Na Dáilcheantair ar fad – An mórphictiúr náisiúnta

Agus anailís déanta againn ar gach ceann den 40 dáilcheantar ina rachfar chun vótála amárach, seo tuar na suíochán d’Olltoghchán 2016

Toghchán StrapAn mórphictiúr náisiúnta

Tuar ar na Suíocháin sna 40 Dáilcheantar:

Chart Donncha

Nóta: Líon na suíochán sa toghchán 2011 i lúibíní. * Tá suíochán Brian Walsh (FG) agus suíochán Seán Barrett (An Ceann Comhairle) curtha san áireamh sa 68 suíochán a bhí ag Fine Gael tar éis Olltoghchán 2011, cé go raibh Brian Walsh éirithe faoin am a scoradh an 31ú Dáil.

Na 33 suíochán sa cholún Nspl/Eile:

Comhghuaillíocht na Neamhspleách: 6 (5)

AAA/PBP: 6 (4)

Renua: 1 (3)

Na Daonlathaigh Shóisialacha: 3 (3)

Comhaontas Glas: 1 (0)

Neamhspleách Clé: 7(2)

Neamhspleách Eile: 9 (13)

Iomlán: 33

De réir mo chuid anailíse ar na dáilcheantair ar fad, beidh thart ar 66 suíochán ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre le chéile. D’fhéadfadh an figiúir sin a bheith chomh hard le 70 suíochán nó chomh híseal le 60. Fiú amháin agus 70 suíochán acu dá dtógfaidís isteach i gcomhrialtas Lucinda Creighton agus an triúr ó na Daonlathaigh Shóisialacha agus duine amháin ón gComhaontas Glas bheadh sé deacair Comhrialtas a chur le chéile, a bheadh in aon bhealach seasmhach.

Fine Gael agus Fianna Fáil a bheith sásta dul i gcomhrialtas le chéile an t-aon bhealach a d’fhéadfaí rialtas seasmhach a chur ar bun. Ní dóigh liom bhfeicfear a leithéid de chomhghéilleadh, ná go mbeadh Fianna Fáil chomh seafóideach sin. Ní bhaineann sé leis an sean-naimhdeas idir na páirtithe ón gCogadh Cathartha. Ní bhaineann sé ach an oiread leis na difríochtaí idir polasaithe na bpáirtithe.

Baineann sé le stuaim polaitiúil. Tá Fianna Fáil ar an mbealach ar ais. Is ag dul ar gcúl a bheadh ann cleamhnas a dhéanamh le Fine Gael. An chinniúint chéanna a bheadh i ndán d’Fhianna Fáil is a bhí i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre agus Liberal Democrats i Sasana nuair a chrom na páirtithe sin ar dhul i mbun comhrialtais.

Má tá straitéis fhadtéarmach ag Micheál Martin, beidh sé ag iarraidh a bheith ina Thaoiseach i gceannas ar rialtas ina mbeidh Fianna Fáil mar phríomhpháirtí agus ní ina Thánaiste ag Enda Kenny. Ar an gcaoi sin, beidh gá le toghchán eile am éicint amach anseo le go mbeifear in ann rialtas a chur le chéile.

Ar ndóigh, níl aon vóta caite fós. An bhféadfadh athrú intinne teacht ar mhuintir na hÉireann? An dtarlóidh sé sa deireadh go rachaidh an pobal i muinín an chomhrialtais atá ag iarraidh a bheith i gcumhacht arís? D’fhéadfadh, ach tá an bhearna rómhór idir an 66/70 suíochán atá á tuar anseo agam do pháirtithe an chomhrialtais agus an 79 suíochán a thabharfadh móramh sa chéad Dáil eile dóibh le Ceann Comhairle ó bhinsí an fhreasúra.

Céard a tharlóidh mar sin? Tá roinnt cásanna a d’fhéadfaí a shamhlú.

