‘Ná Gabh ar Scoil’ le Máire Zepf agus Tarsila Krüse ar an ngearrliosta do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann

Is é Futa Fata a d’fhoilsigh an leabhar agus dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta sin go bhfuil “ríméad” ar na foilsitheoirí gur ainmníodh an leabhar

Screen Shot 2016-03-11 at 17.08.49

Tá an leabhar Ná Gabh ar Scoil le Máire Zepf agus Tarsila Krüse i measc na leabhar atá ainmnithe i mbliana do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann.

Fógraíodh gearrliosta na ngradam an tseachtain seo i mBéal Feirste. Tá naoi leabhar ar an liosta agus is é Ná Gabh ar Scoil an t-aon leabhar Gaeilge ina measc. Fógrófar buaiteoirí na rannóg éagsúil ar an 23 Bealtaine i mBaile Átha Cliath.

Is é Futa Fata a d’fhoilsigh an leabhar agus dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta sin go bhfuil “ríméad” ar na foilsitheoirí gur ainmníodh an leabhar.

Is é Ná Gabh ar Scoil! an tríú leabhar ó pheann Zepf agus an chéad leabhar uaithi a d’fhoilsigh Futa Fata. Foilsíodh Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012 agus Lá leis na Lochlannaigh (Cló Iar-Chonnacht) i mbliana. Is as Contae an Dúin í agus spreagadh í chun an scéal áirithe seo a scríobh nuair a thosaigh an páiste is óige léi ar scoil.

Scéal barrúil faoin gcéad lá ag Cóilín ar scoil atá sa leabhar. Tá sé ar bís tús a chur lena chuid scolaíochta ach níl a mháthair bhocht chomh ríméadach céanna faoina imeacht.

Bhí Tubaiste ar an Titanic ar ghearrliosta Ghradam Réics Carlo in 2012 agus bhuaigh Lá leis na Lochlannaigh gradam liteartha an Oireachtais.

Is í Tarsila Krüse a mhaisigh an leabhar. Is as São Paulo na Brasaíle Tarsila ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le tamall de bhlianta anuas. Is é seo an chéad leabhar atá foilsithe aici. Ba í a bhunaigh an grúpa maisitheoirí ‘Blind Elephant Collective’ agus tá sí ina ball gníomhach den eagraíocht ‘Maisitheoirí Éireann’.

Cuireadh gradaim ‘Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann’ ar bun sa bhliain 1990. Cuirtear fáilte roimh leabhair do ghasúir i mBéarla agus i nGaeilge i ngach aoisghrúpa. Cuireadh beagnach 80 leabhar faoi bhráid na moltóirí i mbliana sular roghnaíodh na naoi gcinn atá anois san iomaíocht don chúig ghradam.

I measc na ngradam sin tá Gradam Rogha na bPáistí – roghnóidh léitheoirí óga ar fud na tíre, atá i scéim Leabhair Pháistí Éireann, an leabhar is fearr leo. Is iad na gradaim eile a bheidh le bronnadh in Amharclann Smock Alley i mí Bealtaine ná Leabhar na Bliana, Gradam Onóra don Fhicsean agus don Mhaisiú, Gradam Eilís Dillon don Chéad Leabhar Páistí agus Gradam Speisialta na mBreithiúna.

Fág freagra ar '‘Ná Gabh ar Scoil’ le Máire Zepf agus Tarsila Krüse ar an ngearrliosta do ‘Leabhar na Bliana’ ag Leabhair Pháistí Éireann'