Na coláistí tríú leibhéal i lár an aonaigh iománaíochta

Tá Ollscoil Luimnigh agus Institúid Phort Láirge beagáinín chun cinn ar na foirne eile a bheidh san iomaíocht i gcorn Mhic Giorbúin an deireadh seachtaine seo

Jack Browne and Pat Purcell 18/2/2015
Jack Browne ó Ollscoil Luimnigh agus Pat Purcell ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. ©INPHO/Ryan Byrne

 

Ná dearmadaimís go mbeidh na coláistí tríú léibhéal i lár an aonaigh an deireadh seachtaine seo.

Sea, imreofar comórtas Mhic Ghiobúin, an comórtas ‘ribín gorm’ seo ar an Aoine agus an Satharn beag seo.

Ta an corn ainmnithe i ndiaidh an Dochtúra Mac Giobún a bhí ina Caipisíneach agus ina léachtóir le fealsúnacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ó 1911 go dti 1936.

Deirtear gur chaith sé an chuid is mó dá thuarastal bhliantúil i 1912 ar an gcorn luachmhar seo a cheannach.

Don chéad tríocha bliain, bhí UCC agus UCD go mór in uachtar sa chomórtas. Bhuaigh Ollscoil na Banríona Béal Feiriste é uair amháin siar sna caogadaí. Ó thosach an chéid,  is iad WIT agus LIT atá ar bharr an liosta seampíní.

Is iad LIT a bheidh ag cur fáilte roimh na foirne éagsúla chuig a gcampus Spórt i mbliana.

Ó dheireadh mhí Eanáir, tá cluichí á n-imirt sa chomórtas agus anois níl ach ceithre fhoireann fágtha. Tá caighdeán na gcluichí an–ard agus scoth na n-imreoirí ag imirt, dar ndóigh.

Déanann siad diantraenáil agus tá an–bhród ar na himreoirí go bhfuil bonn Mhic Ghiobún buaite acu thar na blianta.

Tá UL agus LIT ag imirt ar son Chathair an Chonartha agus CIT ar son na ndaonlathach cois Laoi.

Ag seasamh an fhóid ar son chathair Phort Láirge atá WIT. Sa chéad chluiche leathcheannais, tá an dá choláiste ó Luimneach ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Is dóigh liom go dtabharfaidh na scoláirí ón Ollscoil faoin gcluiche sin le mórán muiníne agus iad i bhfad níos frisealta i ndiaidh seachtain bhreise gan aon chluiche acu.

Dar ndóigh, níor imríodh cluiche ceathrú ceannais LIT go dtí an Mháirt seo de bharr cúrsaí agóide.

D’imir imreoirí Phort Láirge ar an Máirt freisin, rud a cheapfá a thabharfadh buntáiste éigin do na Corcaígh.

Tá sé deacair a rá cé shroichfidh an cluiche ceannais ar an Satharn. Chonaic mé cuid mhaith des na cluichí go dtí seo agus bunaithe ar an eolas sin, ceapaim go bhfuil Ollscoil Luimnigh agus Institúid Phort Láirge pioc beag níos fearr ná na foirne eile atá fágtha.

Thóg Port Láirge an corn leo anuraidh ach is dóigh liom nuair a bheidh deireadh déanta tráthnóna Dé Sathairn go mbeidh an corn ag neadú cois Sionainn i mbliana.

Mar sin, má tá fonn ort féachaint ar scoth na hiomána an deireadh seachtaine seo, déan do bhealach chuig cathair an Chonartha. Táim cinnte nach mbeidh díomá ort.

Fad is atá na cluichí sin ar siúl, beidh cluichí de shórt eile faoi lán tseoil i gContae an Chabháin, áit a bhfuil an Chomhdháil náisiúnta i mbliana. Mar is gnáth, tá moltaí de gach sórt (cúig cinn is trí fhichid ar fad) ar an gclár agus cinntí le déanamh ina dtaobh. Baineann cuid mhaith des na moltaí le cúrsaí rialacha mar gurb é seo ceann des na blianta ina gceadaítear athraithe ar na rialacha céanna.

Chomh maith leis beidh an tUachtarán Liam O Néill ag éirí as agus Uachtarán nua, Aogán O Fearghail, gurb as an gCabhán é fhéinig, ag teacht i gcomharbacht air.

Beidh sé ar an tríú hUachtarán is tríocha ar Chumann Lúthchleas Gael, an chéad cheann ón gCabhán.

Fág freagra ar 'Na coláistí tríú leibhéal i lár an aonaigh iománaíochta'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Ta súil agam go dtabharfaidh sé ardú meanma don Chabhán teacht ar ais sa pheil mar a bhí said sna daiceadaí agus na caogsaidí.Sé mo bharúil gurbh iad an contae is mó ata craobh na hÉireann tuilte ach taréis Maigh Eó.