Na cosa tugtha leis ag RnaG i dtuarascáil NewEra

Moltar nach ndéanfaí tuilleadh ciorruithe ar sheirbhísí RTÉ nach mbeadh spéis ‘ag an margadh’ iad a sholáthar

RnaG (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)

Moltar i dtuarascáil nuafhoilsithe a dhéanann scrúdú ar chaiteachas RTÉ nach ndéanfaí tuilleadh ciorruithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sa tuarascáil le NewEra, atá díreach foilsithe ag an Aire Cumarsáide Alex White, deirtear:

“…in our view further cost reduction measures would commence with a review

of services which could otherwise be provided by the market as opposed

to services such as RnaG, lyric fm or the Orchestras.”

Cúis imní ab ea tuarascáil seo NewEra do lucht craoltóireachta na Gaeilge nuair a fógraíodh ar dtús í toisc gur thug an Rialtas treoir shonrach don aisíneacht stáit scrúdú a dhéanamh ar “the manner in which it delivers Irish language radio services”.

Mar chuid den tuarascáil, ar cuireadh bailchríoch anuraidh uirthi, luaitear gur tháinig laghdú 30% ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí raidió Gaeilge RTÉ idir 2010 agus 2012, agus gurbh é RnaG, mar an tseirbhís Ghaeilge is costasaí ag RTÉ, is mó a d’iompar na ciorruithe sin.

Maidir le figiúirí éisteachta RnaG maítear sa tuarascáil nár athraigh siad mórán idir 2005 agus 2012 agus gur sciar 0.5% den lucht éisteachta náisiúnta a bhí ag an stáisiún.

Tháinig méadú ar líon na n-éisteoirí ag RnaG idir 2005 agus 2008.

I 2008 tháinig laghdú ar an lucht éisteachta agus cé go raibh méadú arís ann i 2009, idir 2011 agus 2012 bhí titim arís i líon na ndaoine a éisteann leis an stáisiún Gaeilge.

Sciar d’idir 0.2% agus 0.8% den lucht éisteachta a bhí ag RnaG le linn na mblianta a dtagraíonn an tuarascáil dóibh, ach maítear sa tuarascáil go bhféadfadh nach bhfuil difir chomh mór sin dáiríre idir na figiúirí éisteachta do na blianta éagsúla toisc ceatadáin bheaga a bheith i gceist.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an costas san uair a bhaineann le craoladh spóirt RnaG ard i gcomparáid le 2fm.

“RnaG’s cost per hour of Sport is high relative to 2fm. It produces significantly more Sport output, 480 versus 167 hours, but it is high nonetheless,” a deirtear.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil an costas a bhaineann le seirbhís nuachta RnaG níos ísle ná stáisiúin eile, ach go bhfuil líon ard de bhaill foirne ag RnaG i gcomparáid le Lyric FM agus 2fm.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha leis ag RnaG i dtuarascáil NewEra'