Na Connachtaigh réidh don chluiche is mó fós i stair an Chúige

Babhta Leathcheannais an Pro 12: An mbeidh Pat Lam in ann a chuid imreoirí a spreagadh chun iarracht ollmhór amháin eile a dhéanamh don chluiche is mó fós i stair an Chúige?

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne

Nach mór an trua é!  Tar éis sár-iarracht na gConnachtach agus iad ag fáil an lámh in uachtar (14–7) ar Ghlaschú, curaidh an chomórtais, toradh a chinntigh gurb iad a chríochnaigh sa dara háit ar thábla an Pro 12, tá orthu an rud céanna a dhéanamh arís an Satharn seo. 

Mar sin féin, toisc gur chríochnaigh siad sa dara háit, tá buntáiste an bhaile acu arís an Satharn seo. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an Bóthar Beag lán le lucht leanta dílis Fhir an Iarthair. Beidh na sluaite i nGaillimh, iad ag súil leis an iarracht agus an toradh céanna rud a chinnteodh ionad sa gcraobhchluiche i nDún Éideann faoi cheann seachtaine.

Má tharlaíonn sin seans go gcaithfear Aerfort na Gaillimhe a oscailt arís!

Ach roimhe sin, ní foláir Glaschú a chloí, rud nach mbeidh éasca. Tá a fhios ag na cuairteoirí gurb iad féin a rinne na botúin a thug an buntáiste do na Connachtaigh coicís ó shin. Theip ar Finn Russell, a gciceálaí, dhá chic éirice a bhí réasúnta éasca a shlánú sa gcéad leath, imirt a chuir brú damanta ar a fhoireann. Ní raibh ach tríocha nóiméad fágtha le himirt nuair a fuair Sila Puafasi, an frapa, cárta dearg agus bhí orthu an cluiche a chríochnú agus gan acu ach ceathrar imreoirí déag. 

Ní dóigh go dtarlóidh na botúin chéanna arís an Satharn seo. Is cinnte freisin go mbeidh ceachtanna eile foghlamtha ag Glaschú. Fuair siad léargas iontach ar stíl imeartha na gConnachtach agus aon laige a bhaineann leo.

An mbeidh Pat Lam in ann a chuid imreoirí a spreagadh chun iarracht ollmhór amháin eile a dhéanamh? Is minic a dúradh é sin cheana féin i mbliana faoi Chúige Chonnacht ach ná bíodh aon dul amú ort, is cinnte gurb é seo an cluiche is mó fós i stair an Chúige.

Ar an Aoine san RDS a bheas an cluiche leathcheannais eile á imirt idir na Laighnigh agus na hUltaigh. Seans gur ag fir an bhaile atá na buntáistí ar fad roimh thús an chluiche. Is iad a bhí ar bharr an tábla tar éis fiche a dó babhta imeartha, ceithre áit agus ceithre phointe chun cinn ar na hUltaigh agus níl aon easpa imreoirí idirnáisiúnta orthu. Mar sin féin, níorbh aon réiteach a bhí sa gcluiche deiridh dóibh a d’imir siad coicís ó shin i gcoinne Treviso, foireann a chríochnaigh ar bhun an tábla.

A mhalairt a tharla i gcás na nUltach. Bhí orthu siúd taisteal as baile le tabhairt faoi na hOspreys, foireann a bhí ar thóir bua amháin eile sa gcomórtas. D’éirigh leis na hUltaigh an lámh in uachtar a fháil (46-26) ach níos tábhachtaí ná an bhearna scór pointí a bhí eatarthu, rinneadh tástáil ghéar orthu agus réiteach ceart a bhí ann do chluiche na hAoine seo. Fuair muid léargas freisin ar a éifeachtaí is atá an nasc sin idir Ruan Pienaar agus Paddy Jackson, imreoirí leathchúil Uladh.

Má éiríonn leis an bpáirtnéireacht seo arís, seans go gcuirfidh siad brú damanta ar fhir Átha Cliath. Seans freisin go mbeidh plean éigin eile ag Johnny Sexton agus a chomrádaithe maidir leis sin! Tá mise ag súil le cluiche iontach agus cé go bhfuil mé ag tuar bua do Chúige Laighean, níl sé de mhisneach agam mórán airgid a chur orthu!

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh réidh don chluiche is mó fós i stair an Chúige'