‘Ná dearmad gur iománaí de chuid Chill Chainnigh sibh…Níor bhain an sotal riamh lenár gcuidne iománaithe’

Bhí an ‘dínit’ agus an ‘bród’ a luaigh Andy Comerford i seomra feistis Chill Chainnigh i 2002 ag baint le Henry Shefflin

Andy Comerford 8/9/2002 DIGITAL

Cúig nóiméad tar éis shéideadh na feadóige i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2002, bhí seomras feistis Chill Chainnigh bainte amach agam. Bhí ceathrú huaire eile go maith caite faoin am ar shroich an fhoireann an áit, Corn Mhic Cárthaigh ina ghlaic ag Andy Comerford agus béicíl lucht a leanta ag baint macalla as an tollán – iad ag ceiliúradh a mbua ar Chontae an Chláir.

Sa lá atá inniu ann, níl seans go bhfaigheadh iriseoir seans ná cead dul i bhfoisceacht scread asail don seomra feistis. Treoraítear iad isteach in áit ar leith faoi bhun an ardáin agus tugann oifigí na meán i bPáirc an Chrócaigh amach na bainisteoirí, na captaein agus cúpla imreoir chucu.

Trí bliana déag ó shin ní raibh cúrsaí baileach chomh heagraithe sin. Má bhí tú ann luath go leor agus beagán aithne agat ar mhaor nó dhó, ba mhinic a d’éireodh leat sleamhnú isteach sa seoma feistis, mar a rinne mise.

Shuigh mé síos agus de réir a chéile thosaigh daoine eile a bhí ar an eolas ag déanamh a mbealaigh isteach – iriseoirí eile a bhí ag faire ar agallamh ar mo chuma féin, cairde agus gaolta na n-imreoirí agus feidhmeannaigh Choiste an Chontae.

Faoi dheireadh, bhain na hiománaithe lúcháireacha amach an áit agus níor thúisce istigh iad nuair a scread duine eicínt; “Bíodh chuile dhuine amuigh cé is móite den fhoireann agus den lucht bainistíochta. Beidh cead isteach arís faoi cheann cúig nóiméad.”

Bhuail beaguchtach mé. Ní fada an t-achar é cúig nóiméad ach faoin am a mbeadh cead isteach arís bheadh pé buntáiste a bhí agam imithe le sruth agus scuaine níos faide fós romham. Ach cén rogha a bhí agam ach mo chuid balcaisí a bhailiú le chéile agus bualadh liom.

Líon na ndaoine a bhí tagtha isteach a shábháil mé. Thóg sé chomh fada orm mo bhealach a dhéanamh timpeall go raibh an doras dúnta agus gan mé i bhfoisceacht deich gcoisméid dó. Ní amháin sin ach bhí Andy Comerford léimte in airde ar bhord agus é faoi réir le labhairt lena chomrádaithe.

Ní raibh agam le déanamh ach suí i gcoirnéal, mo chloigeann a chur fúm, mo thaifeadán a chur faoi mo sheaicéad agus mé féin a chur i bhfolach chomh maith agus a d’fhéad mé – rud nach raibh éasca.

Níor mhair óráid Andy i bhfad. Ghabh sé buíochas leo siúd a raibh sin ag dul dóibh, dúirt go gcaithfeadh siad a chinntiú go mbeidís ar ais an t-am seo arís agus go raibh sé in am anois dul ag ceiliúradh. Léim sé den bhord anuas agus a chomhleacaithe ag tógáil an chinn den seomra le liúnna.

Blas ar bith go raibh a chos fágtha ar an urlár aige nuair a bhí sé in airde ar an mbord arís. “Dúirt mé go raibh sé in am dul ag ceiliúradh agus tá,” a deir Comerford, “ach bíodh meas agaibh oraibh féin agus ar bhur dteaghlaigh. Ólaigí cúpla deoch, ach déan sin le dínit agus le bród – ná dearmad gur iománaí de chuid Chill Chainnigh tú agus ná bíodh iomarca gaisce ag éinne. Níor bhain an sotal riamh lenár gcuidne iománaithe.”

Ní mba chaint í a mbeifeá ag súil léi ó fhear a raibh mian a chroí bainte amach aige féin agus ag a chomrádaithe leathuair an chloig roimhe sin, ach b’fhocail iad a d’fhan i mo chuimhe riamh ó shin agus a thug léargas go luath ar an mianach a bhain leis an bhfoireann a bhfuil forlamhas acu ar an iománaíocht ó shin.

