Na Connachtaigh ag iarraidh cur lena gcuriarracht

Is cúis imní d’fhir an iarthair an liosta fada imreoirí gortaithe atá acu faoi láthair agus tá sé ríthábhachtach go n-éireoidh leo pointí a fháil i gcoinne na Ospreys

INPHO/Ian Cook
INPHO/Ian Cook

Is léir go mbeidh na Connachtaigh ag iarraidh cur lena gcuriarracht, bua le pointe bónais le i gceithre chluiche as a chéile, an deireadh seachtaine seo agus iad ag imirt i mBabhta 16 den Pro 12.

Is buntáiste mór dóibh go mbeidh siad ag imirt sa mbaile ar an mBóthar Beag agus go bhfuil bearna 12 pointe idir iad féin agus na hOspreys, freasúra an tSathairn seo. Tá bearna chúig áit idir na foirne seo freisin, na Connachtaigh ar bharr an tábla, agus na hOspreys sa séú háit.

Is cúis imní d’fhir an iarthair an liosta fada imreoirí gortaithe atá acu faoi láthair.

Thosaigh siad an cluiche i gcoinne Zebre le deichniúr ar an liosta sin ach triúr déag a bhí air faoin am a raibh an cluiche thart, agus Masterson, Ronaldson agus Heenan gortaithe freisin. Cuir an dream sin leis an triúr imreoirí ó Chonnachta atá ar an bpainéal idirnáisiúnta agus beidh léargas agat ar dheacrachtaí Pat Lam.

Mar sin féin, tá siad sa mbaile agus tá imreoirí ar iarraidh ó fhoireann na Breataine Bige freisin. Fós féin, tá sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis na Connachtaigh pointí a fháil ón gcluiche seo más leo a bheith fós i measc na bhfoirne a bheas ar bharr thábla an Pro 12 ag deireadh na réamhbhabhtaí.

Ar an Domhnach tabharfaidh Cúige Mumhan, foireann atá chomh fada siar leis an seachtú háit ar an tábla, faoi Treviso, foireann atá ar a íochtar, sa dara háit déag. Is deacair bua do na hIodálaigh a thuar sa gcluiche seo, fiú agus na Muimhnigh in ísle brí agus ag imirt go fíor-dhona faoi láthair.

Ach ag an am céanna tá buntáiste an bhaile ag Treviso. Mar sin féin, má theipeann ar imreoirí Anthony Foley sa gceann seo seans maith go mbeidh athrú nó dhó ar fhoireann bainistíochta na Mumhan, ach ní dóigh go dtarlóidh sé sin an deireadh seachtaine seo ar aon chaoi.

As baile freisin a bheas Cúige Laighean agus Cúige Uladh an Domhnach seo. Níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Laighnigh an lámh in uachtar a fháil ar Zebre fiú agus iad sa mbaile. Ní mórán de bhuntáiste a bhí ann dóibh agus iad ag géilleadh breis agus leathchéad pointe do na Connachtaigh seachtain ó shin.

Scéal eile ar fad a bheas ann do na hUltaigh ach mar sin féin tá mise den tuairim gur cheart go mbeadh siad róláidir do Chaerdydd, foireann atá sa 9ú háit ar an tábla, agus na hUltaigh sa cheathrú háit.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ag iarraidh cur lena gcuriarracht'

  • Sean o Flatharta

    Ta Hennan agus Ronaldson ag imirt amaireach