Na cúigí ag réiteach le dul sa bhearna bhaoil 

Níl ach cluiche amháin ag na foirne cúige rugbaí agus deacrachtaí le sárú acu ar fad sula dtabharfaidh siad faoi na mórchomórtais Eorpacha.

Tá go leor rudaí le ceartú ag na Laighnigh roimh Chorn na gCuradh. Pictiúr: Inpho
Tá go leor rudaí le ceartú ag na Laighnigh roimh Chorn na gCuradh. Pictiúr: Inpho

Níl ach cluiche amháin ag na foirne cúige le deacrachtaí a shárú sula dtabharfaidh siad faoi na mórchomórtais Eorpacha.

I gcás fhoirne Chúige Mumhan, Chúige Laighean agus Chúige Uladh, tá siad ag réiteach le himirt i gCorn Churaidh Rugbaí na hEorpa (an European Rugby Champions Cup) faoi cheann seachtaine agus is iad na Connachtaigh a bheas sa gcomórtas do Chorn Dúshláin na hEorpa (an European Challenge Cup).

Seachas cás na Mumhan agus an Laighean, ní dóigh go bhfuair foireann bainsitíochta na gcúigí mórán léargais ar stádas reatha na bhfoirne ó na cluichí a d’imir siad sa gcúigiú babhta den Guinness Pro 12 an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí deis iontach ag na Connachtaigh ceithre phointe a aimsiú agus iad i gcoinne Chaerdydd thiar ar an mBóthar Beag, Dé hAoine seo caite. Is ábhar ollmhór imní é an chaoi ar lig fir an Iarthair don fhreasúra bearna ceithre phointe dhéag a dhúnadh in achar gearr deich nóiméad.

Imní freisin an chaoi a raibh baint ag droch-chinneadh chaptaen na foirne dul sa tóir ar chúig phointe an úid seachas an trí phointe ón gcic éirice a bhí ar fáil gan mórán stró. D’ioc Connnachta go daor as an gcinneadh céanna. Seans go mbeidh siad ag iarraidh é seo a cheartú agus iad as baile san Iodáil i gcoinne Treviso Bhenetton ar an Aoine seo.

Cuirfear tástáil cheart ar na hUtaigh agus iad sa mbaile i gcoinne Ghlascú an Satharn seo, rud a theastaíonn go géar uatha. Bhí an cluiche i gcoinne Dhún Éideann ar an Aoine seo caite i bhfad róbhóg ar fad, rud a fhágann bainisteoirí agus imreoirí idir dhá chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh acu ó thús an tséasúir, tráth ar fhág Mark Anscombe iad, bainisteoir a bhí acu le dhá sheasúr roimhe sin.

Táim cinnte, dá bhrí sin, go bhfuil na hUltaigh sásta go mbeidh foireann a bhfuil gradam rogha na coitiantachta don Pro 12 acu ar cuairt acu i mBéal Feirste, go háirid sula rachaidh siad féin go Leicester leis na Tíogair a imirt sa gcomórtas Eorapach ar an och tú lá déag den mhí seo.

Ní aon aimhreas ach gurbh é an cluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan an Satharn seo caite an cluiche ab fhearr a chonaic muid ó thús an Pro 12. D’fhill na Muimhnigh ar sheanstíl fhíochmar, throdach an Airm Dheirg agus scrios siad curaidh an chomórtais ar an ngort féin. Bhi géarghá leis an taispeántas sin ó na Muimhnigh, agus iad faoi stiúir bainisteoirí nua, ní hionann an cás ag aon chúige eile.

Beidh Mumha sa mbaile ar Pháirc Thuamhan an Aoine seo i gcoinne Scarlets, áit a mbeidh an bainisteoir Antony Foley ag iarraidh snas a chur ar chúrsaí sula dtabharfaidh siad agahidh ar Shasana an tseachtain seo chugainn le himirt i gcoinne Sale Sharks i gCorn na gCuradh.

Tá go leor rudaí le ceartú ag na Laighnigh roimh Chorn na gCuradh ach ní dóigh gur mór an deis a bheas acu sin a dhéanamh agus iad i gcoinne Zebre, ceann de na foirne is laige sa Pro 12. Cuir san áireamh freisin gur chaill Cúige Laighean i gcoinne an dá chúige Éireannach a d’imir siad go dtí seo, agus an liosta fada imreoirí, cuid acu atá ar chaighdeán idirnáisiúnta, ar liosta na n-imreoirí gortaithe.

Is léir, dá bhrí sin, gur ar Chúige Laighean atá an brú is mó, cé go mbeidh bua acu i gcoinne Zebre. Scéal eile ar fad a bheas rompu ach a gcasfaidh siad le foireann Wasps, dream a bheas i mBaile Átha Cliath seachtain ón Domhnach seo, cluiche a bheas á phlé agam sa chéad alt eile chomh maith leis na cluichi eile sna Comórtais Eorpacha.