Na cúigí i lár an aonaigh arís

Tar éis an lá ab fhearr a bhí sa gcomórtas Sé Náisiún riamh beidh na Cúigí ag dul chun páirce sa bPro 12 arís an deireadh seachtaine seo

Jamie Heaslip 17/1/2015
Jamie Heaslip Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

 

Má bhí mí-ádh orainn ag deireadh an chluiche i gcoinne na mBreathnach coicís ó shin, nuair a chinn an réiteoir go ndearna paca na hÉireann calaois sa gclibirt, bhí an t-ádh glan orainn, faoi dhó, ag deireadh dhá chluiche an Satharn seo caite. Sa gcéad chás, stop greamú Heaslip úd agus cúig phointe go cinnte agus seans ar sheacht bpointe d’fhoireann na hAlban. Sa dara cás, chinntigh cinneadh an réiteora go ndearna na Sasanaigh calaois agus iad faoi thréanionsaí ar líne úd na Fraince, gur fhan an bhearna 6 phointe, scór a bhí i bhfabhar na nGael, mar a bhí. Níl fhios agamsa cé acu ba thábhachtaí, ach bhí páirt lárnach acu a chinntiú gurb iad na Gaeil a fuair greim don dara bliain as a chéile ar Chorn na Sé Náisiún.

Níl aon dabht gurb é an Satharn seo caite an lá ab fhearr a bhí sa gcomórtas seo ariamh; trí chluiche agus seans ag trí fhoireann an corn a ardú. Ní hamháin sin ach bhí an comórtas fós idir na Sasanaigh agus na Gaeil go dtí an 79ú nóiméad den tríú cluiche agus an ceann deiridh sa gcomórtas seo. Bhí neart daoine i mbaol taom croí a fháil faoin am a raibh an cluiche thart.

Ach an oiread le hArd-Oifig an Phoist i 1916 nó bua na Mumhan ar na hAll Blacks, beidh caint go deo ar an Satharn seo caite sa Sé Náisiún agus cá raibh tú féin ag an am.

Ach tá an comórtas sin thart anois agus tá ar na cúigí dul chun páirce sa bPro 12 arís an deireadh seachtaine seo.

Beidh Cúige Laighean i gcoinne Ghlaschú, foireann atá ar bharr an tábla faoi láthair. Agus an t-alt seo á fhoilsiú, ní raibh muid cinnte an mbeadh fáil ag foirne na hÉireann ar na himreoirí idirnáisiúnta. Is cinnte go bhfuil na himreoirí céanna ag teastáil go géar ó na Laighnigh, foireann atá sa 5ú háit ar an tábla agus géarghá acu le cúpla bua ón gcúig chluiche atá fós le himirt sna réamhbhabhtaí. Cé go mbeidh siad sa mbaile an Aoine seo, is ar Chúige Laighean atá an brú ar fad. Caithfidh siad an cluiche seo a úsaid mar réiteach don chluiche ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh i gcoinne Bath san Aviva faoi cheann seachtaine.

Is ionann an cás ag Cúige Uladh é, iadsan sa mbaile freisin ach is iad atá sa dara háit ar an tábla agus iad i gcoinneChaerdydd foireann atá sa 9ú háit. Níor cheart go mbeadh aon stró orthu an lá a thabhairt leo agus dul go barr an tábla sin má bhíonn an bua ag Cúige Laighean.

Ba cheart go mbeadh sárchluiche i Luimneach an Satharn seo idir Cúige Mumhan atá sa tríú háit agus Cúige Chonnacht atá ar a míle dícheall fanacht sa 6ú háit le go mbeidh seans acu imirt i gCorn na gCuradh an chéad sheasúr eile.

Ach an oiread le Cúige Laighean, beidh Cúige Chonnacht ag baint úsaid as an gcluiche mar réiteach don chluiche ceathrú ceannais i gCorn an Dúshláin,
cluiche a bheas á imirt acu as baile ar Aoine an Chéasta i gcoinne Gloucester.

Tá dúshlán ollmhór roimh Chúige Chonnacht sa dá chluiche atá amach rompu faraor, an chéad ceann i gcoinne Chúige Mumhan go háirithe.

Fág freagra ar 'Na cúigí i lár an aonaigh arís'