidí áirithe tríú leibhéal.

Ba chuma sa diabhal faoi sin uilig murach go gcuireann sé eolas iomraill ar fáil do dhaoine óga atá ag tabhairt faoin saol, go gcuireann sé imní agus brú gan chúis ar oidí agus ar thuismitheoirí agus níos measa fós, go gcuireann sé an t-oideachas iarbhunscoile as a riocht.

Isteach liom ag an siopa. Triúr ban óg go gealgháireach ar chúl an chuntair, triúr céimithe sna Dána, iarchéimí san aistriúchán agus ‘Sorry, tá an dáta expired’ go leithscéalach aici dom.

Ollmhargadh i nGaillimh, bean aitheantais ag líonadh na seilfeanna – ‘mo mhasters sa tsíceolaíocht críochnaithe agam agus mé ag cuartú jab éigin’. Neart uaireanta aici sa siopa ach tá polasaí ag an gcomhlacht bainisteoirí a cheapadh a bhfuil taithí acu ar an urlár agus ar an scipéad nó a chaith seal sna fórsaí cosanta agus a chleacht smacht is ord. Níl aon dóchas aici gur cuidiú ar bith an tsíceolaíocht di. Is trua nach ndearna sí síceolaíocht na siopadóireachta nó na hearcaíochta!

Ag íoc an pheitril ar imeall na cathrach, fear óg suáilceach romham a mbíodh aithne agam air ina ghasúr. Máistreacht sa tseandálaíocht aige agus é ag fanacht le scéala faoi phost mar státseirbhíseach cléireachais sóisir nach bhfuil ach cosamar €20,000 sa mbliain ag gabháil leis. Is lú é ná a bhfuil dó sa siopa seo go páirt-aimseartha ach morgáiste, srl! É cosamar trí bliana ag obair anseo. Mar a deir sé féin, is mó uaireanta a chaith sé anseo ná san ollscoil nó sa leabharlann agus ‘ba mhó ab fhiú dom a bheith anseo’!

Píopa tachta ar an áiléar, tagann pluiméara óg oibleagáideach nach bhfaca mé le blianta fada. Mian a chroí bainte amach aige, cumas agus stuaim ann agus tuiscint aige ar a ghnó agus ar na custaiméirí. Printíseacht a fuair sé tar éis na hArdteistiméireachta agus thabharfadh na hoird fiúntais le fios gur chóir don scoil é a mhealladh nó a bhrú i dtreo na hacadúlachta lena chuid pointí breátha.

É féin anois ag oiliúint printíseach a chaith cúpla bliain sa saol acadúil nár bhain sé aon mheabhair as (ach bhíodh ‘an-pharties’ acu san árasán!). An rud is measa faoin bprintíseacht go gcaitheann tú éirí ar maidin agus go bhfuiltear gortach leis na laethanta saoire.

Mo chara ar cuairt ar bhean na n-ingní – bean eile a rinne dhá bhliain ag plé leis na Dána sular thuig sí gur spéisiúla léi ag cur ingní ildaite sciamhacha ar mhná agus a gnó féin a thosú ná ag léamh faoin tsocheolaíocht agus an pholaitíocht. Cúrsa spéisiúil PLC agus obair le saineolaí treallúsach a sheol ar bhóthar a cinniúna í. Níor luaigh an gairmthreoraí ná aon mhúinteoir eile ina scoil go raibh slí bheatha sna crúba galánta!

Is breá an saol é saol na hacadúlachta don té a bhfuil luí aige leis. Chuir mé féin cuid mhaith ama tharam go sásta leis agus is iontach an t-éalú ó bhráca agus ó chúraimí an ghnáthshaoil é. Obair theibí intleachta ag plé le teoiricí do réamhtheachtaithe is mó a bhíonn i gceist go dtí an staidéar iarchéime. Taoscán de na léachtaí réchaite a chur díot lá an scrúdaithe. Airgead do mhuintire agus an stáit a chaitheamh chúns a bheas tú ag smaoineamh ar shlí bheatha agus formhór do chuid ama agus do chuid fuinnimh á gcaitheamh agat ar phost páirt-aimseartha nach spéis leat. Laghdú mór, fiú amháin, ar líon na mac léinn a bhíonn gníomhach i gclubanna na gcoláistí.

Fáinne fí é an córas uile, bunscoileanna ag seachaint stádas DEIS ar eagla go gcuirfidís clann na n-acadúlaithe ó dhoras, scoileanna ag cúngú an churaclaim agus an taithí scoile ar mhaithe leis na daltaí acadúla agus iad ag brú an CAO ar dhaltaí cumasacha ar eagla go gcaillfidís a n-áit i léig an fhiúntais bhréige sa bhfómhar. Na hollscoileanna ag fiach ar a léig féin, léig gur dona an phrae aici fochéimithe ná máistreachtaí. Dochtúireachtaí anois an churadhmhír agus is fánach an t-ábhar nach gcuirfeadh Dr. le d’ainm, ón séimhiú ar an aidiacht sa nginideach, an ghontacht san haiku nó an easóg sa seanchas. Is minic a ritheann sé liom gur spéisiúla go mór scéilíní Ireland’s Own ná formhór na dtráchtas atá léite agam!

