Na Fianna agus Naomh Pádraig – tugaimis a ceart do Lady Gregory

Ní i gcónaí a thugtar a ceart do Lady Augusta Gregory, ná don méid a rinne sí le traidisiún béaloidis agus miotaseolaíochta na hÉireann a chaomhnú, a deir ár gcolúnaí

Na Fianna agus Naomh Pádraig – tugaimis a ceart do Lady Gregory

“One of the most remarkable women of letters,” an cur síos atá déanta ag an Ollamh le Béarla, Marc C. Conner, ar Lady Gregory.

I gCreig an Róistigh na Gaillimhe a tógadh Isabella Augusta Persse, i dteaghlach Protastúntach den uas-mheánaicme. Is beag aird a tugadh uirthi le hais a deartháireacha agus chaitheadh sí uaireanta fada ag léamh léi féin. Nuair nach mbíodh sí ag léamh, d’éisteadh sí go géar leis na scéalta béaloidis agus miotaseolaíochta a d’insíodh a feighlí Caitliceach, Mary Sheridan, di.

Bhí Mary amach sna blianta agus cuimhne aici ar bheith ag bualadh le Raiftearaí an file nuair a bhí sí óg. Chuaigh an méid seo go mór i bhfeidhm ar Isabella agus rug greim ar a cuid samhlaíochta.

Chuirtí bac ar mhúineadh na staire sna scoileanna le linn óige Isabella agus ba mhinic a théadh sí go dtí an Gort (i.e. Gort Inse Guaire) chun paimfléid Fiannaíochta a cheannach ann agus dánta is amhráin de chuid na Young Irelanders a léamh. Ba mhór idir an t-ábhar sin agus saothar na bhfilí móra Sasanacha, saothar a léadh sí le fonn chomh maith céanna.

Léitheoir amplach ab ea í agus chuir sí an-oideachas uirthi féin tríd an léitheoireacht, ach faoin am a raibh sí i dtús na bhfichidí, shíl sí nach raibh saol an phósta i ndán di. Tháinig athrú ar an scéal sin nuair a d’iarr Sir William Gregory uirthi é a phósadh roinnt blianta ina dhiaidh sin. Baintreach fir trí scór a bhí ina pholaiteoir i Sasana ab ea é, a bhí ag cur faoi i bPáirc na Cúile.

Níorbh fhada go raibh Lady Augusta ag taisteal timpeall Shasana agus na Mór-Roinne in éineacht lena fear, i gcomhluadar pearsana mór le rá i saol na polaitíochta agus na litríochta. Nuair a tháinig sí go Páirc na Cúile ar dtús, bhí ceist na talún go mór i mbéal an phobail agus thuig sí sula i bhfad go raibh sí ar thaobh na dtionóntaí bochta, rud a d’fhágfadh go gcaithfeadh sí snámh in aghaidh easa ó thaobh a haicme féin agus tuairimí na haicme sin.

Nuair a cailleadh a fear sa bhliain 1892, cheannaigh sí teach i Sasana le go bhféadfadh sí a bheith in éineacht lena mac, Robert, a bhí ar scoil ann. Thart faoin am seo a thosaigh sí ag cur suime san ealaín, sa pholaitíocht agus san fhilíocht. Dá shaibhre a saol dá mbarr, ní foláir nó chuimhnigh sí ar a feighlí Mary Sheridan agus ar a cuidse scéalta, óir bheartaigh sí dul abhaile chun béaloideas agus miotaseolaíocht a bhailiú ó mhuintir na tuaithe.

Bhí toradh ar a cuid tóraíochta; idir 1902 agus 1904, foilsíodh Cuchulain of Muirthemne, Poets and Dreamers agus Gods and Fighting Men. Tháinig an Book of Saints and Wonders ar an bhfód ansin i 1906, mar a bhfuil cuntas ar thraidisiún na Críostaíochta in Éirinn ‘according to the old writings and the memory of the people of Ireland’. Sa bhailiúchán seo, insítear scéalta miotaseolaíochta ar Naomh Pádraig agus ar naoimh eile na hÉireann, a fhíonn gnéithe de thraidisiún na Págántachta agus na Críostaíochta le chéile.

Casadh W.B. Yeats uirthi i Londain agus nuair a thuig sí an tsuim a bhí aige sa bhéaloideas, thug sí cuireadh dó teacht in éineacht léi agus í ag dul ó theach go teach ag bailiú agus ag trascríobh scéalta. I mí Iúil na bliana 1896, shocraigh siad a n-aghaidh a thabhairt ar Ghaeltacht Thuaisceart na Mumhan agus Dheisceart Chúige Chonnacht.

Toisc nach raibh mórán Gaeilge ag Yeats ná mórán tuisceana aige ar an gcosmhuintir, shuíodh sé síos go ciúin in aice le Gregory agus í ag labhairt le muintir na háite. Ansin, sa tráthnóna, chuireadh Gregory Béarla ar an méid a bhailigh sí níos túisce sa ló. Ba as an ábhar seo a fuair Yeats spreagadh do go leor dá shaothar féin. Go deimhin, bhí baint nach beag ag an ábhar céanna le féiniúlacht mhuintir na hÉireann a mhúnlú.

Agus í ag réiteach a cuid ábhair chun foilsitheoireachta, rinne Lady Gregory scrúdú ar na lámhscríbhinní Meán-Ghaeilge atá ar coimeád i Músaem na Breataine agus cheadaigh na haistriúcháin mhóra a bhí déanta ar chuid den ábhar sin sa naoú haois déag. Ar deireadh, d’fhéach sí le Béarla a chur ar a cuid bailiúchán a bhí ar aon dul le Béarla mhuintir na tuaithe ag an am, rud a d’fhágfadh go mbeadh teacht agus tuiscint ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann ar litríocht ársa na Gaeilge i dtús an fichiú haois.

Ba chríonna agus ba mhisniúil an beart é, go háirithe nuair a chuimhnítear go raibh saol na nua-aimsearthachta faoi lánseol an t-am céanna agus go leor daoine ag tabhairt droim láimhe leis na fiúchais a bhain le saol a bhí caite.

Ba é magnum opus Lady Gregory ná Visions and Beliefs in the West of Ireland, a foilsíodh i 1920.

As na saothair atá luaite thuas, tá teacht anois ar Cuchulain of Muirthemne agus Gods and Fighting Men in aon leabhar amháin. Lady Gregory’s Complete Irish Mythology an t-ainm atá ar an gcnuasach seo, agus réamhrá ann le W.B. Yeats. “I think this book is the best that has come out of Ireland in my time”, a bhreithiúnas-san air.

Tá na scéalta Rúraíochta agus Fiannaíochta curtha in ord croineolaíochta ag Lady Gregory sa leabhar gleoite seo agus is leis an ‘agallamh’ idir Naomh Pádraig agus Oisín a chríochnaítear aistear na bhFiann ann. I dtús an aistir sin atáim féin, ach creid leat uaim é, a léitheoir, nuair a deirim gur fiú é a léamh.

Meas tú ar thuig an feighlí linbh úd an tine a d’adhain sí i gcailín beag óg?