Bhí Henry Shefflin sa seomra feistis sin, ógánach 23 bliain d’aois a raibh an chéad cheann de na deich mbonn craoibhe a bhí aige nuair a d’éirigh sé as an tseachtain seo buaite aige dhá bhliain roimhe. Seans go mba sa gcluiche ceannais sin i 2002 ba thúisce a thug sé léargas i gceart ar a raibh i ndán dó.

Le 13 bliain roimhe, ba é D.J. Carey an t-iománaí ba thábhachtaí ar fhoirne Chill Chainnigh. Go deimhin scóráil D.J. 1-6, sa mbua 2-20, 0-19 ar an gClár i 2002, ach fuair Shefflin cúilín sa mbreis air sin agus ba é a chúl sa dara leath a chuir deireadh le haon seans a bhí ag na Cláirínigh.

Thuig Carey níos fearr ná aon duine go raibh athrú ag teacht ar an roth. Sa seomra feistis céanna sin i 2002, agus é ag tagairt d’imirt Shefflin, dúirt D.J. “Níl aon teorainn lena chumas. An t-aon mhúisiam atá orm nach mbeidh mé ag imirt lena thaobh go ceann deich mbliana eile.”

Mheas mé i gconaí go raibh an ‘dínit’ agus an ‘bród’ sin a luaigh Andy Comerford sa seomra feistis i 2002 ag baint le Henry Shefflin. Cruthú air sin is ea gurbh í a chuid iománaíochta a léirigh a oidhreacht agus gur beag cuimhne atá ag aon duine ar aon rud a dúirt sé.

Léiríonn liosta na gcaptaen a bhí ar na foirne a d’fhág 10 gCraobh na hÉireann aige an rud atá i gceist agam: é féin, Comerford, Willie O’ Connor, D.J., Jackie Tyrrell, ‘Cha’ Fitzpatrick, Michael Fennelly, Brian Hogan, Eoin Larkin agus Lester Ryan.

An mba é ab fhearr riamh?

Tuigeann sibhse a léann an colún seo go gcreidim gur beag is fiú a bheith ag déanamh comparáide idir dhaoine a mbíonn 50 bliain nó níos mó idir buaiceanna a gcuid iomaíochta, ach fágfaidh mé freagra na ceiste agaibh féin.

An bhfaca sibh a shárú?

Fág freagra ar '‘Ná dearmad gur iománaí de chuid Chill Chainnigh sibh…Níor bhain an sotal riamh lenár gcuidne iománaithe’'

  • padraig o donnchu

    Beidh rud no dho le ra ag Anraoi ina leabhar a dearfainn, go hairithe faoi Donal Og Cusack agus a chamthai nuair a bhi an stailc ar siul i gCorcaigh.
    Dhein na Cait leirscrios agus eirleach ar na Corcaigh i bPairc Ui Nuallain t’re is do Dhonal Og leasainm midheas a thabhairt ar an Ri ina leabhar, mi..abha….
    Ach aontaim leat, sar-iomanai, gach scil aige, tiufalta, luthmhar aicli, agus leamh osnadurtha aige ar an gcluiche.
    Chruthaigh se nach feidir d’aon iomanai, da fheabhas e, a bheith go sarmhaith muna bhfuil se meabhruil, intinniuil.
    Ni cluiche e seo do bhaothain na do dhuramain. Caithfidh tu an caman AGUS an ceann a usaid.

  • padraig o donnchu

    Sea bhi dinit agus brod ag roinnt leis ach bhi se cruaidh, stoinsithe, aighneastuil leis nuair ba mhaith leis e.
    ‘An Ri’ seachas Anraoi a thugadh SBB air, mar shampla. Seafoid a ra gurb e an t-iomanai ab fhearr riamh e, conas a fheadfai comparaid choir a dheanamh idir e agus na rithe iomanaiochta a bhi ann riamh anall? Nach cluiche eile ar fad inniu e!
    Cathain a chitear pointe a chur o lar an ghoirt le buille fan talun ar na saolta seo? Bhi John Fenton (Corcaigh) inniuil air sin. Sin scil ata imithe as an saol ar fad anois. Fiu agus an t-imreoir os comhair an bhaire amach agus deis iontach scorala aige caithfidh se an sliotar a ardach chun i a bhualadh.
    Agus soicindi luachmhara a gcailliuint aige, is minic a leann an seans air.
    Is san aer a d’imriodh an Sioflanach a chuid iomana dala na gCat ar fad geall leis. Agus an pas laimhe uilioch sin a chleachtaionn siad ata t’reis an cluiche a mhilleadh, dar liom.
    Ni bhuafar orthu go deo go dti go gcleachtofar an stroc fan talun athuair. Beifear soicind no dho nios tapula na iad fein ansin.
    Bhi an ceart ag Gerald McCarthy ach nior eistiodh leis agus a chomharthai sin air chomh maith!