‘Ar mhaithe leis an tír blah blah blah’, d’fhéadfadh Fianna Fáil staonadh nuair a ainmneofar Enda Kenny mar Thaoiseach ar an 10 Márta. Má thoghtar é ina Thaoiseach, is eisean a ainmneoidh na hairí sa rialtas. D’fhéadfadh Fianna Fáil  staonadh arís ag an bpointe sin agus bheadh comhrialtas nua, le trí nó ceithre pháirtí ann, a bheadh ar adhastar ag Fianna Fáil, a mbeadh tionchar an-mhór freisin acu ar aon reachtaíocht a bheifí ag iarraidh cur tríd an Dáil. Ní tharlódh sé an uair sin, mar a tharla le hAcht na Gaeltachta 2012, nach nglacfadh an rialtas le haon leasuithe ón bhfreasúra.  Bheadh ar an Rialtas éisteacht leis an bhfreasúra agus teacht ar chomhréiteach leo faoi chúrsaí reachtaíochta. Rialtas eatramhach a bheadh ann agus an baol ann go dtitfeadh sé lá ar bith.

Thabharfadh an cur chuige sin deis d’Fhianna Fáil a bheith ag eagrú agus ag réiteach don chéad thoghchán eile faoi cheannas Mhicheál Martin agus bheadh Fianna Fáil in ann a shocrú cén uair is fearr a fheilfeadh toghchán don pháirtí. 

Sin an fáth go ndeirimse go dtógfaidh sé dhá thoghchán rialtas seasmhach a chur le chéile.  Ní athimirt idir na foirne céanna a bhéas ann sa chéad toghchán eile. Seans maith go mbeidh captaen nua ar fhoireann Shinn Féin (Pearse Doherty nó Mary Lou McDonald), agus seans go mbeidh Joan Burton í féin curtha amach ar féarach agus Alex White nó Alan Kelly i gceannas ar Pháirtí an Lucht Oibre ina háit. 

Go dtí go mbeidh ceannaire nua ar Shinn Féin nach raibh bainteach leis an gcogadh i dTuaisceart Éireann beidh bac ar an bpáirtí sin mórán dul chun cinn eile a dhéanamh. Fad is atá Adams i gceannas beidh na scéalta uafáis stairiúla céanna á dtarraingt aníos arís is arís eile.

Anuas air sin, chruthaigh Gerry Adams (SF) go dona mar phríomhurlabhraí a pháirtí le linn an fheachtais toghchánaíochta. Sna pobalbhreitheanna bhí Sinn Féin ar 21% i mí na Samhna seo caite agus iad chun cinn ar Fhianna Fáil a bhí ar 19%. Bunaithe ar na figiúirí, bheadh Sinn Féin mar phríomhpáirtí an fhreasúra tar éis an toghcháin seo. Ach de réir mar a bhí an feachtas ag dul ar aghaidh tháinig creimeadh ar thacaíocht Shinn Féin agus chuaigh tacaíocht Fhianna Fáil i dtreise.

Maidir leis an iarracht líon na mban sa Dáil a ardú, níl aon dabht faoi ach d’oibrigh an tseift airgead a choinneáil ó na páirtithe mura mbeadh 30% de na hiarrthóirí acu ina mná. Ach an mbeidh níos mó ban i nDáil Éireann tar éis an toghcháin? Toghadh 25 bean sa toghchán i 2011. Fuair duine acu siúd bás agus toghadh triúr ban i bhfothoghcháin éagsúla, rud a d’fhág go raibh 27 bean (as 166 Teachta Dála) sa Dáil tráth a scortha.

Bunaithe ar mo chuid anailíse ar na dáilcheantair ar fad, ceapaim go dtoghfar 29 bean an turas seo , 18.4% den 158 Teachta Dála a thoghfar. Dul chun cinn teoranta ach dul chun cinn mar sin féin. 

Ar ndóigh níl aon vóta caite ná comhairithe fós.  Beidh mise ar Raidió na Gaeltachta, ar an Satharn agus ar an Domhnach, ag leanacht na gcuntas agus ag iarraidh ciall a bhaint as na figiúirí, idir na tallies, ag tús an lae Dé Sathairn, agus na cuntais níos deireanaí. Faoi thráthnóna Sathairn beidh barúil maith ann cá rachaidh na suíocháin. Faoi thráthnóna Domhnaigh ní bheidh ach corr shuíochán fágtha le líonadh.

Is féidir teacht ar mhionanailís Dhonncha Uí Éallaithe ar na dáilcheantair ar fad anseo.