Na comórtais idirchúige le dul ar aghaidh faoi cheann seachtaine

Agus iad curtha ar ceal anuraidh, tá sé deimhnithe ag CLG go n-imreofar na comórtais pheile agus iomána idir-chúige an deireadh seachtaine seo chugainn

Na comórtais idirchúige le dul ar aghaidh faoi cheann seachtaine

Ger O’Sullivan (bainisteoir peile Chúige Mumhan) agus Anthony Daly (bainisteoir iomána Chúige Mumhan). INPHO/Ryan Byrne

Tá sé deimhnithe ag Cumann Lúthchleas Gael go n-imreofar na comórtais idir-chúige an tseachtain seo chugainn. Reáchtálfar na cluichí leathcheannais sa pheil agus san iomáint Dé Sathairn an 10 Nollaig, agus imreofar na cluichí ceannais an lá ina dhiaidh sin.

Is i bPáirc Parnell a imreofar na cluichí peile agus tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar Chúige Chonnacht, seaimpíní 2014, agus beidh Cúige Mumhan á fhéachaint le Cúige Uladh.

Reáchtálfar an comórtas iomána i Staid Semple. Imreoidh Cúige Mumhan agus Cúige Uladh a chéile sa chéad chluiche leathcheannais agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Chúige Chonnacht nó Cúige Laighean sa chluiche ceannais an lá dár gcionn.

Ainmníodh bainisteoirí na foirne ag an seoladh chomh maith. Is iad Ger O’Sullivan (Cúige Mumhan), John Tobin (Cúige Chonnacht), Pete McGrath (Cúige Uladh) agus Seán Kelly (Cúige Laighean) a bheidh i gceannas ar na foirne peile agus beidh Anthony Daly (Cúige Mumhan), Micheál Donoghue (Cúige Chonnacht), Terence McNaughton (Cúige Uladh), Ciarán Hetherton (Cúige Laighean) i bhfeighil ar na foirne iomána.

Níor imríodh comórtais na bliana seo caite toisc go raibh roinnt páirceanna faoi uisce de thoradh na dhrochaimsire.

Ag labhairt dó ag seoladh na sraithe i bPáirc an Chrócaigh inniu, dúirt Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail, go raibh áthas air go raibh an comórtas a bhfuil  “stair iontach ag baint leis sa Chumann” ag teacht ar ais.

“Is craobh í a bhfuil  a cuid fréamhacha aici i Sciath an Bhóthair Iarainn a reáchtáladh ar dtús i 1905. Is comórtais speisialta iad. Rud mealltach é i gcónaí na himreoirí is fearr sna cúigí a fheiceáil ag imirt lena chéile, seachas in aghaidh a chéile.

“Ní bheidh sé d’ádh ar gach imreoir idirchontae bonn Uile-Éireann nó gradam All-Star a bhuachan. Ach tá oidhreacht shaibhir ag na comórtais idirchúige maidir le haitheantas a thabhairt d’imreoirí den scoth fud fad na tíre.”

Fág freagra ar 'Na comórtais idirchúige le dul ar aghaidh faoi cheann seachtaine'