Na Cúigí faoi bhrú san Eoraip agus buanna ag teastáil go géar

D’fhéadfadh go bhfuil rás Chúige Laighean rite ach tá na Muimhnigh faoi bhrú agus i mbaol imeacht as an gcomórtas sna réamhbhabhtaí chomh maith

Peter Nelson, Rory Best agus Darren Cave ag imirt do Chúige Uladh. INPHO/Billy Stickland
Peter Nelson, Rory Best agus Darren Cave ag imirt do Chúige Uladh. INPHO/Billy Stickland

Theip ar na Connachtaigh an churiarracht iontach, seacht mbua as ocht gcluiche sa bPro 12, a chosaint agus iad as baile i gcoinne Chaerdydd an Aoine seo caite. Ní hamháin sin, ach theip orthu ceathrar imreoirí a thabhairt slán ón gcoimhlint freisin. Fágann sin faoi bhrú iad agus iad ag réiteach do chuairt na Newcastle Falcons ar an mBóthar Beag an deireadh seachtaine seo.

Seans nach mbeidh aon tionchar ag an gcailliúint sa mBreatain Bheag ar an líon mór lucht tacaíochta Chonnacht a bheas ag Babhta a Trí de Chorn an Dúshláin ach is cinnte go mbeidh imní orthu. Bhí an lámh in uachtar ag fir Phat Lam sa dá chluiche atá imeartha acu sa gcomórtas Eorpach go dtí seo, ní hionann an cás do na Falcons. Chaill siad sin i gcoinne Brive (13-9) i mBabhta a hAon. Is cinnte go bhfuil buntáiste ar leith ag an bhfoireann áitiúil sa gcomórtas seo, ach mar sin féin níl aon duine cinnte go mbeidh na Connachtaigh in ann na deacrachtaí bunúsacha a tháinig chun solais an Aoine seo caite a shárú, gan trácht ar na gortuithe atá acu.

De bharr na n-ionsaithe a tharla i bPáras an mhí seo caite, níor éirigh leis na hUltaigh Babhta a Dó den chomórtas seo a imirt fós. Fiú mura raibh aon neart air, fágann sin iad ag dul chun páirce i mBéal Feirste agus gan an gnáthréiteach déanta acu roimh thabhairt faoi cheann de mhóruaisle an chomórtais seo, Toulouse. Ní hamháin sin, ach chaill Cúige Uladh an cluiche baile a d’imir siad i gcoinne Saracens i mBabhta a hAon agus mar bharr ar an mí-ádh, d’fhág Iain Henderson páirc na himeartha de bharr gortú a bhain dó sa gcluiche Pro 12 i gcoinne Dhún Éideann an Aoine seo caite. Cé gur cineál dúin dóibh Staid Kingspan, is míorúilt bheag a bheas ann má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar na cuairteoirí sa gcluiche seo.

Tá buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh i gCorn na gCuradh freisin agus ach an oiread le Cúige Uladh, níor éirigh leo ach an t-aon chluiche amháin a imirt sa gcomórtas seo go dtí seo. Tá dhá chluiche imeartha agus buaite ag Leicester, foireann a bheas mar fhreasúra acu i Luimneach an Satharn seo. Ní dóigh gur mórán sóláis do na Muimhnigh é gur éirigh leo ceithre úd agus pointe bónais a aimsiú i gcoinne Treviso i mBabhta a hAon; seans go ndéanfaidh chuile fhoireann eile i ngrúpa 4 an rud céanna. Chaill Cúige Mumhan sa bPro 12 an Domhnach seo caite agus má theipeann orthu arís sa gcluiche seo agus iad sa mbaile, beidh Axel Foley agus a chomrádaithe faoi bhrú agus i mbaol imeacht as an gcomórtas sna réamhbhabhtaí. Seans gurb é seo an spreagadh atá ag teastáil uatha.

Tá an baol ann go mbeidh rás na Laighneach sa gcomórtas sinsearach, Corn na gCuradh, rite an Domhnach seo. Dhá chluiche atá imeartha acu sa gcomórtas go dtí seo, an dá chluiche sin caillte agus caillte go dona acu. Anois tá orthu dul as baile le tabhairt faoi Toulon, curaidh an chomórtais faoi thrí, dá bhrí sin, is deacair dóchas ar bith a bheith againn dóibh.

Ach tá splanc dóchais amháin againn, is é sin gurb éirigh le Wasps Toulon a chloí ( 32-6) i mBabhta a dó. Ach bhí na Wasps sa mbaile an lá sin. Is dóigh gur mó gríosadh a thabharfaidh cailliúint an chluiche sin do Toulon. Is deacair dhá chailliúint as a chéile sa gcomórtas seo a thuar do na seaimpíní. Tá ochtú nóiméad an-chrua roimh na Laighnigh i ndeisceart na Fraince an deireadh seachtaine seo, faraor. 

Fág freagra ar 'Na Cúigí faoi bhrú san Eoraip agus buanna ag teastáil go géar'