Na Cúigí ag dul sa ghleo arís agus na Connachtaigh ag tabhairt aghaidh ar na Cheetahs

Ba iad na Connachtaigh a thug an t-údar cainte ba mhó dúinn an tseachtain seo caite agus iad ag baint geit as na Muimhnigh

Na Cúigí ag dul sa ghleo arís agus na Connachtaigh ag tabhairt aghaidh ar na Cheetahs

Imreoir Chonnacht, Eoghan Masterson. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Is fada an lá ó chonaic muid cluichí rugbaí chomh maith agus a chonaic muid an deireadh seachtaine seo caite sa gcomórtas idirchúigí. Bhí dhá chluiche againn, a bhí ar chaighdeán fíor-ard, na foirne ar fad ag tabhairt taispeántas a bhí fíorfhisiciúil, misniúil, cróga agus cruithaitheach. Bhí an lá leis na Laighnigh agus iadsan ar cuairt ar Bhéal Feirste, toradh a raibh súil leis. Ach ba iad na Connachtaigh a thug an t-údar cainte ba mhó dúinn agus iad ag baint geit as na Muimhnigh a chuir a gcéad rogha imreoirí chun páirce thiar ar an mBóthar Beag. Cinntíonn an bua sin go bhfuil fir an iarthair ar ais sa rás i ngrúpa A den Phro 14. Anois feicfidh muid an mbeidh siad in ann coinneáil leis an tsár-imirt a chonaic muid uathu, go háirid sa dara leath ar an Aoine seo caite.

Beidh sos ón bPro 14 ag na foirne le spás imeartha a thabhairt do chluichí idirnáisiúnta na Samhna, tar éis Babhta 8 a bheas linn an deireadh seachtaine seo. Ní dóigh go mbeidh mórán stró ar na Muimhnigh agus iadsan ag imirt i gcoinne na nDragons i gCorcaigh an Aoine seo. Níor éirigh leis na Dragons ach dhá chluiche as seacht gcinn a bhuachan sa gcomórtas go dtí seo. Níl aon duine ag tabhairt seans na ngrást dóibh go háirid agus na Muimhnigh ar thóir maithiúnais óna lucht leanúna de bharr thoradh na Gaillimhe. Tá mé ag tuar bua le pointe bónais do na Muimhnigh.

Ar an Aoine freisin a bheas Cúige Laighean ag taisteal go Glaschú agus iad ag súil go mbeidh siad in ann na Warriors a shárú den dara uair in imeacht trí seachtaine. Rinne fir Átha Cliath an turas céanna ar an 21 Deireadh Fómhair agus d’éirigh leo an lámh in uachtar (34 – 18) a fháil ar na Warriors agus iad ag imirt i gCorn na gCuradh. Má imríonn Cúige Laighean mar a d’imir siad i gcoinne Chúige Uladh an deireadh seachtaine seo caite is deacair bua a thuar do na Warriors.

Níl a fhios agam an fiú tagairt ar bith a dhéanamh don chluiche idir Cúige Uladh agus na Southern Kings a bheas á imirt i mBéal Feirste ar an Satharn. Tá na Kings fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas, ní dóigh go n-éireoidh leo é a aimsiú i mBabhta 8.

Sa mbaile freisin a bheas Cúige Chonnacht ag cur fáilte roimh na Cheetahs. Tástáil cheart a bheas sa gcoimhlint seo lena fheiceáil an bhfuil dul chun cinn déanta ag na Connachtaigh. Tá na Cheetahs sa tríú háit ar thábla ghrúpa A, díreach chun cinn ar na Connachtaigh ach tá scór pointe aimsithe ag foireann na hAfraice Theas i gcomparáid leis an dá phointe dhéag atá ag foireann na Gaillimhe. Tá drogall orm mallacht an tráchtaire a chur ar Chonnachta ach creidim gur féidir leo an cluiche seo a bhuachan, sin má imríonn siad mar a rinne siad sa dara leath seachtain ó shin.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag dul sa ghleo arís agus na Connachtaigh ag tabhairt aghaidh ar na Cheetahs'

  • Seáno Flatharta

    Ta Cuireadh Uladh ag imirt san Aifric Theas an deireadh seachtaine seo