Na cluichí móra aar TG4 arís agus borradh ag teacht faoi chispheil in Éirinn athuair

Agus súil le slua mór ag cluichí ceannais na gcorn sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht an deireadh seachtaine seo, is léir go bhfuil suim á cur arís ag muintir na tíre seo sa chispheil

Na cluichí móra aar TG4 arís agus borradh ag teacht faoi chispheil in Éirinn athuair

Paul Freeman (Maigh Cuilinn) agus Justin Goldsborough (Sord). INPHO/Gary Carr

Is léiriú ar an athbheochan atá tagtha ar an gcispheil sa tír seo an scéal go bhfuil na ticéid ar fad díolta do chluiche ceannais chorn na bhfear idir Cill Easra agus Sord, a bheidh ar siúl amárach,.

Idir na fir agus na mná, imreofar 11 cluiche ceannais sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht an deireadh seachtaine seo agus fiú murar féidir ticéad a fháil, beidh deis agat na cluichí móra a  fheiceáil beo ar TG4.

Cé nach mbeidh na sluaite céanna ann anocht nó amárach agus a bhíodh i Staid Neptune nuair a bhí an chispheil in Éirinn i mbarr a réime sna 1980í, níl aon amhras ach go bhfuil teacht aniar á dhéanamh ag an spórt sa tír seo arís. Bhí tráth ann, áfach, a raibh cúrsaí cispheile i ndroch-chaoi.

Níl sé ach ceithre bliana ann ó chaill foireann Faoi 18 na hÉireann amach ar chluiche ceannais tábhachtach sa Fhrainc mar go raibh an bád abhaile ag fágáil ag an am céanna leis an gcluiche a bhí le himirt acu, ach tá rudaí imithe i bhfeabhas go mór ó shin.

Ní raibh foireann idirnáisiúnta féin ag fir na hÉireann idir 2010 agus 2016, ach tá duine de laochra na 1980í, Pete Strickland, ceaptha ina bhainisteoir anois. Bhí Strickland ar dhuine de na chéad Mheiriceánaigh a tháinig anall go hÉirinn chun imirt anseo, agus an dualgas anois air an fhoireann náisiúnta a chur bhóthar a leasa arís.

Tá beirt Éireannach, Jordan Blount agus Sean Flood, a bhuaigh an corn le Teach Mealóg anuraidh, anois ag imirt le coláistí i Meiriceá agus beidh siadsan lárnach sa scéal má éiríonn le foireann na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh amach anseo.

Ó thaobh fhoirne na mban, reáchtálfar Craobh Faoi 18 B na hEorpa i mBaile Átha Cliath an samhradh seo agus má éiríonn le foireann na hÉireann an tríú háit ar a laghad a bhaint amach, agus tá an mianach iontu a leithéid a dhéanamh, bainfidh siad áit amach i gCraobh A na hEorpa, rud nach ndearna aon fhoireann faoi aois ón tír seo riamh.

Sa bhaile, tá an cluiche ag dul i neart ar fud na tíre chomh maith. Tá foireann Mhaigh Cuilinn ag glacadh páirt sa Super League agus foirne as Dún na nGall agus Sligeach ag imirt i Roinn 1 den tsraith chomh maith. Imreoidh foirne as gach cúige i gcluichí ceannais i rith an deireadh seachtaine.


Cispheil Beo ar TG4

Dé Sathairn, 19:50 – Cispheil Beo: National Cup Finals

(Craoladh beo ar Pyrobel Killester v Griffith Swords Thunder i gCluiche Ceannais Chorn Hula Hoops Náisiúnta Cispheile na bhFear)

Dé Domhnaigh, 16:15 – Cispheil Beo: National Cup Finals

(Craoladh beo ar Liffey Celtics v Ambassador UCC Glanmire i gCluiche Ceannais Chorn Hula Hoops Náisiúnta Cispheile na mBan)


Is mór an mhaith go bhfuil cuid de laochra CLG na linne seo lárnach san athbheochan. Seans maith gurb é Kieran Donaghy an t-aon imreoir cispheile ón tír seo a bhfuil aithne ag formhór de mhuintir na hÉireann air, agus tá scoth na hoibre déanta aige i dTrá Lí chun Tralee Town a fhorbairt I mbliana, ghlac foireann Thrá Lí páirt sa roinn is airde den tsraith, an Super League, den chéad uair ó 2009.

Fearacht Thrá Lí, tá imreoirí aitheanta CLG ag tacú le foireann Shligigh, atá ag tabhairt aghaidh ar Neptune i gcluiche ceannais Chorn an Uachtaráin anocht. D’imir Aidan O’Shea dóibh an séasúr seo agus is imreoir tábhachtach dóibh é iarpheileadóir Mhaigh Eo, Ronan McGarrity.

Ar ndóigh, tá obair fós le déanamh acu más fúthu an sampla a thug fathach lár na páirce eile ó Mhaigh Eo, Liam McHale, a leanúint. Ba é McHale laoch Bhéal an Átha nuair a d’éirigh leis corn náisiúnta a bhuachan lena fhoireann bhaile i 1991.

Tá údar misnigh agus spreagadh le fáil anocht acu siúd nach bhfuil ach ag tosú amach. I gcluiche mór na mban, beidh Ceiltigh na Life ag imirt ina gcéad chluiche ceannais náisiúnta cé nach bhfuil siad ar an bhfód ach le beagán os cionn deich mbliana.

Má leanann an dul chun cinn céanna ar aghaidh ar feadh cúpla bliain eile, b’fhéidir nach fada go mbeadh laethanta órga na 1980í ar ais chugainn arís.