Na Gaeil Óga agus Port Omna

Bíonn treanáil dian ar siúl ag na Gaeil Óga ach in áit na leathphingine atá siad i gcomparáid le foireann sinsear iomána Phort Omna

Na Gaeil Ogá, tá cluiche mór an deireadh seachtaine seo acu
Na Gaeil Ogá, tá cluiche mór an deireadh seachtaine seo acu

Dé Domhnaigh beag seo, imreofar cluiche ceannais Roinn 8 (Coiste Átha Cliath) idir na Gaeil Óga agus Naomh Uinsionn ar Bhóthar Mhullach Íde i mBaile Átha Cliath.

Faoi am lóin nó go luath ina dhiaidh, ach amháin má bhíonn comhscór agus athimirt ann, cuirfear clabhsúr ar chlár traenála agus feachtas peile a mhair breis agus aon mhí dhéag.

Ní miste dom a rá ag an bpointe seo gur ball mé de na Gaeil Óga agus go bhfuil cuid bheag den aistear peile sin siúlta agam leo.

I gcarrchlós faoi thalamh in Ard Aidhin agus muid ag crochadh meáchain i bhfíorthús na bliana agus ina dhiaidh sin ag traenáil amuigh faoin aer i bPáirc an Fhionnuisce, caithfidh go bhfuil os cionn ochtó seisiún traenála déanta againn.

Fiú más peil shóisearach í seo, bíonn dhá sheisiún traenála in aghaidh na seachtaine againn. Déantar ceann breise maidin Dé Domhnaigh scaití má cheaptar go mbíonn gá leis nó nuair a bhí muid dár réiteach féin do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Agus má bhíonn an lá linn Dé Domhnaigh, tabharfar ardú céime do na Gaeil Óga don tríú bliain as a chéile.

Ós ag caint ar líon na seisiún traenála atáimid, caithfidh nach bhfuil na Gaeil Óga ach in áit na leathphingine i gcomparáid le foireann sinsear iomána Phort Omna.

D’éirigh le fir Phort Omna cluiche ceannais chraobh na Gaillimhe a bhaint amach an mhí seo caite ach is beag atá déanta acu ó shin seachas traenáil.

An fhadhb atá ann ná gur caitheadh an Turlach Mór amach as craobhchomórtas an chontae beagnach seacht seachtaine ó shin de bharr gur chuir siad imreoir chun páirce i gceann dá gcluichí grúpa nach raibh i dteideal imirt i ndiaidh dó seal a chaitheamh ag imirt iomána do Long Island Gaels i Nua-Eabhrac i rith an tsamhraidh.

Ó shin tá cúrsaí ina stad.

Rinneadh an cás a phlé ag cruinnithe de chuid an Choiste Chontae agus socraíodh ansin go ndéanfaí an Turlach Mór a dhícháiliú. In ainneoin gur thacaigh Comhairle Chonnacht leis an gcinneadh sin, bheartaigh an Turlach Mór a gcás a chur faoi bhráid an Choiste Eadrána. Is ag fanacht ar a gcinneadh siúd atáimid faoi láthair.

Ag caint dom rith na seachtaine le duine d’imreoirí sinsearacha Phort Omna, Andrew Smith, ba léir go raibh frustrachas ag baint leis an scéal óna thaobhsa de.

“Táimid ag traenáil gan stad gan staonadh le dhá bhliain anuas,” a dúirt sé liom. “Is iondúil go mbíonn trí sheisiún againn i gcaitheamh na seachtaine ach is gá an leagan amach a athrú thart nó beimid bréan de.”

Seaimpíní na hÉireann iad fir Phort Omna i ndiaidh dóibh an bua a fháil ar Raonaithe Stua Laighean i mí an Mhárta seo caite.

“Anuraidh, ag an tráth seo den bhliain,” arsa Smith, “ba sheaimpíní na Gaillimhe muid agus tugadh cead dúinn sos a ghlacadh ón traenáil le linn mhí na Nollag. Níl an chuma ar an scéal go mbeidh muid in ann é sin a dhéanamh i mbliana.”

Is cinnte nach ar leas Phort Omna ná na foirne eile atá fós san áireamh i gcraobhchomórtas sinsear iomána na Gaillimhe – An Bheitheach, Ard Raithin agus Gort – go bhfuil cúrsaí mar atá.

Nach bhfuil sé thar am ag an gCoiste Eadrána cinneadh a dhéanamh?

Fág freagra ar 'Na Gaeil Óga agus Port Omna'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Shíl mé ar feadh píosa go mbeadh na Gaeil Óga ag imirt in aghaidh Port Omna!!! Nuair a thagann an lá sin – na Gaeil Óga in aghaidh Port Omna i gcluiche leath cheannais na gClubanna beidh a fhios agam go bhfuil an Ghaeilge slán.