Na figiúirí is aite a bhaineann le galfchúrsa Chambers Bay

Is in Chambers Bay, Washington a a chuirfear tús inniu le comórtas gailf an US Open. Is cúrsa neamhghnách atá ann ar go leor bealaí

Galfchúrsa Chambers Bay
Galfchúrsa Chambers Bay, ar a imreofar an US Open an deireadh seachtaine seo.

Is ar ghalfchúrsa Chambers Bay i Washington a imreofar an US Open an deireadh seachtaine seo. Is rogha chonspóideach a bhí ann an comórtas a reáchtáil ar an gcúrsa seo in iarthuaisceart Mheiriceá mar ní haon ghnáthchúrsa é.

Is cúrsa iontach fada é Chambers Bay ach níl sé éasca tomhas ceart a dhéanamh air mar n-athraíonn fad cuid de na na poill ó go lá. Seo cuid de na figiúirí is suimiúla a bhaineann leis an gcúrsa agus tús á chur leis an gcomórtas ann.


24,000,000 – Is cairéal a bhí sa talamh seo ar feadh na mblianta agus chosain sé $24M an galfchúrsa a dhéanamh. Is é an dearthóir cáiliúil Robert Trent Jones Jnr a leag amach Chambers Bay, é ag dearadh cúrsa do Chomórtas Oscailte na Stáit Aontaithe mar a rinne a athair le Hazeltine i 1970.

102 – Ceann do na rudaí is aistí faoi Chambers Bay ná go bhfuil dhá pholl ann, uimhir 1 agus uimhir 18, ar a bhfuil cead na boscaí a bhogadh agus par an pholl a athrú. Ar Uimhir 1, is féidir an poll a dhéanamh 102 slat níos faide agus é a athrú isteach ina par a 5 ó par a 4.

1 – Cé go bhfuil cúrsa Chambers Bay chomh fada sin, níl ach crann amháin ar an chúrsa uile. Is ar pholl 15 atá an ghiúis Dhúghlais. Rinne duine iarracht é a leagadh gan chead cúpla bliain ó shin ach tá fós ina sheasamh ann.

12 – Tá an poll deireanach ar an gcúrsa sách fada mar atá ach chun rudaí a dhéanamh níos deacra, tá an buncar is doimhne atá feicthe i stair an chomórtais i lár an mhínligh. Má bhuailtear liathróid isteach ann, titfidh sé 12 troigh síos sa ghaineamh.

79.25 – Cé nach bhfuil aon chomórtas proifisiúnta cáiliúl imeartha ar Chambers Bay go dtí seo, d’imir na himreoirí amaitéaracha is fearr i Meiriceá ann i 2010. Rinne an cúrsa scrios orthu agus ba é 79.25 an meánscór a bhí ann tar éis an dá imeartha. Ní imreoirí gan aithne a bhí anseo ach an oiread. Fear amháin a bhí ag imirt cúig bliana ó shin ná curadh na Máistrí Jordan Spieth, a chríochnaigh ar 72 agus 83. Bhí níos mó scóranna os cionn 90 ag imreoirí an deireadh seachtaine sin ná a bhí faoi bhun an phar.

3 – Chun treise a chur le cé chomh fada is atá Chambers Bay, is fiú a rá go mbeidh na trí pholl par a 4 is faide i stair an US Open á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Sin iad uimhir 11 (537 slat), uimhir 13 (534 slat) agus uimhir 14 (546 slat).

1,619,850 – An difríocht idir an méid dollar a bhuaigh Horace Rawlins ($150) tar éis dó an chéad US Open a bhuachan riamh i 1895 agus an méid a shaothraigh Martin Kaymer ($1.62M) tar éis dó comórtas na bliana seo caite a bhuachan in Pinehurst.

9 – Bhí Kaymer naoi mbuille faoi bhun an phar anuraidh, rud a chuir as d’eagraithe an US Open. Ní maith leo scóranna ísle a fheiceáil agus b’fhéidir go bhfuil deacracht an chúrsa i mbliana mar fhreagra acu ar chomórtas na bliana anuraidh. Mar a tharlaíonn sé, naoi mbuille os cionn an phar a bhí Julius Boros nuair a bhuaigh sé an comórtas i 1963, an scór is airde a bhuaigh an US Open ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.

15 – Tugtar an US Open ar an gcomórtas seo mar go bhfuil sé oscailte d’aon fhear atá ag iarraidh cáiliú. Imreoir amháin a bhain áit amach sa chomórtas ná Cole Hammer, nach bhfuil ach 15 bliain d’aois. Dá ainneoin sin, ní Hammer an t-iomaitheoir is óige a d’imir sa chomórtas riamh. Bhí Andy Zhang bliain níos óige ná é nuair a ghlac sé páirt sa chomórtas trí bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Na figiúirí is aite a bhaineann le galfchúrsa Chambers Bay'