Na Gardaí (agus go leor eile) faoi bhrú…

Tá atheagar ag teastáil go géar sna Gardaí, tar éis do chigirí athruithe a mholadh a mhol siad cheana.

Coimisinéir gníomhach an Gharda Síochána Noirin O'Sullivan agus Coimisinéir gníomhach an Iarthair, Dónall Ó Cualáin
Coimisinéir gníomhach an Gharda Síochána Noirin O’Sullivan agus Coimisinéir gníomhach an Iarthair, Dónall Ó Cualáin

Níor chuir na Cigirí fiacail ann.

Déanann go leor Gardaí sárobair, a dúirt siad, ach níl riar ná smacht éifeachtach ar a gcuid oibre.

An toradh?

Tuairisciú bearnach ar choireanna, an taifead oifigiúil á leasú chun beag is fiú a dhéanamh de choireanna áirithe, agus freastal lochtach á dhéanamh ar an bpobal.

Mhol na Cigirí feabhsuithe agus athruithe den uile chineál sna Gardaí leis an gcóras fiosraithe a fheabhsú. Ach ba léir a mífhoighne sa réamhrá a scríobh an Príomh-Chigire Robert Olson i gcomhair na tuairisce a foilsíodh Dé Máirt. Bhí athruithe á moladh acu, a dúirt sé, a foilsíodh suas le hocht mbliana ó shin ach nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán nó in aon chor iad.

Tá 489 leathanach i dtuarascáil Chigireacht an Gharda Síochána, ar féidir í a léamh ar an suíomh gréasáin www.gsinsp.ie.

Scríobhtar ar an bpríomhleathanach Gaeilge, dála an scéil, gur “Chun Feabhais agus Cuntacachta” (sic) atá siad i mbun oibre.

Sara dtéann tú ag cuardach brí an bhrocamais sin sa bhfoclóir, a léitheoir dhil, tóg go bog é.

Sílim gur féidir glacadh leis gur dóigh gur “Chun Feabhais agus Cuntasachta” (nó ‘accountability’) ba chóir a bheith i gcló.

Ní theastaíonn ach dhá fhocal mar achoimre ar bhreithiúnas na gCigirí ar chaighdeán bainistíochta na nGardaí. Mar a dúirt an cathaoirleach Robert Olson: “Nobody’s watching.”

Ar ndóígh bhí cur chuige agus dícheall á ghealladh go tréan ag na húdaráis tar éis eisiúint na tuarascála.

Go deimhin, fiú dá mbeadh Frances Fitzgerald ag labhairt ó bhinsí an fhreasúra, is ar éigean a bheadh a cur síos ar an gcáipéis níos déine. Ba léir freisin an dochar a dhéanfaidh barúil na gCigiri d’aon iarratas ar phost an Choimisinéara a thiocfaidh ó Gharda sinsearach, an Coimisinéir gníomhach Nóirín O’ Sullivan ina measc.

Dhá dhrochscéal i dteannta a chéile.

Tháinig tuarascáil scanrúil na gCigirí sna sála ar an scéal faoin moill a bhain le na Gardaí féin a chur ar an eolas faoin gcuntas ar éalú ó cháin a maítear a bhí ar bun ag daoine mór le rá.

Ní léir fós go raibh fáth réasúnta leis an moill.

Ná cén fáth gur thóg sé beagnach dhá bhliain sarar cheadaigh Richard Bruton seoladh ráiteas an státseirbhísigh Gerard Ryan.

Ná an fáth go raibh aon bhaint ag cead an aire lena sheoladh in aon chor.

Is faoi chomhaltaí an Choiste um Chuntais Phoiblí a bheidh sé ar an gcéad dul síos an chéad chinneadh eile a dhéanamh faoi líomhaintí Gerard Ryan. Beidh comhairle abhcóide riachtanach sara dtabharfar cuireadh dó a scéal, nó cuid de, a inseacht.

Idir an dá linn, tá an méid seo soiléir: teastaíonn dea-riar agus ionracas go géar sa Gharda Síochána. Ní bheidh saol na tíre slán ná folláin dá n-uireasa.

Teastaíonn dea-riar agus ionracas freisin i saol polaitiúil na tíre, chomh maith le muinín an phobail.

Fág freagra ar 'Na Gardaí (agus go leor eile) faoi bhrú…'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Dá mba rud é gur dheineadh iniúchadh ar bhaill aon ranna stáit san Státseirbhís bheadh a mhacasail de thoradh air.Fad a bhí an Tíogar Cheiltigh ag borradh bhí bainistíocht an Stáit Seirbhís ina coladh.Maireann an Státseirbhís ina bholgam féin, gan aon suim acu i gcúrsaí taobh amuigh den bholgam sin agus gurbh é an cloch ba mhó ar a bpaidrín ná ardu céime a fháil doibh féin.

    Níl said ann chun caighdeán ard seirbhíse a thabhairt don chosmuintir, gur amharcann said orthu mar saghas núis.

    Sé an scannal is mó san Stáitseirbhís ná go bhfuil an córas teicneolaíocht faisnéise ag titim as a chéile cheal infheistíocht ague daoine oilte a earchú.

    Tá a fhios agam mar bhí mé ag obair sa stáitseirbhís ar feadh tríocha seacht mbliana.Ní thugann sé aon phleisiúr dom na faghbanna seo a admháil agus bhí mé ag tsnúth go mór go mbeadh leasaithe agus athraithe ó bhonn nuair a tháinigh an rialtas nua isteach agus iad ag maíomh go mbeadh “réablóid nua daonlathach”i gceist acu.

    Ar an drochuair tá rudaí taréis éirí níos measa mar atá soiléar in Uisce Éireann; an dall ag giollacht an daill.