Ná cuirigí i gcló fós é! Scéal eisiach chugainn! Aontachtaithe ar son na teorann!

Conas nár thuig daoine go gcuirfeadh plean a chuirfeadh deireadh go bunúsach leis an teorainn olc ar aontachtaithe?

Ná cuirigí i gcló fós é! Scéal eisiach chugainn! Aontachtaithe ar son na teorann!

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim seo mar is ceart… Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar, gur thuig sé d’imní aontachtaithe faoin teorainn tá cúpla lá ó shin. Ach tá an locht ar an DUP anois, a deir sé agus a lucht tacaíochta, as cos i bpoll a chur i bplean de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe faoin teorainn a chuirfeadh deireadh go héifeachtach leis an teorainn chéanna agus ní thuigeann sé dóibh anois – bíodh is gur thuig a pháirtí dóibh ar feadh na mblianta agus nach ndéanfadh siad rud ar bith a chuirfeadh olc ar na haontachtaithe céanna faoin teorainn (an-chrua) chomh fada agus a bhain sé le cearta náisiúntóirí ar an taobh eile den teorainn a bhí faoi smacht ag aontachtaithe agus a dtuigeann an Taoiseach dóibh.

Tuigeann sé, mar a thuig a pháirtí riamh, gur beag rud ar domhan níos luachmhaire ag aontachtaithe ná an teorainn ach níor thuig sé go gcuirfeadh plean a chuirfeadh deireadh go héifeachtach leis an teorainn olc orthu?

Níl an DUP ag caint ar son gach aon duine sa Tuaisceart anois, a deir an Taoiseach, mar gur vótáil tromlach sa Tuaisceart ar son fanacht san Aontas Eorpach. Ach tá tromlach sa Tuaisceart ar son an Aontais leis an Bhreatain agus vótáil tromlach phobal na Ríochta Aontaithe ar son an Bhreatimeachta agus níl an DUP ag tacú le rud ar bith nár thacaigh na milliúin eile vótóirí leis agus níor ghlac siad leis riamh – vótóirí de chuid an DUP ná vótóirí eile Breatimeachta – go gcuirfí deireadh leis an teorainn thraidisiúnta chrua atá ann cheana féin mar chuid den Bhreatimeacht. Agus tacaíonn an Taoiseach le toil an tromlaigh fanacht sa Ríocht Aontaithe a fhad is gur mhaith leo sin ach ní féidir le tromlach an Tuaiscirt fanacht sa Ríocht Aontaithe má bhíonn teorainn i lár na mara idir iad agus an stát a dtugann siad dílseacht pholaitiúil dó. Agus níor thuig an Taoiseach a thuigeann d’aontachtaithe sin?

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim seo mar is ceart… Tá Sinn Féin in éadan na teorann crua agus ar son an Aontais agus ar son an daonlathais. Bhí Sinn Féin lá den tsaol go hiomlán in éadan an Aontais Eorpaigh, in éadan an daonlathais agus ar son foréigin. Theip ar an fhoréigean – agus is iomaí duine bocht a d’íoc as an teip fhuilteach – ach níl Sinn Féin ar son na teorann crua (arb ann di i gcónaí) in Éirinn – bíodh is go dtabharfadh siad tacaíocht do theorainn chrua idir Albain agus Sasana! Agus nár dhúirt Gerry Adams linn go mbeadh Éire athaontaithe anuraidh agus cad chuige a bhfuil muid ag caint ar theorainn a bhí le himeacht bliain ó shin agus bhí Sinn Féin in éadan Stormont, ar son Stormont agus ina éadan arís le cuimhne na ndaoine? An bhfuil sin mar is ceart agam?

Agus ag caint ar dhaonlathas; tá an iaróg seo ag tarlú de bharr vóta.

Shocraigh tromlach de chuid vótóirí na Ríochta Aontaithe gur mhaith leo imeacht as club an Aontais Eorpaigh. Chaith siad vóta. Sin a raibh de. Chaith siad vóta agus tá an vóta sin anois ag déanamh níos mó dochair d’aontacht na Ríochta Aontaithe ná mar a rinne feachtas marfach an IRA. Sea, is ait an rud an vóta agus is iontach an rud an daonlathas.

Fan anois go bhfeice mé an dtuigim seo mar is ceart… Tá an tAontas Eorpach ar son rialtas Bhaile Átha Cliath. Tá Leo Varadkar agus a chomrádaithe le háireamh i measc cheannairí móra na hEorpa. Is é an Bismarck nua é Leo s’againne agus impireacht na hEorpa ina seasamh leis, gualainn ar ghualainn.

Leoga, tá Gaeilge ag boc mór de chuid an Aontais – Donald Tusk. ‘Ní neart go cur le chéile,’ a dúirt Tusk ar turas go Baile Átha Cliath. Sea, ní neart go cur le chéile. Tá Gaeilge aige – go díreach mar atá ag banríon Shasana, Éilís II.

Ach fan. Seo nóta míshona ag tráchtaire eile, Brendan O’Neill, eagarthóir na hirise ar líne, spiked, agus fear atá go mór ar son an Bhreatimeachta. Ag scríobh sa Spectator a bhí O’Neill Dé Luain faoin achrann is nuaí agus teideal an ailt, ‘Ireland, the EU is playing you like a fiddle’.

Mar seo a chuireann sé síos ar an ‘dlúthchaidreamh’ idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséil: “The EU has no shame. It is a completely shame-free zone. How else do we explain the grotesque spectacle of EC President Donald Tusk cosying up to Ireland this weekend, and claiming to respect Irish sovereignty, as if the past 15 years of Brussels treating Ireland as a colonial plaything had never happened? As if the EU hadn’t time and again overridden the Irish people’s democratic wishes? As if the EU didn’t just a few years ago send financial experts to run the Irish economy above the heads of the apparently dim Irish demos?’

Cuireann O’Neill i gcuimhne dá chuid léitheoirí gur vótáil pobal na Poblachta in éadan chonarthaí Nice (2001) agus Liospóin (2008) – agus gur thug saoistí móra na Bruiséile orthu vótáil arís go dtí go raibh an freagra ceart ann. Ní neart go cur le chéile!

B’fhéidir gurb é sin is cúis le fearg bhoic mhóra an Aontais Eorpaigh in éadan na Breataine? Vótáil siad le himeacht agus tá siad le himeacht. Níl siad le ceannach nó le ceansú – mar a bhíonn na hÉireannaigh?

Fág freagra ar 'Ná cuirigí i gcló fós é! Scéal eisiach chugainn! Aontachtaithe ar son na teorann!'

  • Eoin Ó Murchú

    Táim ag fanacht le freagra óna hEoradhíograiseóirí. Ach b’fhéidir gur mó de mhasla ná freagra a gheófar?

  • Indrek Ois

    Bhain mé an-taithneamh as an gcur síos a thugann tú ar an scéal uilig. Tá a fhios ag madraí an bhaile gur féidir le polaiteoir rud amháin a rá inniu agus é ar mhalairt tuairime amáireach. Sin cuid den pholaitíocht. Ach cén locht atá ar an Aontas Eorpach bocht sa gcás seo atá ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus réiteach a chur ar fáil, sa gcaoi is go mairfeadh an seanghaol idir an dá hoileán nuair a bheas ceann acu imithe as an Aontas? Má tá moladh ag an DUP no duine ar bith eile, abraigí amach é!