Ná cúig rud is iontaí ón oíche sin in Iostanbúl…

Deich mbliana ón lá inniu, bhuaigh Liverpool Sraith na gCuradh i gceann de na cluichí ceannais is dochreidte riamh. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar an lá

UEFA Champions League Final AC Milan vs Liverpool

Díreach deich mbliain ó shin, chonaic muid ceann de na cluichí is aistí agus is dochreidte atá feicthe riamh sa sacar. Ar 25 Bealtaine, 2005, chas Liverpool agus AC Milan ar a chéile i gcluiche ceannais Sraith na gCuradh sa Tuirc agus ní dhéanfaidh lucht leanúna Liverpool dearmad ar an oíche go deo.

Is leathmhíorúilt a bhí ann cheana go raibh foireann Rafael Benitez cáilithe don chluiche ceannais. Sa chluiche deireanach den ghrúpa in aghaidh Olympiakos, theastaigh sárchúl ó Steven Gerrard gan ach ceithre nóiméad fágtha chun feachtas Liverpool a choinneáil beo. Ansin, sna babhtaí leathcheannais in aghaidh Chelsea, is cúl conspóideach ó Luis Garcia a shocraigh an toradh, cé go ndeir Jose Mourinho fós nár thrasnaigh sé an líne chúl.

Mar a tharla sé, ní raibh sna cluichí sin ach blaiseadh den méid a bhí le teacht sa chluiche ceannais. Seo cúig cinn de na rudaí is iontaí a tharla sa chluiche ceannais sin.

Taispeántas AC Milan sa chéad leath

Le gach rud a tharla sa dara leath agus in am breise, déantar dearmad ar cé chomh maith is a bhí Milan i ndáiríre sa chéad leath. Ní taispeántas lag Liverpool amháin ba chúis leo a bheith 3-0 chun deiridh ag leath am. Thug na hIodálaigh greadadh dóibh.

Is fada an lá anois ó bhí Milan chomh láidir sin ach ag an am bhí imreoirí ar nós Nesta, Maldini, Pirlo, Kaka, Shevchenko agus Crespo acu agus iad ar bharr a réime. Chuir Crespo Milan 3-0 chun cinn sa nóiméad deireanach den leath agus is annamh cúl chomh maith leis feicthe againn i gcluiche ceannais. Thug Pirlo pas gearr do Kaka, rinne an Brasaíleach pirouette timpeall ar Steven Gerrard agus thug sé pas do Crespo, timpeall ar chos shínte Jamie Carragher, a bhí tomhaiste go foirfe aige. Ní raibh aon easpa chumais ar chríoch an Airgintínigh ach an oiread.

An sé nóiméad stairiúil

UEFA Champions League Final AC Milan vs Liverpool 25/5/2005 Liverpool's Xabi Alonso scores the equaliser ©INPHO/Getty Images 52967504MH016_UEFA_Champion Mike Hewitt/Getty Images *** Local Caption *** Steven Gerrard

Nuair a tháinig Liverpool amach don dara leath, ní raibh aon duine ag súil le céard a bhí le teacht. Bhreathnaigh sé gurb é an aidhm a bhí acu ná iarracht gan rudaí a dhéanamh níos measa ná mar a bhí siad. Fiú nuair a scóráil Steven Gerrard tar éis 54 nóiméad, ní raibh mórán dóchais ag leantóirí Liverpool.

Dhá nóiméad tar éis chúl Gerrard, d’aimsigh Vladimir Smicer ceann eile ina chluiche deireanach don chlub. Faoin am gur chuir Xabi Alonso Liverpool ar comhscór, fiú tar éis dó cic éirice a chur amú, bhí an cluiche iompaithe bun os cionn. Ina dhiaidh sin, cheapfadh duine nach bhféadfadh ach Liverpool an corn a ghnóthachtáil, cé go ndearna siad rudaí deacair dóibh féin.

Sábhála Jerzy Dudek ó Shevchenko

UEFA Champions League Final AC Milan vs Liverpool 25/5/2005 Liverpool goalkeeper Jerzy Dudek saves the decisive penalty from AC Milan forward Andriy Shevchenko ©INPHO/Getty Images 52967504AL029_UEFA_Champion  *** Local Caption *** Steven Gerrard

 (@1:58)

Faoin am gur shroich an cluiche an dara leath d’am breise, bhí imreoirí Liverpool traochta. Bhí Jamie Carragher ag imirt ar leathchois agus gan ach trí nóiméad fágtha, bronnadh seans den scoth ar thosaí Milan, Andriy Shevchenko.

Gan cosantóir gar dhó agus é seacht slat amach, chuir Shevchenko cloigeann le pas Serginho. Cé gur éirigh le Dudek í a stopadh, bhris an liathróid amach chuig tosaí Milan arís agus, gan Shevchenko ach dhá slat amach agus cúl báire Liverpool ar a thóin, d’éirigh le Dudek lámh a fháil ar an liathróid agus í a stiúradh thar an trasnán. Nuair d’éirigh Dudek ina sheasamh arís, chlaon sé a cheann agus an chuma air go raibh a ghaisce déanta gan stró aige.

Faoin am gur thosaigh na ciceanna pionóis, bhí Milan trína chéile. Thosaigh Dudek ag léim thart sa chúl mar a rinne Bruce Grobbelaar i gcluiche ceannais 1984. Theip ar Milan lena gcéad dá iarracht agus faoin am gur tháinig a gcúigiú cheann, bhí ar Shevchenko í a bhá san eangach nó bheadh an corn buaite ag Liverpool.

Bhí taithí ag an Úcránach ar ócáidí mar seo. Is é a bhuaigh Sraith na gCuradh do Milan le cic éirice i gcluiche ceannais 2003 ach bhreathnaigh sé sa chluiche seo go raibh a mhuinín caillte aige tar éis sábhála Dudek níos luaithe. Ar deireadh, is iarracht lag a bhí inti agus shábháil Dudek, laoch na hoíche do Liverpool, shábháil sé go héasca í.

An corn buaite ag Liverpool le Traore, Biscan, Josemi, etc.

(Cumas Traore le feiceáil ag @1:03)

Ceann de na rudaí is iontaí ar fad faoi bhua Liverpool ná gur éirigh leo Sraith na gCuradh a bhuachan le cuid de na himreoirí is measa a leag lámh ar an gcorn riamh. Ag tosú a chéad chluiche do Liverpool a bhí Djimi Traore sa chluiche ceannais in aghaidh Milan, agus níor thóg sé i bhfad air a rian a fhágáil ar chúrsaí. Ní raibh 20 soicind imeartha nuair a rinne Traore feall ar an gcliathán deis agus is ón gcic saor sin a scóráil Milan agus Paolo Maldini an chéad cúl.

Na himreoirí ag Liverpool an oíche sin, d’fhág a bhformhór taobh istigh de chúpla bliain agus is é Xabi Alonso an t-aon duine a raibh aon rath air gur fiú trácht air tar éis dó fágáil. Is léir nár chuala Rafael Benitez an ceann faoin gcluas muice agus an sparán síoda.

Fág freagra ar 'Ná cúig rud is iontaí ón oíche sin in Iostanbúl…'