Tá an t-uiscealú déanta. Caithfear miotas an fhiúntais seo a chothú. Ní fiú do sheacht mallacht na táblaí sin don scoláire agus é idir dhá chomhairle faoina shaol. Formhór na gcéimeanna agus na ndioplómaí tríú leibhéal anois, ba phrintíseachtaí a bhíodh iontu tráth agus níorbh aon lagan sin ar chumas na n-oibrithe a oileadh ná aon diomailt ar a meabhair chinn. Stádas na meánaicme an t-údar.

Déantar córas na bprintíseachtaí a leathnú, cuirtear obair faoi threoir i bhfearas, déantar níos mó den oiliúint a roinnt idir obair phraiticiúil agus obair léinn. Cuirtear go mór le líon na gcúrsaí tríú leibhéal páirtaimseartha. Tugtar creidmheasanna cánach/táillí do dhaoine óga a bhfuil tamall caite acu tar éis na hArdteiste ag taisteal, ag plé le hobair dheonach, ag déanamh ióga nó ag piocadh faochan. Teastaíonn an t-am sin óna bhformhór leis an bpulcadh don CAO a ghlanadh as a gcloigeann, le seasamh ar a gcosa féin, lena gcumas agus a stuaim a aithint agus lena n-intinn a shocrú faoin saol agus an saothar.

Tá gach cineál duine ag freastal ar iarbhunscoileanna. Is iomaí bua agus scil atá acu sin ar fad agus tá dúshláin níos mó le sárú acu seachas a chéile, sa mbaile agus sa scoil.

Is é misean gach scoile gach bua acu sin a fhorbairt agus cuidiú leo na dúshláin sin a chur díobh. Thar aon rud eile, saoránach sásta a bheas folláin i gcorp agus in intinn an sprioc is mó a bhíonn ag an oide iarbhunscoile agus ní tástáil ar an uaillmhian sin táblaí an bhréagfhiúntais.

Fág freagra ar 'Ná géillimis do tháblaí na scoileanna ‘is fearr’, do léig an fhiúntais bhréige sa bhfómhar'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Fonn orm trí gháir mholta a chur asam tar éis dom alt Mháire a léamh ach tá mo ghlór imithe ó bheith ag beicíl i bPáirc an Chrócaigh inné. Sách ráite agat, a Mháire.

  • padraig

    an tsuil ribe curtha go cruinn beacht agat ar an gcoras ‘oideachais’ seo a’inne

  • Seán Ó Floinn

    Is maith ann do na táblaí seo – tugann siad léargas ar chaigdeán na hacadúlachta agus cumas na ndaltaí a fhreastalaíonn ar na scoileanna seo. Dar liom go bhfuil córas iontach ag na Gearmánaigh – tá ‘scoil ghramadaí’ acu ar gá scrúdú deacair iontrála a dhéanamh chun dul ann. Is do dhaltaí acadúla é an ‘scoil ghramadaí’, agus cinntíonn sé go bhfuil caighdeán ard acadúlachta ar fáíl do dhaltaí a bhfuil cumas acadúil iontu agus gur iadsan amháin a théann ar aghaidh chuig an ollscoil. Anuas air sin, ní bhíonn fadhbanna mí-iompair acu sa scoil ghramadaí mar gach duine a théann ann, tá éirim acadúil acu agus suim acu a bheith ann. Tá scoileanna printíseachta ann do dhaltaí nach bhfuil cumas léinn iontu, agus tá siad i bhfad níos sásta iontu.

  • Jack Delaney

    Comh fíor, comh ionraic atá an t-alt seo. Ar chomhdhéanamh le mórán struchtúir sa tír seo agus leoga, ar an domhan thiar, tá an córas oideachais atá againn anois neamhoiriúnach don saol a bheidh ag páistí agus ag daoine óga atá ag fáil cáilíochtaí. Ar an drochuair ámh, tá muidne mar thír gafa le coincheap an ‘teastais’ seachas cumas an duine. Mar gheall ar an méid seo, tá muid ag úsáid ár n-achmhainní inmheánacha agus airgid daoine a chur trí chóras nach bhfuil suim ag formhór acu ann, gan trácht ar nach bhfuil siad ag tuilleadh airgid as. Is fíormhaith an t-alt é agus Gaeilge shaibhir thar barr.

  • Seán Ó Deoráin

    Mion-anailís agus plé den scoth déanta san airteagal seo ar an gcóras oideachais sna Sé Chontae is Fiche. Aontaím leis an tuairim “Stádas na meánaicme an t-údar”. Ba chóir do scoileanna agus an córas níos mó ama don mhacnamh a thabhairt do dhaltaí meánscoile, agus gan iad a threorú go dall I dtreo an tríú-léibhéal mura n-oireann sé dóibh!