Na Cúigí ag súil le pointí a ghnóthú agus a n-imreoirí idirnáisiúnta ar lár

Beidh trí chúige ag dul chun páirce sa gcomórtas ar an Aoine agus as baile a bheas péire acu sin, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh

Na Cúigí ag súil le pointí a ghnóthú agus a n-imreoirí idirnáisiúnta ar lár

Pictiúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey

Cé nach mbeidh fáil ar imreoirí atá i Chicago ag imirt i gcoinne na nAll Blacks an Satharn seo, níl aon sos ag na cúigí i gcomórtas an Pro 12. Beidh trí chúige ag dul chun páirce sa gcomórtas ar an Aoine seo agus as baile a bheas péire acu sin, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh.

Is ar na Dragons sa mBreatain Bheag a bheas na Connachtaigh ag díriú a n-airde, cluiche idir foirne atá gar d’íochtar an tábla. Tá fir an iarthair sa 9ú háit ar dheich bpointe, gan ach dhá chluiche buaite acu as sé iarracht ó thús an chomórtais. Tá na Dragons áit amháin taobh thiar díobh sa 10ú háit ar sheacht bpointe agus gan ach bua amháin slánaithe ach siúd as seacht n-iarracht.

Níor éirigh le ceachtar den dá fhoireann seo bua a fháil agus iad ag imirt as baile an deireadh seachtaine seo caite ach bhí bearna ocht bpointe dhéag idir na Dragons agus na hOspreys i gcomparáid leis an aon phointe dhéag a bhí idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean. Ach is ag na Breathnaigh atá buntáiste an bhaile i mBabhta 8 agus deis mhaith acu. Má theipeann orthu is cinnte go mbeidh siad i dtrioblóid nuair a fhilleann na himreoirí idirnáisiúnta chuig na foirne eile ar fad.

I nDún Éideann, ag imirt i gcoinne fhoireann an bhaile sin, a bheas na hUltaigh an Aoine seo. Theip ar an dá fhoireann seo freisin an deireadh seachtaine seo caite, torthaí nach raibh súil leo, go háirithe i gcás na nAlbanach a bhí sa mbaile i gcoinne Zebre na hIodáile.

Cúis náire gan dabht do Dhún Éideann agus caithfidh siad rudaí a chur ina gceart an Aoine seo más leo greim a choinneáil ar an slua beag lucht leanta atá fós dílis dóibh. Beidh na hUltaigh iad féin ag iarraidh rudaí a cheartú ón mbualadh a thug na Muimhnigh dóibh i mBéal Feirste. Tá mé ag tuar bua do na cuairteoirí sa gcluiche seo ach ní bheidh mórán ann.

Tá buntáiste an bhaile (i gCorcaigh) ag na Muimhnigh don bhabhta seo, iad ag tabhairt faoi na hOspreys atá sa dara háit ar an tábla faoi láthair. Níl na Muimhnigh ach dhá áit agus trí phointe taobh thiar díobh. Is fiú a rá go bhfuil na foirne seo ar comh-mharc maidir le cluichí imeartha agus buaite. D’imir siad seacht gcluiche sa gcomórtas go dtí seo agus bhí an bua acu i gcúig cinn acu. Is é an líon pointí bónais atá aimsithe acu a scarann na foirne seo: tá cúig cinn ag na hOspreys i gcomparáid leis an dá cheann atá aimsithe ag Cúige Mumhan. Fágann sin go bhfuil bunchloch iontach againn do shárchluiche idir na foirne seo agus na Muimhnigh ag súil go mbeidh siad in ann bua eile a fháil agus iad ag carnadh na bpointí go tréan le gairid.

Ar an Satharn a bheas Cúige Laighean san Iodáil le himirt i gcoinne Zebre. Beidh foireann an bhaile ag iarraidh tógáil ar an mbua stairiúil a bhí acu ar Dhún Éideann seachtain ó shin. Ní dóigh liomsa go bhfuil Leo Cullen ná fir Laighean sásta ligean dó sin tarlú. Ba cheart go mbeadh foireann bharr an tábla ró-láidir don fhoireann atá san 11ú háit, fiú má tá buntáiste an bhaile acu.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag súil le pointí a ghnóthú agus a n-imreoirí idirnáisiúnta ar lár'